Fógraíonn an tAire Sláinte tús le cainteanna foirmiúla le Cumann Cúraim Sláinte na hÉireann don Chógaisíocht
- Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 1 Deireadh Fómhair 2025
D’fhógair an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, inniu go bhfuil tús curtha le plé idir an Stát agus Cumann Cúraim Sláinte na hÉireann don Chógaisíocht (IPHA) maidir le Creataí-Chomhaontuithe maidir le Praghsáil agus Soláthar Cógais.
Cabhróidh na cainteanna seo leis an bhforbairt den Chomhaontú ilbhliantúil nua, a thacaíonn le hinbhuanaitheacht airgeadais a bhaineann le cógais agus a fheabhsaíonn rochtain ar chógais nua nuálacha d’othair.
Tagann tús na gcainteanna foirmiúla seo i ndiaidh idirbheartaíochta fairsinge roimh ré, idir an Roinn Sláinte, an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus IPHA.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Tá áthas orm go bhfuil tús curtha anois leis na cainteanna foirmiúla seo. Tá an caidreamh fadbhunaithe seo tábhachtach, go háirithe d’othair in Éirinn, agus tá sé ag cur le soláthar inbhuanaithe cógas nuálach.
"Táimid tiomanta i gcónaí do thacú le rochtain thráthúil ar chógais nua agus nuálacha. Ar son leasa na n-othar atá an comhoibriú leanúnach idir an Stát agus an tionscal cógaisíochta, go háirithe maidir lenár spriocanna comhroinnte le cinntí a dhéanamh ar iarratais laistigh de chomhthéacs na reachtaíochta atá ann cheana féin.
“Táim ag súil go mór le leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhpháirtíocht leis an tionscal cógaisíochta chun ár n-uaillmhian chomhroinnte maidir le rochtain agus inacmhainneacht fheabhsaithe ar chógais in Éirinn a bhaint amach.”
Nótaí
Tá comhaontuithe déanta ag an Stát leis an tionscal cógaisíochta ó na 1970idí, rud a thugann deimhneacht agus cobhsaíocht do sholáthar agus do phraghsáil cógas.”
Síníodh Comhaontú 2021-2025 le Cumann Cúraim Sláinte na hÉireann don Chógaisíocht i mí na Nollag 2021. Síníodh Comhaontú comhuaineach le Medicines for Ireland (MFI) in 2021 freisin. Déanfaidh an Stát idirbheartaíocht faoi leith le MFI maidir le Comhaontú comharba féideartha in am trátha.
Cuireadh €158 milliún ar fáil i mbuiséid 2021 go 2025 le haghaidh cógas nua. Tá an maoiniú seo sa bhreis ar an maoiniú bliantúil do chógais atá méadaithe go dtí os cionn €3 billiún in aghaidh na bliana. Chuir sé seo ar chumas an FSS 238 cógas nua a cheadú d’othair in Éirinn.