Fógraíonn an tAire Sláinte maoiniú imfhálaithe ar luach €2 mhilliún do thaighde ar shláinte na mban do 2026 agus 2027
- Foilsithe: 18 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Nollaig 2025
D’fhógair an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD inniu maoiniú ar luach €2 mhilliún do thaighde ar shláinte na mban. Is í seo an chéad uair a bhfuil maoiniú taighde na hÉireann tiomnaithe go sonrach do shláinte na mban.
Tá maoiniú suas le €1 milliún gach bliain in 2026 agus 2027 curtha i leataobh ó Chiste Sláinte na mBan ina Roinn. Leithdháilfear an maoiniú seo don Scéim um Applied Partnership Awards maidir le Taighde Sláinte na mBan a riarfar tríd an mBord Taighde Sláinte. Tríd an infheistíocht seo, rachfar i ngleic le bearna stairiúil eolais, chomh maith le tuiscint ar shaincheisteanna sláinte na mban agus tionchar inscne ar thorthaí agus ar thaithí sláinte a fheabhsú.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
"Go stairiúil, rinneadh neamhaird ar thaighde ar shláinte na mban agus ní raibh dóthain maoinithe aige, rud a fhágann bearnaí i dtuiscint ar riochtaí a théann i bhfeidhm ar mhná, moill ar dhiagnóis, agus cóireálacha bunaithe ar shonraí fireann.
"I mí Lúnasa seo caite, sheol mé an tuarascáil Femtech in Ireland: The Case for Prioritizing Women’s Health Research and Innovation. Sa tuarascáil sin, iarradh ar an Stát glaonna maoinithe dírithe a sheoladh do thaighde sláinte na mban. Tá áthas orm gur féidir liom freagairt don ghlao sin inniu tríd an gclár taighde suntasach seo a fhógairt.
“Tacóidh an maoiniú seo atá ceadaithe agam le tionscadail a chabhróidh le bearnaí san eolas a líonadh agus ár dtuiscint ar shláinte na mban a mhéadú, agus is í an aidhm dheiridh de ná torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach do mhná i ngach céim den saol.”
Seolfaidh an HRB glao foirmiúil ar thograí taighde i mí Eanáir, agus suas le 10 ndámhachtain le bronnadh. Cé go gclúdaíonn an glao gach réimse maidir le sláinte na mban, tá téamaí taighde sonracha sainaitheanta freisin, tar éis rannpháirtíocht le geallsealbhóirí agus cleachtaí éisteachta le mná a bheith déanta ag an Tascfhórsa um Shláinte na mBan. Bhí an roghnú téama bunaithe ar anailís ar léarscáil fianaise agus bearna déanta agus foilsithe ag an HRB i Meán Fómhair 2025.
Is iad na téamaí sonracha ná;
- Meabhairshláinte Iar-Bhreithe, le béim ar leith ar bhreitheanna trámacha
- Inmheatróis
- Míostrú
- Cúram Sláinte atá Íogair ó thaobh Cultúir de, Tionchair Trasnacha ar Shláinte na mBan
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Bhoird Taighde Sláinte, an Dr Gráinne Gorman:
“Aithníodh bearnaí soiléire i dtaighde sláinte na mban inár n-athbhreithniú fianaise agus bearnaí le déanaí ar fud 38 tír OECD, Éire san áireamh. Trí an maoiniú seo a sholáthar, tá sé mar aidhm againn na bearnaí sin a réiteach, cúram níos fearr a chur ar fáil agus torthaí do mhná a fheabhsú.
“Tá an Bord um Thaighde Sláinte tiomanta do thaighde ar shláinte na mban a chur chun cinn trí chur chuige comhchruthaithe. Trí oibriú i gcomhpháirtíocht leis an bpobal, le geallsealbhóirí agus le húsáideoirí eolais, bíonn an taighde ábhartha agus cuimsitheach, atá in ann difear ceart a dhéanamh.”
Tá impleachtaí ag eisiamh stairiúil na mban ó thaighde leighis maidir le diagnóis agus cóireáil galair i measc na mban, mar thoradh ar an easpa eolais ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag riochtaí agus cóireálacha áirithe ar mhná.
Tá an Roinn Sláinte ag obair chun aghaidh a thabhairt air seo trína dhá Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan, a foilsíodh in 2022 agus 2024. Tá gníomh sonrach sa dá Phlean Gníomhaíochta chun an bonn fianaise do chur chuige sláinte na mban in Éirinn a mhéadú trí thacú le taighde sa réimse seo.
Tá clár sláinte na mban ag iarraidh dul i ngleic leis na bearnaí taighde le blianta beaga anuas agus tacaíocht tugtha do roinnt tionscadal taighde chun forbairt beartais a threorú níos fearr. Léiríonn na Applied Partnership Awards nua i dTaighde Sláinte na mBan cur chuige níos struchtúrtha agus níos straitéisí maidir le taighde a choimisiúnú sa réimse seo.
Nótaí
Foilsíodh an chéad Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan in Éirinn in 2022.
Foilsíodh an dara Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2024-2025 Céim 2: Éabhlóid i Sláinte na mBan in 2024.
Foilsíodh athbhreithniú an HRB, Cóireáil Sláinte na mBan - Idirghabhálacha agus Torthaí i Meán Fómhair 2025. San athbhreithniú fairsing seo, scrúdaíodh breis is 2,000 staidéar Béarla i 38 tír OECD, Éire san áireamh. Leag sé béim ar bhearnaí inar féidir le taighde aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus tosaíochtaí na sochaí a bhí aitheanta ag mná agus léirigh sé bearnaí suntasacha i dtuiscint ar riochtaí a théann i bhfeidhm ar mhná lena n-áirítear neamhthorthúlacht, meanapás agus meabhairshláinte tar éis breithe linbh.