Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Díríonn an tAire Sláinte aird ar thorthaí feabhsaithe mar thoradh ar Thionscnaimh Cúraim Fhíorúil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Eanáir 2026
  • An t-eolas is déanaí: 9 Eanáir 2026

Dhírigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, aird inniu ar an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le cur i bhfeidhm agus leathnú an Chúraim Fhíorúil ar fud na hÉireann, ag soláthar torthaí feabhsaithe d’othair agus ag maolú an bhrú ar acmhainn ospidéal.

Ó bunaíodh dhá bharda fhíorúla ghéarmhíochaine phíolótacha in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus in Ospidéal Ollscoile Luimnigh, tá breis agus 1,500 othar glactha isteach, atá comhionann breis agus 13,800 lá leapacha fíorúla, ag cur spáis ríthábhachtach ar fáil san ospidéal.

Tá ceithre bharda fhíorúla nua oscailte anois in Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha, in Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, An Tulach Mhór, in Ospidéal Ollscoile na Trócaire, Corcaigh, agus in Ospidéal Naomh Lúcás, Cill Chainnigh, agus tá pleananna ann barda fíorúil géarmhíochaine eile a sheoladh in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe go luath in 2026.

Tá cúram fíorúil ag éirí ina chur chuige níos riachtanaí maidir le cúram géarmhíochaine a chur ar fáil sa bhaile d’othair a mbeadh gá leo a chur san ospidéal murach sin. Tá bardaí fíorúla pobail bunaithe freisin, agus iad sin, i dteannta le réimse Tionscadal Seedling, ag baint leas as teicneolaíocht dhigiteach chun cúram sláinte atá faoi stiúir cliniciúil a chur ar fáil d’othair ar fud na tíre.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Is scéal ratha iontach é cur i bhfeidhm agus leathnú na mbardaí fíorúla ar fud na hÉireann a léiríonn conas is féidir le teicneolaíocht cúram sláinte éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe a chur ar fáil, rud a fhágann torthaí atá intomhaiste níos fearr.

“Ní hamháin go bhfuil na samhlacha nuálacha seo ag feabhsú torthaí othar agus ag tacú le téarnamh sa bhaile, ach tá siad ag cabhrú freisin leis an mbrú ar ár n-ospidéil a mhaolú. Molaim tiomantas na ngairmithe cúram sláinte agus na bhfoirne áitiúla atá ann le gur féidir an claochlú seo a chur i gcrích agus táim fós tiomanta lena chinntiú go mbainfidh gach réigiún leas as dul chun cinn den sórt sin sa chúram.”

Ag tógáil ar an rath seo, tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag leathnú gach cineál samhail barda fíorúil ar fud na tíre. Tá Leitir Ceanainn ar thús cadhnaíochta i gCúram Fíorúil agus bhí sí ar cheann de na chéad ceantair chun glacadh le coincheap an bharda fhíorúil. Ag díriú ar ghalair riospráide ar dtús, tá torthaí suntasacha léirithe ag barda fíorúil Leitir Ceanainn, lena n-áirítear laghdú 18% ar ghlacadh géarmhíochaine chuig Ospidéal Leitir Ceanainn in 2025. I measc tionscnamh eile tá an Barda Fíorúil Pobail i nGort na Silíní, a fhreastalaíonn go príomha ar dhaoine fásta níos sine a mbeadh cúram ospidéil ag teastáil uathu murach sin, rud a ligeann d’othair cúram ar ardchaighdeán a fháil sa bhaile agus iad á gcosaint ó ionfhabhtuithe a fhaightear san ospidéal.

Luaigh an Príomh-Oifigeach Altranais, Rachel Kenna:

“Is céim shuntasach chun cinn don chúram atá dírithe ar an othar in Éirinn é feidhmiú céimneach na mbardaí fíorúla. Trí leas a bhaint as teicneolaíocht agus nuálaíocht, táimid ag tabhairt cumhachta do dhaoine cóireáil ríthábhachtach a fháil sa bhaile agus ag an am céanna ag neartú ár seirbhís sláinte do chách.”

Tá leathnú seachadadh an chúraim fhíorúil lárnach i misean na Roinne Sláinte chun sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a fheabhsú.Leagann “Digital for Care: Creat Sláinte Digiteach d'Éirinn 2024-2030”amach treochlár chun seirbhísí sláinte in Éirinn a chlaochlú go digiteach agus rochtain d’othair a fheabhsú. Is cuid d’iarrachtaí níos leithne chun an tseirbhís sláinte a athrú as éadan agus a nuachóiriú é bardaí fíorúla a bhunú agus a scálú, agus ardchaighdeán seirbhísí á chinntiú agus an luach is fearr á bhaint as acmhainní an chórais sláinte.

Is cuid de na réamh-mheastacháin pleanála fadtéarmacha don lucht saothair sláinte agus den obair atá ar bun maidir le riachtanais lucht saothair amach anseo é an páipéar Ireland’s Future Health and Social Care Workforce d’fhoilsigh an tAire Sláinte ar an 23 Nollaig 2025. Tá sé riachtanach go n-uasmhéadófar réitigh nua agus nuálacha, amhail teicneolaíochtaí sláinte digiteacha, intleacht shaorga, agus cúram fíorúil, chun seachadadh cúraim a fheabhsú, acmhainní a bharrfheabhsú agus feidhmíocht fhoriomlán an chórais sláinte a fheabhsú.

Tá bardaí fíorúla ag tacú le forbairt samhlacha nuálacha cúraim mar a shamhlaítear faoi Shláintecare, agus tá sé riachtanach an meascán ceart de ghairmithe cúram sláinte a fheistiú leis na scileanna cearta, le tacaíocht ó theicneolaíocht dhigiteach, chun lucht saothair inbhuanaithe na todhchaí a chinntiú.

Tá an Roinn Sláinte fós tiomanta do thionscnaimh chúraim fhíorúil atá nuálach agus faoi stiúir cliniceoirí a leathnú chuig gach réigiún in Éirinn, lena chinntiú go bhfuil rochtain chothrom ar chúram sláinte ardchaighdeáin. Trí réimse cur chuige a ghlacadh, is féidir le réigiúin réitigh a chur in oiriúint chun aghaidh a thabhairt ar a ndúshláin uathúla, déimeagrafaic an daonra agus riachtanais acmhainní, lena chinntiú go soláthraítear an cúram ceart go díreach san áit cheart, ag an am ceart.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat