Foilsíonn an tAire Sláinte an Plean Gníomhaíochta um Amanna Feithimh 2026
- Foilsithe: 11 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 11 Feabhra 2026
Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, tar éis an Plean Gníomhaíochta um Amanna Feithimh (WTAP) 2026 a fhoilsiú, mar chuid de thiomantas leanúnach an Rialtais seo rochtain ar chúram ospidéil a fheabhsú agus amanna feithimh d’othair a laghdú.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Is cur chuige ilghnéitheach é an Plean Gníomhaíochta um Amanna Feithimh agus tá cuspóir uileghabhálach amháin ag baint leis: a chinntiú go bhfaigheann daoine rochtain ar chúram níos tapa agus go mbaintear torthaí sláinte níos fearr amach.
"Cinnteoidh sé go dtógfaimid ar an dul chun cinn atá déanta againn cheana féin maidir le hathchóiriú ár seirbhíse sláinte agus go leanfaimid le táirgiúlacht agus éifeachtúlacht a threisiú, agus bealaí cúraim mhalartacha á bhforbairt againn agus bogadh i dtreo cúraim i suíomhanna pobail.”
Ó cuireadh tús leis cur chuige an Phlean Gníomhaíochta i Meán Fómhair 2021, tá feabhsuithe suntasacha déanta ar amanna feithimh in ospidéil ar fud réimse méadrach, mar a leagtar amach thíos.
Baineadh na feabhsuithe seo amach i gcomhthéacs éilimh mhéadaithe ar sheirbhísí cúraim phleanáilte. Chun aghaidh a thabhairt ar an éileamh méadaithe seo, agus ag an am céanna amanna feithimh a laghdú ar bhealach inbhuanaithe, beidh ar an tseirbhís sláinte níos mó gníomhaíochta lárnaí a sholáthar trí tháirgiúlacht agus bearta éifeachtúlachta fheabhsaithe, trí athchóiriú leanúnach agus tacaíochtaí nua cumasaithe, agus trí acmhainn bhreise spriocdhírithe.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Chun amanna feithimh a laghdú, caithfimid níos mó gníomhaíochta a fheiceáil a mbíonn othair ag fáil cúraim dá barr, go háirithe iad siúd a bhíonn ag fanacht ar feadh na tréimhsí is faide. Mar a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta, bainfear é seo amach trí mheascán beart lena n-áirítear athchóirithe seirbhíse agus nuálaíocht; táirgiúlacht mhéadaithe agus feidhmíocht fheabhsaithe; infheistíocht i mbonneagar agus i soláthar foirne; glacadh le réitigh dhigiteacha; agus acmhainn bhreise spriocdhírithe a chur leis tríd an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála Plean (NTPF).
"Tá tionchar fíorshaoil ag na tionscnaimh seo cheana féin, ag soláthar rochtain níos tráthúla ar chúram – osclaíodh ár gcéad mhol máinliachta i gCnoc Chairméal i mí Feabhra seo caite agus cuireadh breis agus 3,700 gnáthamh i gcrích ann faoi dheireadh na bliana. Mar thoradh air sin, bhí laghdú 74% ar líon na n-othar a bhí ag fanacht níos mó ná 12 mhí ar liostaí feithimh ábhartha, i gcomparáid le 2024. Feictear dúinn go mbíonn daoine á gcóireáil níos tapa agus níos lú ama á chaitheamh acu ag fanacht mar thoradh ar ár mbonneagair atá ag fás agus ar ár gcumas atá ag leathnú. Táim ag súil leis an rath céanna a fheiceáil arís sna cúig mhol bhreise atá le hoscailt i mbliana, agus dhá mhol eile i Sligeach agus i nDún na nGall á gcur chun cinn.
"Ar an mbealach céanna, tá sceidealú coinne níos éifeachtaí curtha i bhfeidhm ag an FSS tríd an gClár Barrfheabhsaithe Acmhainne Clinicí OPD nua, nó an Uirlis OPD, a bhí i bhfeidhm ar fud ceithre ospidéal anuraidh agus a raibh thart ar 2,700 coinne OPD nua breise measta mar thoradh air.” Déanfar an rath sin a chóipeáil anois ar fud na seirbhíse sláinte agus meastar go mbeidh an FSS in ann 103,000 freastal othair OPD nua breise a sholáthar i mbliana.
“Ní figiúirí amháin atá i gceist anseo; is othair iad seo atá á bhfeiceáil níos tapa anois agus atá ag fáil idirghabhálacha sláinte níos luaithe a mbeidh torthaí sláinte níos fearr mar thoradh orthu i ndeireadh na dála.”
Leagann an WTAP sé sprioc uileghabhálacha agus idirnasctha amach, a bhainfear amach trí 36 gníomh a chur i gcrích faoi na téamaí “Athchóiriú Cúraim Phleanáilte”, “ Cúram Phleanáilte a Éascú” agus “Barrfheabhsú Acmhainne”.
Is iad na spriocanna:
- Spriocanna Ama Feithimh Sláintecare: 50% d’othair a bheith ag fanacht níos lú ná spriocanna ama feithimh 10 seachtaine Sláintecare le haghaidh coinní OPD agus 12 sheachtain le haghaidh gnáthamh IPDC; agus 65% d’othair a bheith ag fanacht níos lú ná sprioc ama feithimh Sláintecare 12 sheachtain le haghaidh Scóip GI.
- Meán-Am Feithimh Ualaithe: an meán-am feithimh ualaithe a laghdú go < 5.5 mhí le haghaidh OPD agus IPDC agus go < 3.5 mhí le haghaidh Scóip GI.
- Othair ag fanacht níos lú ná 12 mhí: 90% d’othair a bheith ag fanacht níos lú ná 12 mhí don chéad rochtain ar sheirbhísí OPD.
- Cóimheas OPD Nua go Filleadh: cóimheas OPD nua go filleadh de 1:2.0 a bhaint amach.
- Sceidealú Croineolaíoch: 85% de choinní/gnáthaimh roghnacha rialta a bheith sceidealaithe go croineolaíoch.
- Obráid roghnach ar an lá céanna leis an iontráil: 83% d’othair chónaitheacha a bpríomhghnáthaimh roghnacha a bheith acu ar lá an iontrála.
Dúirt Bernard Gloster, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
“Tá an Plean Gníomhaíochta um Amanna Feithimh dírithe go hiomlán ar an am a mbíonn daoine ag fanacht le rochtain a fháil ar chúram sláinte. Cé go bhfuil feabhsuithe déanta againn le blianta beaga anuas, tuigimid go bhfuil an tréimhse feithimh ó atreorú go scaoileadh rófhada do go leor daoine fós. Ag tógáil ar iarrachtaí ár bhfoirne san am a chuaigh thart, tá réimse athchóirithe agus acmhainní curtha ar fáil ag an Aire a thabharfaidh ár bhfeabhsuithe chuig leibhéal nua nuair a thabharfar le chéile iad in 2026. Is iad compord don phobal, agus sástacht dár bhfoireann, saintréithe na n-éachtaí ó thorthaí an Phlean seo. Tá an FSS go hiomlán tiomanta d’amanna feithimh a laghdú do líon daoine atá ag dul i méad i gcónaí mar bhealach chun sláinte níos fearr a bhaint amach.”
Déanfaidh Tascfhórsa an Liosta Feithimh ar a mbeidh Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte agus POF an FSS ina gcomhchathaoirligh, maoirseacht ar chur i bhfeidhm WTAP 2026. Cuideoidh maoirseacht éifeachtach, tríd an struchtúr rialachais seo, le hamanna feithimh a laghdú agus sinn a thabhairt níos gaire do sheirbhís chúraim sláinte phoiblí ina mbíonn rochtain thráthúil ag gach duine ar chúram sceidealaithe atá ar ardchaighdeán, san áit agus ag an am a dteastaíonn sé uathu.
Nótaí
Cuireadh tús leis an gcur chuige ilbhliantúil sa Phlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus tréimhsí feithimh ospidéil a laghdú agus athchóiriú a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe. Chun béim athnuaite a chur amanna feithimh a fheabhsú, athainmníodh an Plean i mbliana mar an Plean Gníomhaíochta um Amanna Feithimh 2026.
Mar a léirítear i gClár an Rialtais agus i bPlean Seirbhíse Náisiúnta (PSN) 2026 an FSS, a foilsíodh an mhí seo caite, tá an Roinn Sláinte agus an FSS araon fós dírithe go hiomlán ar rochtain ar chúram pleanáilte inár n-ospidéil a fheabhsú.
D’oibrigh an Roinn Sláinte go dlúth leis an FSS agus leis an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) chun na gníomhartha agus na spriocanna sonracha atá leagtha amach in WTAP na bliana seo a fhorbairt. Leagann WTAP 2026 amach 36 gníomh faoi thrí théama “Athchóiriú Cúraim Phleanáilte”, “Cúram Phleanáilte a Éascú” agus “Barrfheabhsú Acmhainne”, lena n-áirítear:
- Athchóiriú Cúraim Phleanáilte – leagtar amach roinnt tionscnamh chun tacú le hathchóiriú cúraim phleanáilte chun an úsáid is éifeachtúla agus is féidir a bhaint as acmhainní atá ar fáil ar bhealach atá dírithe ar an othar, lena n-áirítear gníomhartha a chuimsíonn conair an othair ó atreorú go scaoileadh chun oibríochtaí cliniciúla agus soláthar cliniciúil a fheabhsú, a chaighdeánú agus a athchóiriú. Mar shampla: trí úsáid a bhaint as bearta táirgiúlachta agus éifeachtúlachta feabhsaithe do bhainistíocht liostaí feithimh lena n-áirítear atreoruithe láraithe agus liostaí feithimh curtha i dtoll a chéile; cur i bhfeidhm prótacal caighdeánaithe; pleananna bainistíochta cás aonair do gach othar atá ag fanacht níos mó ná dhá bhliain; agus cur i bhfeidhm roinnt tionscnamh nuálaíochta faoi Luasaire Rochtana an FSS chun amanna feithimh don Dheirmeolaíocht, Oftalmeolaíocht, Ota-laraingeolaíochta agus Máinliacht Phlaisteach a laghdú.
- Cúram Pleanáilte a Éascú – cuimsíonn sé roinnt teicneolaíochtaí agus uirlisí digiteacha agus cumasaithe a thacóidh le a éascóidh athchóiriú fadtéarmach na liostaí feithimh. Áirítear leis seo réimse tionscnamh amhail: cur i bhfeidhm an chórais tuairiscithe ionscópachta agus leathnú breise ar an gcóras atreoraithe leictreonaí ionscópachta; leathnú leanúnach ar rannpháirtíocht fhíorúil othar; cur i bhfeidhm breise próiseas Intleachta Saorga agus uathoibrithe chun tacú le bainistiú gnéithe áirithe de liostaí feithimh; úsáid réitigh mianadóireachta sonraí chun úsáid acmhainne a fheabhsú; leanúint ar aghaidh le deaiseanna feabhsaithe léirshamhlaithe sonraí a chur i bhfeidhm ar fud ospidéal agus Réigiúin Sláinte chun maoirseacht táirgiúlachta agus feidhmíochta a fheabhsú; agus leathnú breise ar ghnéithe laistigh d'Aip Sláinte an FSS chun tacú le bainistiú liostaí feithimh.
- Acmhainn a Bharrfheabhsú – leagtar amach roinnt tionscnamh chun acmhainn chúraim sceidealaithe a uasmhéadú, amhail: fócas ar chóimheas gníomhaíochta OPD nua go filleadh a mhéadú; úsáid bhreise Bharrfheabhsú Acmhainne Chlinic OPD (i.e. an uirlis táirgiúlachta OPD); seachfhoinsiú cóireálacha áirithe ag an FSS agus an NTPF do dhaoine atá ag fanacht tréimhsí níos faide; bailíochtú riaracháin liostaí feithimh ag an NTPF; éifeachtúlacht amharclainne a mhéadú do ghnáthaimh mháinliachta; sceidealú croineolaíoch i ngach speisialtacht; gealltanais maidir le máinliacht dromlaigh péidiatraice; chomh maith le gníomhaíocht a sheachadfar trí na moil mháinliachta nua, lena n-áirítear sna cúig mhol mháinliachta bhreise, a bhfuiltear ag súil go n-osclóidh siad in 2026.
