Foilsíonn an tAire Sláinte moltaí arb é is aidhm dóibh Tírdhreach Thrialacha Cliniciúla na hÉireann a athrú ó bhonn
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
D'fhoilsigh Jennifer Carroll MacNeill TD, an tAire Sláinte, moltaí chun líon na dtrialacha cliniciúla in Éirinn a mhéadú, rochtain othar a fheabhsú agus seasamh idirnáisiúnta na hÉireann i dtaighde cliniciúil domhanda a neartú.
Leanann na moltaí, atá faofa ag an Rialtas, 12 mhí de phlé mionsonraithe ag an nGrúpa Náisiúnta Maoirseachta um Thrialacha Cliniciúla (NCTOG).
Áirítear leo gealltanas maidir le Comhairle Chomhairleach um Thrialacha Cliniciúla a chruthú faoi thús 2026, chun cur chun feidhme na moltaí a áirithiú, sula mbunófar Comhlacht Náisiúnta um Thrialacha Cliniciúla faoi Fhómhar 2027.
Tugtar aghaidh sna moltaí ar phríomhghealltanais i gClár an Rialtais. Tugann siad aghaidh freisin ar oibleagáidí idirnáisiúnta na hÉireann maidir le nuálaíocht a chur chun cinn agus borradh a chur faoin iomaíochas chun torthaí sláinte níos fearr a chur chun cinn, bagairtí atá ag teacht chun cinn a chomhrac, agus timpeallachtaí a chothú lena gcumasaítear trialacha illáithreáin trí phróisis chuíchóirithe agus trí bhonneagar láidir taighde chliniciúil.
Áirítear an méid seo a leanas ar na moltaí:
- Maoirseacht, Rialachas agus Ceannaireacht Amach Anseo a Bhunú: Bunófar Comhairle Chomhairleach um Thrialacha Cliniciúla faoi thús na bliana 2026 chun a chinntiú go gcuirfear na moltaí i bhfeidhm, sula gcruthófar Comhlacht Náisiúnta um Thrialacha Cliniciúla faoi Fhómhar na bliana 2027. Cinnteoidh sé seo ceannaireacht leanúnach agus straitéiseach don earnáil.
- Éifeachtúlacht agus Nuálaíocht a Chothú: iarrachtaí amach anseo ar chórais níos sofhreagrúla agus níos freagrúla a fhorbairt, lena n-áirítear teimpléid conartha uilíocha, próisis chuíchóirithe cosanta sonraí agus costála, agus deais feidhmíochta rochtana oscailte chun cuntasacht a fheabhsú, chomh maith le straitéisí lucht saothair a fhorbairt agus úsáid teicneolaíochtaí nuálacha i ndearadh trialacha a chur chun cinn.
- Rannpháirtíocht Phoiblí agus Othar a Fheabhsú: Áirítear leis seo tionscnaimh thiomnaithe d'oideachas poiblí agus d'fheasacht faoi thrialacha cliniciúla, chomh maith le hardán trialach cliniciúla aontaithe ar líne a fhorbairt chun an pobal agus othair a mhealladh níos fearr.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
"Is garsprioc shuntasach don Stát é foilsiú na moltaí seo maidir le tírdhreach na dtrialacha cliniciúla in Éirinn a athrú ó bhonn. Gabhaim buíochas leis an nGrúpa Náisiúnta Maoirseachta as a sárobair agus leis an gCathaoirleach, an tOllamh Donal Brennan, as na chéad chéimeanna eile atá ag teastáil a leagan amach agus muid ag iarraidh Éire a chur chun cinn mar cheann scríbe tarraingteach do thrialacha cliniciúla ar fud an domhain.
“Le tacú leis an obair sin, leagtar béim ar ár dtiomantas d’fhás marthanach na dtionscal cógaisíochta, teicneolaíochta leighis agus biteicneolaíochta, agus ár n-acmhainneacht agus ár n-ullmhacht chun freagairt do bhagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn á neartú ag an am céanna. Cumasaítear leis freisin ár ról láidir leanúnach in iarrachtaí an Aontais chun nuálaíocht a chothú ar fud earnálacha a bheidh ríthábhachtach chun ár gcuspóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach faoi chlár oibre na n-eolaíochtaí beatha.
"Tá fíordheis againn anois feabhas suntasach a chur ar sheasamh na hÉireann i dtrialacha cliniciúla, rud a rachaidh chun tairbhe go díreach dár seirbhís cúraim sláinte, dár ngeilleagar, agus níos tábhachtaí fós, do shláinte agus folláine daoine in Éirinn agus go hidirnáisiúnta."
Dúirt Cathaoirleach an Ghrúpa Náisiúnta Maoirseachta um Thrialacha Cliniciúla, an tOllamh Donal Brennan:
“Chun an fhís sin a bhaint amach, beidh gá le comhar agus infheistíocht leanúnach tras-Rialtais.
“Tá an dul chun cinn ag brath freisin ar fhíor-chomhpháirtíocht a fhorbairt le hothair agus leis an tsochaí. Is comhoibritheoirí, abhcóidí agus comhdaitheoirí taighde iad na hothair sa lá atá inniu ann, agus trí chultúr trialacha níos cuimsithí agus níos trédhearcaí a thógáil neartófar muinín agus cinnteofar go dtabharfaidh trialacha cliniciúla aghaidh ar na riachtanais is tábhachtaí.
“Tá trialacha cliniciúla in Éirinn ag pointe infhillte tábhachtach, agus cuirfidh cur chun feidhme mholtaí NCTOG ar ár gcumas creat a thógáil inar féidir le daoine tairbhe a bhaint as rannpháirtíocht i dtrialacha cliniciúla a chuirtear ar fáil trí bhonneagar nua-aimseartha, tacúil agus inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de.”