Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, roimh an dul chun cinn atá déanta sna Seirbhísí Inmheatróise ag Imeacht Ladies Lounge

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

Labhair an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD inniu ag imeacht Ladies Lounge i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, Ollscoil an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte, agus leag sí béim ar thiomantas leanúnach an Rialtais do sheirbhísí cúraim sláinte na mban a neartú agus a fheabhsú ag gach céim den saol.

Ba iad FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt agus Dámh an Altranais agus an Chnáimhseachais de chuid Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn a d’óstáil an t-imeacht, agus tugann sé gairmithe cúraim sláinte, cliniceoirí, taighdeoirí agus abhcóidí le chéile chun príomhcheisteanna a dhéanann difear do shláinte na mban a fhiosrú. Ina measc tá meabhairshláinte, cúram torthúlachta agus atáirgthe, meanapás, sláinte chardashoithíoch, inmheatróis, cúram ailse chíche agus straitéisí sláinte coisctheacha níos leithne.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Tá lúcháir orm a bheith anseo ag imeacht Ladies Lounge agus tiomantas, saineolas agus uaillmhian ár ngairmithe cúraim sláinte, ár gcliniceoirí agus ár n-abhcóidí a fheiceáil dom féin agus iad ag cur sláinte na mban chun cinn.

“Ba chéad chéim i dtreo conairí soiléire cúraim é foilsiú an Chreata Náisiúnta Inmheatróise anuraidh.Ó Mheán Fómhair 2025 i leith, táimid tar éis bogadh ó chóras ilroinnte go samhail chúraim struchtúrtha, chomhordaithe go náisiúnta, le haghaidh inmheatróise.

“Cé go bhfuil dúshláin fós ann agus muid ag leanúint den acmhainn a mhéadú, tá dul chun cinn suntasach ar leibhéal an chórais déanta againn sna réimsí tosaíochta ar fad a sainaithníodh. Leanfaimid dár gcuid oibre chun feasacht a mhúscailt, an t-am go dtí diagnóis a laghdú, agus cóireáil thráthúil éifeachtach a chinntiú don iliomad ban atá thíos leis an ngalar díblitheach seo.”

Le cur chun feidhme an Chreata agus le hacmhainní breise, tá dul chun cinn ollmhór déanta ó reáchtáladh an chéad Fhóram Othar Inmheatróise i mí Mheán Fómhair 2025:

  • Earcaíodh máinlia calaireicteach breise go rathúil i gCorcaigh, agus thosaigh máinlia calaireicteach sealadach ag obair i dTamhlacht i mí Aibreáin 2026, rud a neartaigh an acmhainn cúraim chasta.
  • Tugadh tosaíocht do 65 gairmí cúraim sláinte breise, ar bhonn coibhéise lánaimseartha, trí Phlean Seirbhíse Náisiúnta FSS 2026 chun an creat a leathnú agus a chur chun feidhme ina iomláine.
  • Tháinig méaduithe suntasacha ar líon na n-atreoruithe agus na gclinicí, agus tháinig méadú 67% ar ghníomhaíocht othar nua ar fud an líonra sa chéad ráithe de 2026.
  • Tá an HSE Endometriosis Surgery Abroad Interim Scheme (ESAIS) tar éis rochtain ar mháinliacht thar lear, i gcúig thír éagsúla ar fud na hEorpa, a éascú do 19 mbean go dtí seo, agus líon na n-iarratas ag méadú ó mhí go mí.
  • Cuireadh dhá ionad bhreise le liosta faofa FSS do ESAIS ó cuireadh tús leis i mí Dheireadh Fómhair 2025, agus meastar go gcuirfear ceann eile leis sna míonna atá amach romhainn.
  • Tá Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann ag cur i gcrích i mbliana nuashonrú cleachtais ghinearálta a bhaineann go sonrach le hinmheatróis.
  • Tá feachtas náisiúnta de chuid FSS maidir le sláinte mhíosta, lena n-áirítear inmheatróis, á fhorbairt.
  • Beidh seastán ‘Seirbhísí Inmheatróise FSS’ á óstáil ag Clár Náisiúnta Sláinte na mBan agus na Naíonán ag Craobhchomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo chun feasacht a mhúscailt agus daoine a threorú chuig faisnéis agus seirbhísí iontaofa.
  • Tagann Grúpa Comhairleach Inmheatróise, lena n-áirítear abhcóidí othar, le chéile gach mí.
  • Tá €2 mhilliún de mhaoiniú curtha i leataobh le haghaidh taighde ar gach gné de shláinte na mban, lena n-áirítear inmheatróis. Is é seo an chéad uair a tiomnaíodh maoiniú taighde in Éirinn go sonrach do shláinte na mban
  • Tá beirt oifigeach oideachais ag obair ar fud na tíre chun an clár cuimsitheach Menstrual Information Specialising in Endometriosis (MISE) a sholáthar, clár a bhfuil sé mar aidhm aige oideachas a chur ar dhaoine, go háirithe i scoileanna, i gclubanna spóirt agus in ionaid oibre, maidir le sláinte mhíosta, agus béim ar inmheatróis.
  • Tá maoiniú curtha ar fáil do dhá chomhaltacht bhuana dhá bhliain i réimse na hinmheatróise, agus táthar ag súil go gcuirfidh an chéad bheirt iarrthóirí a gcomhaltacht i gcrích i mí Iúil na bliana seo. Earcófar don dá phost comhaltachta ar bhonn athfhillteach, rud a chinnteoidh go mbeidh sruth leanúnach saineolais ag teacht isteach i seirbhísí poiblí inmheatróise.
  • Tá cliniceoirí ag leanúint orthu ag uasoiliú agus ag freastal ar imeachtaí oideachais Eorpacha atá dírithe ar bhainistiú inmheatróise.
  • Tá creidiúnú idirnáisiúnta ar ionaid inmheatróise na hÉireann ar bun, i gcomhpháirtíocht le saineolaithe idirnáisiúnta, chun dea-chleachtas a chaighdeánú agus caighdeáin chliniciúla a ardú go náisiúnta.
  • Mar chuid d’Uachtaránacht AE na hÉireann atá le teacht, tionólfar Comhdháil AE um Inmheatróis i mBaile Átha Cliath an 3 Nollaig 2026.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Tuilleadh eolais faoi Imeacht Ladies Lounge

Agus é ar siúl le linn Mhí Shláinte na mBan, dhírigh imeacht Ladies Lounge ar chleachtas fianaisebhunaithe a chur chun cinn, feasacht ar shaincheisteanna sláinte na mban a fheabhsú, agus conairí cúraim chomhtháite agus seirbhísí tacaíochta do mhná a neartú ar feadh a saoil.

Bhí cainteoirí saineolacha ó gach cuid den earnáil cúraim sláinte mar chuid d’imeacht Ladies Lounge, agus chlúdaigh siad réimse leathan ábhar, lena n-áirítear meabhairshláinte na mban, cúram iarbhreithe, sláinte atáirgthe agus seirbhísí torthúlachta, riosca a bhaineann le troimbeambólacht fhéitheach ar feadh ré an tsaoil, meanapás agus teiripe athsholáthair hormóin, sláinte chardashoithíoch na mban, tacaíochtaí i gcás breith anabaí athfhillteach, agus forbairtí atá ag teacht chun cinn i gcúram ailse chíche agus san athshlánú lena mbaineann.

D’fhreastail thart ar 150 toscaire ar an imeacht agus bhí rannchuidiú ann ó speisialtóirí cúraim sláinte ar fud FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt, ó Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, ó sheirbhísí máithreachais agus ó eagraíochtaí cúraim sláinte pobail. Chuir sé ardán ar fáil don fhoghlaim chomhroinnte, do mhalartú gairmiúil agus do phlé ar thodhchaí an chúraim sláinte atá dírithe ar mhná in Éirinn.

Is tionscnamh oideachais faoi stiúir altraí é Ladies Lounge atá tiomanta do shláinte na mban a chur chun cinn agus do mhná a chumhachtú trí oideachas, feasacht agus comhrá oscailte faoi shaincheisteanna sláinte nach raibh, go stairiúil, aitheanta ná pléite a ndóthain.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat