English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Sláinte Creat Comhaontaithe Rannpháirtíochta chun tús a chur le cainteanna conartha le hAontas Cógaiseoirí na hÉireann

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Bealtaine 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Bealtaine 2025

D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, Creat Comhaontaithe Rannpháirtíochta inniu, chun tacú le tús a chur le cainteanna dírithe idir an Stát agus Aontas Cógaiseoirí na hÉireann faoin gConradh um Chógaisíocht Phobail agus na seirbhísí agus socruithe gaolmhara, lena n-áirítear táillí.

Comhaontaíodh an Creat, sna sála ar rannpháirtíocht shuntasach ar dtús idir an Roinn, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Aontas Cógaiseoirí na hÉireann. Beidh sé mar threoir i rith na gcainteanna faoin gconradh idir na páirtithe, chun teacht ar chomhaontú faoi conas an maoiniú, a leithdháileadh i mBuiséad 2025, a úsáid go héifeachtach chun freastal ar riachtanais sláinte nár sásaíodh, chun toradh na n-othar a fheabhsú, chun feabhsúcháin a sholáthar maidir le táillí cógasíochta.

Le tiomantas comhroinnte chun cainteanna a chríochnú agus torthaí comhaontaithe a bhaint amach go tráthúil aitheanta ag gach duine, tarlóidh na cainteanna seo thar tréimhse trí mhí atá romhainn, leis an gcéad chruinniú sceidealaithe do Chéadaoin an 21 Bealtaine 2025.

Cuirfidh An Roinn, FSS agus an IPU tús anois le cainteanna fiúntacha faoi athruithe ábhartha ar an gComhaontú Conraitheoirí um Chógaisíocht Phobail, chun tacú le hearnáil na Cógaisíochta don Phobal a nuachóiriú. Beidh socruithe maidir le táillí, seirbhísí agus ábhair ghaolmhara san áireamh leis seo.

Duirt an tAire Carroll MacNeill:

"Tá an todhchaí de Chógaisíocht Phobail láidir, le fíor-dheiseanna bríocha ar fáil don tseirbhís sláinte agus do chógaslanna araon. Tá súil agam go gcabhróidh an próiseas seo le feabhas a chur ar seo agus le cur le múnla inbhuanaithe de Chógaisíocht Phobail.

“Tá an rialtas tiomanta do thacaíocht a thabhairt do sheirbhísí cógaisíochta sa phobal trí infheistíocht, athchóiriú agus nuachóiriúa a chinntiú. Tá na cainteanna seo tacaithe ag gealltanas buiséid atá soiléir agus maoiniú suntasach ar luach €50m maidir le buiséad sláinte iomlán.”

"Táim ag súil go mór le comhoibriú le cógaslanna sa phobal, chun fís chomhroinnte a bhaint amach do Chógaisíocht Phobail in Éirinn.”


Nótaí

Bhí cainteanna leanúnacha agus cruinnithe idir an Roinn, FSS agus an IPU i mbealaí éagsúla thar thréimhse fhada anuas. Bhí na cainteanna seo dírithe ar ról an chógaiseora sa phobal, na hacmhainní atá ann maidir le seirbhísí reatha faoi láthair, an chastaíocht riaracháin a bhaineann le cleachtas den do Chógaisíocht Phobail, agus an leathnú an réimse maidir le cleachtas cógaiseoirí agus na cógaslanna sa phobal.

Chuir an Fhoireann Saineolaithe, chun tacú le leathnú cógaisíochta in Éirinn, tuilleadh treoracha ar fáil i dtreo an róil de chógaiseoirí agus chógaslanna sa phobal a leathnú tuilleadh.

Ag tógáil ar an mbunús láidir seo, treoróidh an Creat Rannpháirtíochta na hidirbheartaíochtaí struchtúrtha chun teacht ar chomhaontú le bearta maidir le táillí agus réitigh aontaithe, comhoibriú, agus feabhsuithe ar na seirbhísí agus an gConradh Cógaisíochta agus conas a chabhróidh an buiséad, a leithdháiltear d’infheistíocht €25 milliún in 2025 (ar bhonn leathlae), agus €50 milliún in 2026 (ar bhonn bliana san iomlán), leis seo.