Foilsíonn an tAire Sláinte tuarascáil ar thaithí othar agus foirne cúraim sláinte ar sheipsis

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Sláinte tuarascáil ar thaithí othar agus foirne cúraim sláinte ar sheipsis

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 8 Meán Fómhair 2025

D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, tuarascáil inniu ón tionscadal ‘Scéalta Othar & Foirne Cúraim Sláinte: Taithí ar Sheipsis, Ionfhabhtú & Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (AMR)’.

Léiríonn an tuarascáil tuairimí agus eispéiris daoine, teaghlach agus baill foirne cúraim sláinte in Éirinn a raibh ionfhabhtuithe tromchúiseacha, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (AMR) nó seipsis orthu.

Arna choimisiúnú ag an Roinn Sláinte agus arna chur i gcrích ag foireann ó Scoil na Cógaisíochta agus Scoil na Sláinte Poiblí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, leagann sé béim ar thaithí othar agus cabhróidh sé le forbairt beartais amach anseo sa réimse seo a threorú.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na hothair agus leis an bhfoireann cúraim sláinte a roinn a gcuid scéalta, agus lena dteaghlach, a gcairde agus na grúpaí abhcóideachta othar a thug tacaíocht dóibh ar an mbealach freisin.

“Tugann a gcuid scéalta guth do na staitisticí, ag cur béime ar thionchar na seipsise sa saol mar atá, chomh maith le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (AMR). Trí éisteacht, is féidir linn foghlaim agus feabhas a chur orainn féin.

“An tseachtain seo caite, d'fhoilsíomar treoirlínte cliniciúla náisiúnta nuashonraithe maidir le bainistíocht seipsise i measc daoine fásta, agus tá an FSS le críoch a chur lena chéad Straitéis Seipsise cúig bliana faoi dheireadh na bliana.

"Tá obair shuntasach déanta cheana chun feasacht a ardú i measc an phobail agus i measc bhaill foirne san earnáil cúraim sláinte maidir le comharthaí seipsise, rud a chuireann béim ar an tábhacht a bhaineann le hidirghabháil luath. Ina theannta sin, tá roinnt tionscnamh ar bun chun dul i ngleic le hAMR, tríd an dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta One Health maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach in Éirinn, agus é mar aidhm acu torthaí sláinte a fheabhsú d’othair."

Mar gheall ar fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (AMR), ní bhíonn cógais cosúil le antaibheathaigh chomh héifeachtach céanna, nó fiú gan úsáid, i gcóireáil ionfhabhtaithe. Méadaíonn sé seo an dóchúlacht go scaipfear an galar nó go dtarlóidh tinneas tromchúiseach. Is deacracht ionfhabhtaithe atá bagrach don bheatha í an seipsis agus bíonn sí mar chúis le líon mór daoine san ospidéal, chomh maith le rátaí báis ar fud an domhain.

Aithnítear AMR mar cheann de na trí bhagairt sláinte is tábhachtaí ag an Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagartha Éigeandála Sláinte (HERA), agus mar cheann de na 10 mbagairt sláinte poiblí is mó ar fud an domhain ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). Chun dul i ngleic leis seo, tá cur chuige iomlánaíoch One Health glactha ag Éirinn ag obair ar fud earnálacha sláinte an duine, sláinte ainmhithe, agus an chomhshaoil, ag baint úsáide as ár bplean gníomhaíochta náisiúnta mar threochlár. Tá ár dtríú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta á fhorbairt faoi láthair.

Nótaí

Choimisiúnaigh an Roinn Sláinte tuarascáil Thionscadal Scéalta Othar & Foirne Cúraim Sláinte: Taithí ar Sheipsis, Ionfhabhtú & Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (AMR)’. Rinne foireann taighde UCC ó Scoil na Cógaisíochta agus Scoil na Sláinte Poiblí UCC, faoi stiúir an Dr Aoife Fleming, Scoil na Cógaisíochta, an taighde, na hagallaimh, an anailís agus an scríbhneoireacht.

Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le hAMR*

  • Tá tuilleadh faisnéise faoi AMR agus faoin bhfoilseachán iNAP2 ar fáil ar an gcomhleathanach gréasáin AMR www.gov.ie/amr
  • Is gealltanas idirnáisiúnta do Bhallstáit an Choimisiúin Eorpaigh agus na hEagraíochta Domhanda Sláinte araon iad na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le AMR.
  • Forbraíodh iNAP2 tar éis Plean Gníomhaíochta Domhanda EDS maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach a bheith curtha amach. Tá réimse idirghabhálacha agus gníomhaíochtaí straitéiseacha sa phlean ar fud na n-earnálacha sláinte daonna, sláinte ainmhithe agus comhshaoil, agus iad curtha le Chéile faoi chúig chuspóir straitéiseacha atá dírithe ar:

    • 1. Feasacht agus eolas ar AMR a fheabhsú;
    • 2. Feabhas a chur ar an bhfaireachas ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus ar úsáid antaibheathach;
    • 3. Scaipeadh ionfhabhtuithe agus galar a laghdú;
    • 4. Úsáid antaibheathach i sláinte an duine agus ainmhithe a bharrfheabhsú; agus
    • 5. Taighde agus infheistíocht inbhuanaithe a chur chun cinn i gcógais nua, uirlisí diagnóiseacha, vacsaíní agus idirghabhálacha eile.
  • Tá ár dtríú plean gníomhaíochta náisiúnta maidir le hAMR iNAP3, á chur i gcrích faoi láthair agus táthar ag súil go bhfoilseofar é roimh dheireadh na bliana.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat