English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D'fhógair an tAire Sláinte creat reachtúil náisiúnta atá le teacht gan mhoill le haghaidh seirbhísí deonaithe agus trasphlandaithe

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Bealtaine 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Bealtaine 2025

D’fhógair an tAire Sláinte, Jennifer Carroll Mac Néill TD, inniu go gcuirfidh sí tús le Cuid 2 den Acht um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí) 2024, maidir le deonú agus trasphlandú, an 17 Meitheamh 2025.

Agus machnamh á dhéanamh aici ar thábhacht na céime sin, dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Agus an chuid sin den Acht á cur i bhfeidhm againn, táimid ag soláthar, den chéad uair, creat reachtúil náisiúnta do sheirbhísí deonaithe agus trasphlandaithe in Éirinn.

"Tá córas éasca rogha an diúltaithe do dheonú orgán mar chuid den reachtaíocht. An chiall atá leis sin ná nuair a fhaigheann duine bás glactar leis gur mhian leis a orgáin a dheonú tar éis a bháis murar chuir sé i gcoinne deonaithe.

"Is tráth suntasach é sin do chúram sláinte in Éirinn agus beidh meas ar mhianta deontóirí ionchasacha ina chuid bhunúsach de. Rachfar i gcomhairle le baill den teaghlach i gcónaí sula ndéanfar aon ghníomh.”

Leathnóidh an tAcht conairí freisin le haghaidh deonú orgán beo agus altrúíoch. Tá sé mar aidhm ag na bearta sin líon na ndeontóirí in Éirinn a mhéadú trí dheonú orgán a dhéanamh mar “chuid den ghnáthrud”, agus meas iomlán á léiriú ar mhianta daoine agus a dteaghlaigh.

Fógraíodh an t-athrú atá le teacht ag an am céanna le Seachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán na bliana seo. Ag labhairt dí le téama na bliana seo, Ná Fág Do Mhuintir in Amhras, dúirt an tAire Carroll MacNeill:

"Tóg an t-am le labhairt le do theaghlach faoi dheonú orgán agus cinntigh go mbeidh do roghanna ar eolas acu agus go mbeidh meas acu orthu. Féadfaidh do phlé agus do chinneadh difríocht a dhéanamh do dhaoine eile a athraíonn an saol”.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an athrú atá le teacht tabhair cuairt le do thoil ar www.gov.ie/organdonation


Nótaí don Eagarthóir:

