Fógraíonn an tAire Sláinte gur tugadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht le hAontas Cógaiseoirí na hÉireann maidir le Comhaontú nua Cógaisíochta
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2025
Tá áthas ar an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, a fhógairt gur tugadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht idir an Stát agus Aontas Cógaiseoirí na hÉireann maidir le Comhaontú nua Cógaisíochta Pobail.
Rinneadh Comhaontú Cógaisíochta Pobail 2025 a thabhairt chun críche i ndiaidh cainteanna fada idir an Roinn, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Aontas Cógaiseoirí na hÉireann (IPU). Leagtar amach sa Chomhaontú cosán cuimsitheach agus leanúnach chun ról na cógaisíochta pobail i seirbhísí cúram sláinte na hÉireann a nuachóiriú agus a leathnú.
Agus í ag caint inniu, dúirt an tAire Sláinte:
“Leis an gcomhaontú seo cuirtear tús le ré nua don chógaisíocht phobail in Éirinn. Gabhaim mo bhuíochas ó chroí le hAontas Cógaiseoirí na hÉireann as a gcur chuige comhoibríoch sna cainteanna seo. Urlabhraí láidir don ghairm é IPU, agus is léiriú é an Comhaontú seo ar an méid is féidir a bhaint amach nuair a oibrímid i gcomhpháirtíocht le chéile.
“Tá cógaiseoirí pobail i measc na ngairmithe cúram sláinte is iontaofa agus is inrochtana. Tá sé de rún agam go gcuirfear le ról na gcógaiseoirí pobail agus go ndéanfar an ról sin a leathnú chun tacú le hothair agus chun acmhainneacht a thógáil inár seirbhísí sláinte. Leis an gComhaontú soláthraítear an struchtúr agus an conar chun an rún sin a bhaint amach sna blianta amach romhainn.”
Leis an gComhaontú Cógaisíochta Pobail 2025 tugtar tacaíocht do gealltanais chun seirbhísí cógaisíochta a leathnú, cuirtear infheistíocht nua ar fáil san earnáil, agus tacaítear le luach ar airgead agus le nuachóiriú agus athchóiriú digiteach.
Dúirt an tAire freisin:
"Tuigimid gur mian le hothair rochtain thráthúil a bheith acu ar chúram ina bpobail féin Tríd an gComhaontú seo, táimid ag cur ar chumas cógaiseoirí pobail níos mó a dhéanamh – tacú le bunú na Seirbhíse fadhbanna coitianta sláinte, seirbhís nua maidir le cógas neamhúsáidte a thabhairt ar ais a bhunú agus ról a fhorbairt do chógaslanna pobail i dtaca le bearta sláinte poiblí a thacú, lena n-áirítear díriú ar rannpháirtíocht mhéadaithe sa tSeirbhís BowelScreen. Baineann sé seo le cúram sláinte a dhéanamh níos freagraí, níos inbhuanaithe agus dírithe níos mó ar riachtanais na n-othar”.
Cuirfear an Comhaontú Cógaisíochta Pobail i bhfeidhm ar bhonn céimnithe agus tacófar leis trí rannpháirtíochtaí struchtúrtha idir an Roinn, FSS agus IPU.
Nótaí
Bhí plé agus cruinnithe leanúnacha ar siúl, i bhformáidí éagsúla, idir an Roinn, FSS agus IPU thar thréimhse fhada ama. Sa phlé sin díríodh ar ról an chógaiseora phobail, na hacmhainní atá i bhfeidhm maidir le seirbhísí reatha, na castachtaí riaracháin a bhaineann le cleachtas cógaiseoirí pobail agus raon feidhme chleachtas cógaiseoirí agus cógaslanna pobail a leathnú.
Tá struchtúr agus treoir bhreise curtha leis ag an Tascfhórsa Saineolaithe chun tacú le leathnú na Cógaisíochta in Éirinn i dtreo athchóiriú agus leathnú a dhéanamh ar ról na gcógaiseoirí agus na cógaisíochta pobail.
Leis an gComhaontú Cógaisíochta Pobail 2025, arna thabhairt i gcrích idir an Stát agus IPU, cuirfear bonn struchtúrtha breise ar fáil chun uaillmhianta comhroinnte a chur chun cinn. Tacófar leis seo le hinfheistíocht nua €25 milliún i gCógasaíocht Pobail i mbliana agus €50 milliún in 2026, chomh maith le cinntiú go ndíreofar leis an infheistíocht fhoriomlán i gcógasaíocht pobail ar nuachóiriú agus ar dheiseanna seirbhíse nua.