Fógraíonn an tAire Sláinte Clár Vacsaínithe RSV leathnaithe
- Foilsithe: 21 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 21 Lúnasa 2025
D’fhógair an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD inniu go mbeidh Clár Vacsaínithe Víreas Sincitiach Riospráide (RSV) leathnaithe ann i rith an Gheimhridh 2025-2026.
Cuirfear an vacsaíniú ar fáil in ospidéil mháithreachais do gach leanbh a rugadh idir an 1 Meán Fómhair 2025 agus an 28 Feabhra 2026. Beidh sé ar fáil freisin do leanaí atá faoi bhun sé mhí d'aois ar an 1 Meán Fómhair, chun cosaint a thabhairt dóibh roimh an mborradh séasúrach maidir le hionfhabhtú RSV níos déanaí san fhómhar/sa gheimhreadh.
Forbraíodh clár na bliana seo i ndiaidh meastóireachta ar chlár First Pathfinder a ritheadh go rathúil le linn shéasúr RSV 2024-2025. Rinneadh beagnach 22,500 naíonán a vacsaíniú anuraidh le Nirsevimab, antasubstaint mhonaclónach, agus bhí ráta glactha de thart ar 83% san iomlán ann.
Mar thoradh air sin, meastar gur tháinig laghdú 65% ar líon na gcásanna RSV i rith an tséasúir i gcomparáid le 2023-2024.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Tá na sonraí maidir le galair a bhaineann le RSV an-láidir. An geimhreadh seo caite amháin, meastar gur tháinig laghdú 57% ar líon na ndaoine a bhí i láthair sa Roinn Éigeandála, laghdú 76% ar líon na ndaoine a cuireadh san ospidéal agus laghdú 65% ar líon na ndaoine a cuireadh isteach san ICU i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Léiríonn an laghdú suntasach seo cé chomh héifeachtach is atá imdhíonadh maidir lenár ndaoine is óige agus is leochailí a chosaint.”
"Do thuismitheoirí nua, thug sé suaimhneas ollmhór dóibh a bheith cinnte go bhfuil a leanbh cosanta ar ghalar a d'fhéadfadh a bheith tromchúiseach. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na foirne tiomanta ar fud Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bhain an t-éacht seo amach dúinn.”
"Inniu, tá áthas orm a fhógairt go bhfuilimid ag leathnú an chláir imdhíonta RSV tuilleadh. Chomh maith le leanaí nuabheirthe á fháil in ospidéil mháithreachais, beidh gach leanbh faoi bhun sé mhí d'aois ar an 1 Meán Fómhair 2025 incháilithe anois le haghaidh vacsaínithe saor in aisce ag a gclinic áitiúil, roimh an méadú a bhfuiltear ag súil leis ar ionfhabhtuithe RSV níos déanaí i dtréimhse an fhómhair/an gheimhridh. Is céim ríthábhachtach í seo, toisc go bhfuil an baol d’ionfhabhtú RSV tromchúiseach is airde sna míonna is luaithe den saol."
"Molaim do gach tuismitheoir an deis seo a thapú chun sláinte a linbh a chosaint. Ní hamháin go gcosnaíonn sé seo teaghlaigh aonair ach laghdaíonn sé an brú ar ár seirbhís sláinte freisin, a chabhraíonn le hacmhainní a chur san áit is mó a bhfuil gá leo."
Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an tOllamh Ellen Crushell:
“Is fearr i bhfad cosc ná cóireáil, agus is céim iontach chun cinn í a bheith in ann leanaí a chosaint ar thinneas tromchúiseach mar gheall ar RSV agus muid ag labhairt faoi shláinte leanaí agus an daonra.
“ Rinne péidiatraithe cur síos ar Nirsevimab mar “game changer”, a laghdaíonn líon na ngalar, déine na gcásanna, chomh maith le scaipeadh RSV chuig daoine atá leochaileach. Mholfainn do gach tuismitheoir do leanaí incháilithe machnamh ceart a dhéanamh ar an vacsaíniú seo dá leanbh chun a riosca tinnis a laghdú i rith an gheimhridh agus chun cabhrú le sláinte daoine eile timpeall orthu a chosaint.”
Beidh an Clár Vacsaínithe RSV á oibriú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Déanfar vacsaíní a riaradh ón 1 Meán Fómhair in ospidéil mháithreachais agus i gclinicí ar fud na tíre i rith mhí Mheán Fómhair. Fógrófar tuilleadh sonraí faoi chlinicí imdhíonta agus conas coinní a chur in áirithe sna laethanta amach romhainn.