Tacaíochtaí do Sheirbhísí Deonaithe agus Trasphlandaithe Orgán

An tAcht um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí)) 2024

  • Dréachtaíodh an tAcht chun foráil a dhéanamh:
    • coinníollacha ginearálta maidir le horgáin agus fíochán a bhaint, a dheonú agus a úsáid ó dhaoine éagtha agus ó dhaoine beo le haghaidh trasphlandú
    • rialacháin do scrúduithe iarbháis neamhchróinéara agus cróinéara araon i suíomhanna ospidéil agus neamh-ospidéil
    • coinníollacha ginearálta agus rialacháin maidir le scrúdú anatamaíocha
    • coinníollacha ginearálta agus rialacháin maidir le taispeáint phoiblí de choirp tar éis an bháis
  • Tugann an tAcht isteach ceanglas reachtúil nua maidir le toiliú ar fud na ngníomhaíochtaí sin go léir chomh maith le cosaintí chun sláine an choirp dhaonna a chosaint roimh agus tar éis an bháis, agus chun cosc a chur ar aon orgán a choinneáil gan toiliú sa todhchaí.
  • Tá córas éasca rogha an diúltaithe do dheonú orgán mar chuid den acht maidir le toiliú le haghaidh deonú orgán. Faoin reachtaíocht sin, measfar toiliú do dheonú orgán ach amháin sa chás gur dhiúltaigh an duine, le linn dó a bheith beo, a bheith ina dheontóir orgán tar éis an bháis. Is é sin le rá, nuair a chuirfear tús leis an Acht, glacfar leis go bhfuil duine toilteanach a orgáin a dheonú tar éis a bháis, mura ndéanfaidh sé ráiteas agóide i gcoinne deonaithe. Roimhe seo, bhí an neasghaol freagrach as cinntí a dhéanamh faoi dheonú orgán.
  • Leanfar le dul i gcomhairle le teaghlaigh mar chuid de phróiseas deonaithe orgán atá sábháilte agus measúil, agus ba cheart go mbeadh mianta an duine nach maireann lárnach in aon chinneadh.
  • Cuireann an tAcht creat ar fáil freisin maidir le deonú orgán, fíocháin agus ceall ó dheontóirí beo agus tugtar isteach bonn reachtach le haghaidh deonú beo altrúíoch neamhthreoraithe [i.e. deonú ó dheontóirí beo don chóras trasphlandaithe, ní do dhuine sonrach, i gcás inar féidir deonuithe a shannadh d’othair atá sainaitheanta ag an bhfoireann chliniciúil.]
  • Táthar ag súil go gcuideoidh tosú Chuid 2 den Acht, a bhaineann le deonú orgán agus trasphlandú, an 17 Meitheamh 2025 agus cur i bhfeidhm na mbeart iarmhartach leis an líon deontóirí in Éirinn a mhéadú agus spreagfar deonú orgán chun saolta a shábháil i gcúinsí nuair is féidir sin.

Maoiniú €2 mhilliún do 2025

  • D'fhógair an tAire Sláinte €2 mhilliún breise de mhaoiniú forbartha nua do sheirbhísí trí Dheonú Orgán agus Thrasphlandú Éireann chun tacú leis na haschuir agus an leas is fearr a bhaint astu, arb rudaí iad a thagann ó chur chun cinn an ghealltanais seo de Chlár an Rialtais.
  • Tacóidh le agus feabhsóidh an maoiniú sin seirbhísí deonaithe orgán agus trasphlandaithe, ag cur le cumas na hÉireann trasphlandú orgáin a shábhálann beatha a chur ar fáil. Níos cruinne fós, cuirfidh sé na rudaí seo a leanas ar fáil:
    • forbairt an struchtúir náisiúnta de Dheonú agus Trasphlandú Orgán Éireann;
    • leathnú an Iniúchta Náisiúnta Deontóirí Féideartha;
    • infreastruchtúr méadaithe foirne do dheonú orgán; agus
    • forbairt na Seirbhíse Náisiúnta Aisghabhála Orgán.
  • Is é an sprioc ná:
    • infhaighteacht orgán le haghaidh trasphlandú a mhéadú;
    • an liosta feithimh trasphlandaithe reatha de 676 duine a laghdú; agus
    • deonú orgán a chur chun cinn trí chur i bhfeidhm an Achta um Fhíochán Daonna 2024.

Seachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán 2025

  • Beidh Seachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán 2025 ar siúl idir Dé Sathairn 10 agus Dé Sathairn 17 Bealtaine agus á heagrú ag Cumann Duán na hÉireann i gcomhar le Deonú agus Trasphlandú Orgán Éireann de chuid FSS.
  • Tá feachtas Sheachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán bunaithe i mbliana ar an téama 'Ná Fág Do Mhuintir in Amhras!' #NáFágAmhras
  • Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas feasacht a ardú faoin tionchar tarrthála a bhíonn ag deonú orgán agus spreagadh a thabhairt do theaghlaigh labhairt lena ngaolta faoi dheonú orgán agus a chur in iúl dóibh cad iad na mianta atá agat má fhaigheann tú bás. Má roinneann tú do mhianta agus tú i ndea-shláinte ní bheidh an cinneadh chomh strusmhar sin do do theaghlach sa chás go dtéitear i dteagmháil leo de bharr gur deontóir orgáin féideartha tú.