Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Sláinte Comhairliúchán Poiblí i ndáil leis an mBille maidir le Tástáil Chomhréireachta um na Gairmeacha Rialaithe (Sláinte agus Cúram Sóisialta) (Leasú)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Samhain 2025
  • An t-eolas is déanaí: 3 Samhain 2025

Sheol an tAire Sláinte, Jennifer Carroll Mac Néill T.D., comhairliúchán poiblí inniu maidir le comhréireacht na leasuithe reachtacha atá beartaithe ag an mBille um na Gairmeacha Rialaithe (Sláinte agus Cúram Sóisialta) (Leasú). Cuimsítear sa Bhille sin leasuithe ar roinnt Achtanna a thacaíonn le rialú gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta, lia-chleachtóirí, altraí, cnáimhseacha agus úinéirí cógaslainne.

Iarrtar leis an Treoir maidir le Tástáil Chomhréireachta (AE) 2018/958, a tháinig chun bheith mar chuid de dhlí na hÉireann in 2022, ar rialtais a chinntiú go bhfuil aon rialacha nua nó nuashonraithe do ghairmeacha rialaithe cothrom, réasúnta, agus nach bhfuil siad ró-shriantach. Baineann an comhairliúchán seo le haiseolas a fháil maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hathruithe atá beartaithe na caighdeáin sin.

Laistigh den chomhairliúchán poiblí seo, is é is aidhm do cheann de na príomh-athruithe atá beartaithe éifeachtúlacht na bpróiseas um fheidhmiúlacht chun cleachtadh a fheabhsú laistigh de Chomhairle na nDochtúirí Leighis agus de Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann araon. Cabhróidh na feabhsuithe sin le cosaint láidir an phobail a chinntiú, agus ag an am céanna beifear in ann gearáin a fhiosrú agus a réiteach ar bhealach níos tráthúla agus níos éifeachtaí.

Ina theannta sin, chun tacú le leathnú ról na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh i réimsí cliniciúla ar leith amach anseo, cuirfidh na leasuithe ar chumas bhoird chlárúcháin CORU caighdeáin a leagan síos do chláir oiliúna iarchláraithe atá nasctha le gníomhaíochtaí sonracha a mheastar a bheith ina rioscaí ar leith don phobal agus iad a cheadú—amhail atreorú chuig x-ghathanna. Féadfaidh cláraithe a bhfuil na hinniúlachtaí breise acu chun gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh iarratas a dhéanamh chun é sin a aibhsiú ar a gclárúchán ionas go mbeidh an pobal ar an eolas faoi inniúlacht an chleachtóra an ghníomhaíocht a dhéanamh.

Moltar sa Bhille freisin roinnt leasuithe oibríochtúla, teicniúla agus iarmhartacha eile atá dírithe ar éifeachtúlacht fhoriomlán na reachtaíochta a fheabhsú.

Tá faisnéis faoin gcomhairliúchán poiblí, lena n-áirítear conas páirt a ghlacadh ann, ar fáil anseo.

Nótaí

Foráiltear leis mBille maidir le Tástáil Chomhréireachta um na Gairmeacha Rialaithe (Sláinte agus Cúram Sóisialta) (Leasú) do leasuithe ar na hAchtanna seo a leanas:

  • An tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005
  • Acht na Lia-Chleachtóirí 2007
  • Acht na nAltraí agus na gCnáimhseach, 2011
  • Acht na nAltraí agus na gCnáimhseach, 2020

An Treoir maidir le Tástáil Chomhréireachta: Ceanglaítear leis an Treoir maidir le Tástáil Chomhréireachta 2018/958 a trasuíodh i ndlí na hÉireann i mí Lúnasa 2022 (IR 413/2022), ar na Ballstáit comhréireacht aon rialachán gairmiúil atá ag leasú nó ag tabhairt isteach bearta nua a d'fhéadfadh srian a chur ar rochtain ar ghairm rialáilte nó ar shaothrú gairme rialaithe. Toisc go mbeartaítear leis an mBille leasú a dhéanamh ar na forálacha rialála atá sna hAchtanna sin cheana féin, tá tástáil chomhréireachta á déanamh chun na leasuithe a scrúdú. Mar chuid den tástáil sin, tá comhairliúchán poiblí á dhéanamh chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a lorg maidir le comhréireacht na leasuithe ábhartha.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat