An tAire Sláinte ag ceiliúradh Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe 2026
- Foilsithe: 6 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 6 Bealtaine 2026
Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, tar éis Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe a cheiliúradh inniu, ag cur in iúl tacaíocht na hÉireann don tionscnamh seo. Is tionscnamh idirnáisiúnta é Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe atá faoi stiúir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), agus is cuid é dá bhfeachtas bliantúil domhanda “SAVE LIVES: Clean Your Hands”.
Cuireann Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe 2026 cleachtais sláinteachais láimhe is fearr chun cinn chomh maith le húsáid chuí lámhainní faoin téama “Sábhálann gníomh beatha”. Tá cleachtadh dea-shláinteachais láimhe ar cheann de na rudaí is tábhachtaí agus is simplí is féidir linn a dhéanamh chun ár sláinte a chosaint. D’fhéadfaí cuid mhór d’ionfhabhtuithe inseachanta a fhaightear le linn soláthar cúraim sláinte a chosc trí shláinteachas láimhe agus gníomhartha um chosc agus rialú ionfhabhtuithe (IPC) a dhéanamh ag na hamanna cearta.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Ba mhaith liom macalla a dhéanamh de théama fheachtas na hEagraíochta Domhanda Sláinte ‘SAVE LIVES: Clean Your Hands’.” Ní féidir éifeachtacht shláinteachas láimhe a mheas faoina luach. Ciallaíonn lámha glana cúram níos fearr agus níos sábháilte d'othair agus do theaghlaigh, agus ár n-oibrithe cúram sláinte a chosaint ó scaipeadh ionfhabhtuithe. Trí oibriú le chéile agus ár lámha a choinneáil glan, is féidir linn uile ár gcion féin a dhéanamh chun cabhrú lena chéile fanacht sábháilte."
Dúirt an Príomhfheidhmeannach Altranais, Rachel Kenna:
“Dhá cheann de na bearta is tábhachtaí is féidir le hoibrithe cúram sláinte a dhéanamh chun gach duine a chosaint in áiseanna cúram sláinte ná dea-shláinteachas láimhe a chleachtadh agus lámhainní a chaitheamh go cuí. Is meabhrúchán maith é Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe dúinn uile go bhfuil ról tábhachtach ag gach duine - othair, cuairteoirí, foireann chliniciúil, agus gach oibrí cúram sláinte - maidir le hionfhabhtuithe a laghdú trí lámha glana."
Mhínigh an Dr Eimear Brannigan, Ceannaire Cliniciúil FSS um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach agus um Chosc agus Rialú Ionfhabhtuithe (AMRIC):
“Is gné lárnach de chleachtais um chosc agus rialú ionfhabhtuithe ar fud ár seirbhísí sláinte é sláinteachas láimhe is fearr a chur chun cinn. Is é dea-shláinteachas láimhe an rud aonair is tábhachtaí agus is éifeachtaí is féidir linn a dhéanamh chun cabhrú le scaipeadh ionfhabhtaithe a stopadh. Taispeánann fianaise dúinn go bhféadfaimid, trí ár lámha a ghlanadh i gceart, cabhrú le leitheadúlacht ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte a laghdú agus scaipeadh frithsheasmhachta in aghaidh antaibheathach.
“Tá ról againn uile maidir le dea-shláinteachas láimhe; ní bhaineann sé le hoibrithe cúram sláinte amháin. Agus Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe á cheiliúradh againn, bainimid leas as an deis faisnéis agus acmhainní a roinnt, agus a chinntiú go dtuigeann gach duine conas is féidir leo cabhrú le scaipeadh ionfhabhtaithe a laghdú i suíomhanna cúram sláinte nó ina dtithe féin.”
Nótaí d'Eagarthóirí:
Tuilleadh eolais maidir leis an Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe: Lá Domhanda Sláinteachais Láimhe 2026
Tuilleadh eolais ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach agus ar thríú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta One Health na hÉireann ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach 2026–2030: Frithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach: Cur Chuige One Health
Tuilleadh eolais ar Phlean Gníomhaíochta Domhanda EDS um Shábháilteacht Othar 2021-2030
Ionfhabhtuithe a bhaineann le Cúram Sláinte (HCAIanna)
Is ionfhabhtuithe iad HCAIanna a fhorbraíonn mar thoradh díreach ar idirghabhálacha cúram sláinte amhail cóireáil leighis nó máinliachta, nó mar thoradh ar theagmháil le suíomh cúram sláinte. Tá go leor HCAIanna inchoiscthe. Tá dualgas ar sheirbhís cúram sláinte HCAIanna a chosc a mhéid is indéanta.
Is cuspóir straitéiseach de thríú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta One Health na hÉireann ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach 2026–2030 (iNAP3) é Cosc agus Rialú Ionfhabhtuithe. Frithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach: Cur Chuige One Health ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach 2026–2030, a foilsíodh i mí na Samhna 2025. Is príomhchumasóir é IPC chun cúram sláinte agus sóisialta sábháilte a sheachadadh, lena n-áirítear ionfhabhtuithe a bhaineann le Cúram Sláinte (HCAIanna) a chosc. Aithnítear é freisin mar réimse fócais i Straitéis Dhomhanda EDS um Shábháilteacht Othar 2021-2030. Glacann Éire cur chuige bunaithe ar fhianaise i leith chleachtais IPC agus foilsíodh an Treoir Chliniciúil Náisiúnta i mBealtaine 2023 chun tacú leis an gcleachtas is fearr sa réimse seo. Cosc agus rialú Ionfhabhtuithe