Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Eisíonn an tAire Sláinte meabhrúchán maidir le páirt a ghlacadh i nglao ar aighneachtaí ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh (NSAC)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 4 Meán Fómhair 2025

Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, ag meabhrú do dhaoine inniu go bhfuil Glao ar Aighneachtaí 2025 ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh le dúnadh ar an Aoine an 12 Meán Fómhair 2025.

Is coiste neamhspleách é NSAC a dhéanann moltaí don Aire Sláinte maidir le cláir scagthástála nua daonra-bhunaithe a thabhairt isteach nó maidir le hathruithe ar chláir atá ann cheana féin.

Is próiseas bliantúil é an Glao ar Aighneachtaí seo, a thugann cuireadh do dhaoine den phobal agus do ghairmithe sláinte aighneachtaí a dhéanamh maidir le cláir scagthástála in Éirinn. Tá na haighneachtaí seo tábhachtach chun bonn eolais a chur faoi chlár oibre an Choiste agus maidir le beartas scagthástála a mhúnlú.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Tá cláir scagthástála don daonra ríthábhachtach chun galair a bhrath go luath agus chun torthaí cóireála níos fearr a fháil, rud a laghdaíonn básmhaireacht go minic. Tá an Rialtas tiomanta do na cláir seo a leathnú, agus soláthraíonn aighneachtaí fianaise riachtanach do mholtaí NSAC. Molaim do gach duine páirt a ghlacadh.”

Dúirt Cathaoirleach an NSAC, Dr Suzanne Crowe:

“Le spriocdháta don Ghlao ar Aighneachtaí 2025 ag druidim go gasta, ba mhaith liom spreagadh a thabhairt d’aon duine a bhfuil moladh acu le haghaidh clár scagthástála nua nó athrú molta ar chlár scagthástála atá ann cheana féin, aighneacht a dhéanamh sula ndúnann an Glao Dé hAoine an 12 Meán Fómhair 2025."

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuir aighneacht isteach go dtí seo. Tá siad seo ríthábhachtach chun a chinntiú go bhfuil cláir scagthástála náisiúnta na hÉireann fós bunaithe ar fhianaise agus go bhfreagraíonn siad do riachtanais an daonra i gceart. Tá an Coiste ag tnúth leis na haighneachtaí go léir a fuarthas a chíoradh ag cruinnithe níos déanaí sa bhliain.”

Dúirt Jonathan O’Grady, ionadaí ó Public Voice ar an gCoiste:

“Is deis ríthábhachtach í an Glao bliantúil ar Aighneachtaí do dhaoine aonair, do ghrúpaí abhcóideachta agus do chliniceoirí riochtaí a thabhairt isteach, a bheadh oiriúnach I gcomhthéacs scagthástála náisiúnta.

Ba mhaith liom gach duine a spreagadh chun páirt a ghlacadh, go háirithe iad siúd a bhraitheann nach bhfuil ionadaíocht leordhóthanach orthu nó a bhfuil taithí phearsanta acu le roinnt. Dá láidre na haighneachtaí, is láidre a bheidh ár gcláir scagthástála náisiúnta sa deireadh thiar.”

Dúirt Lora Ruth Wogu ionadaí Guth an Phobail ar an gCoiste:

"Tá scagthástáil ar cheann de na huirlisí is cumhachtaí atá againn chun saolta a athrú. Trí aighneacht a dhéanamh, tá deis againn mar ghrúpaí abhcóideachta agus mar phobail othar a chinntiú go gcloistear guthanna na dteaghlach agus go gcuirtear riochtaí faoi bhráid NSAC lena mbreithniú."

Beidh Glao ar Aighneachtaí 2025 ar oscailt go dtí 5pm Dé hAoine an 12 Meán Fómhair 2025. Tá sonraí iomlána maidir le conas aighneacht a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin NSAC.

Is féidir ceisteanna maidir leis an bpróiseas de Ghlao ar Aighneachtaí a sheoladh chuig NSAC_Secretariat@health.gov.ie.

Nótaí

Is coiste comhairleach neamhspleách é NSAC a chuireann comhairle ar an Aire agus ar an Roinn Sláinte maidir le gach togra nua do chláir scagthástála daonrabhunaithe agus athruithe ar chláir reatha.

Buaileann siad le chéile trí nó ceithre huaire in aghaidh na bliana. Tá baill ceaptha ag an Roinn Sláinte ar bhonn deonach, le hionadaíocht trasna réimse leathan saineolais.

Tá na sé chlár scagthástála reatha daonrabhunaithe thíos a leanas:

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an bpróiseas iarratais agus conas a mheastar iarratais ag an gCoiste, téigh chuig an suíomh NSAC nó déan teagmháil leis an rúnaíocht go díreach ag NSAC_Secretariat@health.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat