Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an tAire Sláinte ar an gcruinniú EPSCO de na hAirí Sláinte AE i Lucsamburg.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Meitheamh 2025
  • An t-eolas is déanaí: 20 Meitheamh 2025

Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, ina hionadaí ar Éirinn inniu ag Comhairle maidir le Fostaíocht, Polasaí Sóisialta, Sláinte, agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) i Lucsamburg.

Ar chlár oibre na cruinne EPSCO tá díospóireacht ann ar an moladh maidir le hAcht na nDrugaí Criticiúla, lón oibre a phléann cibearshlándáil in ospidéil agus soláthraithe cúraim shláinte, chomh maith le malartú tuairimí ar ghníomhartha na hEorpa maidir le cosc, lena n-áirítear tomhaltas alcóil agus tobac. Beidh an Chomhairle freisin ag ceadú Conclúidí ar mheabhairshláinte leanaí agus daoine óga a chosaint, i saol na dteicneolaíochtaí digiteacha nua-aimseartha agus na meán sóisialta.

Ar son na hÉireann, na Beilge, na hEastóine, na Fionlainne, na Fraince, na Laitvia, na Liotuáine, Mhálta, na hÍsiltíre, na Slóivéine, na Cróite agus na Spáinne, iarrfaidh an tAire ar an gCoimisiún Eorpach an Treoir um Tháirgí Tobac athbhreithnithe a thabhairt chun cinn chomh luath agus is féidir. Is glao práinneach é ag leibhéal an AE chun daoine óga a chosaint ar na díobhálacha mar gheall ar tháirgí tobac agus nicitín.

Dúirt an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD:

"Táim an-sásta a bheith i láthair anseo le comhghleacaithe sláinte ó ar fud na hEorpa don chruinniú EPSCO seo. Tá sé thar deich mbliana anois ó cuireadh an Treoir um Tháirgí Tobac reatha i bhfeidhm. Ó shin i leith, tá an margadh tar éis athrú go suntasach agus tá táirgí nua le nicitín iontu, mar shampla galtoitíní agus púitsí ar an margadh.

“Mar Aire Sláinte, táim ag iarraidh daoine óga a chosaint ar na díobhálacha a bhaineann le táirgí tobac agus nicitín agus tá Éire, mar aon le comhghleacaithe ó Bhallstáit eile atá ar an intinn chéanna, ag iarraidh go bfoilseofar Treoir athbhreithnithe an AE.

"I gcás nach bhfuil an Treoir á nuashonrú, tá Ballstáit aonair tar éis leanúint ar aghaidh lena mbeartais féin maidir le blasanna agus pacáistíocht galtoitíní, chomh maith le cosc a chur ar tháirgí aon uaire agus beartais tobac a achtú, mar a bhí déanta in Éirinn le déanaí, chun aois an díola do tháirgí tobac a mhéadú go 21 bliain d’aois.

"Tá na bearta seo ag leibhéal na mBallstát tábhachtach chun ár ndaoine a chosaint. Sin é an fáth go n-iarrann Éire, agus gach ceann de na Ballstáit a shínigh an litir le déanaí chuig an gCoimisinéir Várhelyi, ar an gCoimisiún an Treoir maidir le Táirgí Tobac a chur chun cinn a luaithe agus is féidir."

Beidh cruinniú déthaobhach ag an Aire leis an gCoimisinéir Eorpach um Shláinte agus Leas ainmhithe, Olivér Várhely, ar ullmhacht na hÉireann don Uachtaránacht ar an gComhairle i mí Iúil 2026, a phlé.