Tá dul chun cinn suntasach déanta faoi chur chuige an Phlean Gníomhaíochta, lena n-áirítear an meánfhad ama ualaithe a chaitheann othair ag fanacht ar liostaí feithimh ospidéil. Idir 2016 agus 2021, mhéadaigh an meán-am feithimh ualaithe do OPD, IPDC agus Scóip GI araon.
Mar sin féin, ó 2021 i leith, tá feabhas suntasach tagtha ar an méadrach seo. Mar shampla, faoi dheireadh mhí na Nollag 2025, tháinig feabhas thart ar 46% ar an meán-am feithimh ualaithe d’othair ar an liosta iomlán feithimh ospidéil, ó 12.2 mhí go 6.6 mhí. De réir liosta, bhí an laghdú ama mar seo a leanas:
- Laghdaíodh an meán-am feithimh ualaithe do OPD ó 12.8 mhí i Meán Fómhair 2021 go 6.8 mhí faoi dheireadh mhí na Nollag 2025. Is ionann é seo agus laghdú de thart ar 47%;
- Le linn na tréimhse céanna, laghdaíodh an meán-am feithimh ualaithe do IPDC ó 9.1 mhí go 6.4 mhí – titim thart ar 29%;
- Maidir le Scóip GI, thit an meán-am feithimh ualaithe ó 6.9 mhí go 3.5 mhí – laghdú thart ar 49% – le linn na tréimhse sin.
Léiríonn na laghduithe ar amanna feithimh a baineadh amach ó 2021 go bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn i dtreo ár sprioc deiridh maidir le spriocanna ama feithimh Sláintecare uasta a bhaint amach, is é sin, 10 seachtaine do OPD agus 12 sheachtain do IPDC agus Scóip GI. Mar shampla:
- Go dtí deireadh mhí na Nollag 2021, tá laghdú thart ar 25% ar líon na ndaoine ar an liosta feithimh atá ag fanacht tréimhsí níos faide ná na spriocanna Sláintecare. Is ionann é sin agus thart ar 82,000 níos lú daoine ag sárú na spriocanna seo.
Cé go bhfuilimid dírithe ar amanna feithimh a fheabhsú, táscairí tábhachtacha ar fheidhmíocht cúraim phleanáilte fós iad athruithe ar mhéideanna liostaí feithimh. Mar thoradh air sin, bhí feidhmíocht cúraim phleanáilte in 2025 dúshlánach, agus méaduithe ar mhéideanna liostaí feithimh ann don chuid is mó den bhliain. Faoi dheireadh mhí na Nollag 2025, bhí thart ar 754,000 (i.e. 753,763) othar ar an liosta gníomhach feithimh ospidéil . Is ionann an figiúr seo agus méadú thart ar 11.8% ó dheireadh 2024.
Faoi dheireadh mhí na Nollag 2025, cuireadh 1,928,728 othar le liostaí feithimh ospidéil, arb ionann é sin agus méadú de 6.3% i gcomparáid le 2024, agus baineadh 1,848,927 othar de na liostaí feithimh sin, rud a léirigh méadú de thart ar 2% ar leibhéil ghníomhaíochta 2024. Ba chúinse é an t-éileamh méadaithe seo ar raibh tionchar aige ar na dúshláin a bhí le sonrú i gcúram pleanáilte in 2025.
Is iad na méaduithe ar liostaí feithimh is cúis le dúshláin dhaonra (m.sh. fás daonra, daonra atá ag dul in aois) dar leis an FSS chomh maith le dúshláin neamh-dhaonra freisin (m.sh. feasacht mhéadaithe ar sheirbhísí, forbairtí seirbhíse nua, galair ainsealacha agus éileamh borrtha i ndiaidh COVID).
Mar thoradh ar na dúshláin éilimh seo, níor baineadh amach an dul chun cinn a rabhthas ag súil leis i dtreo na gceithre sprioc laghdaithe ama feithimh WLAP faoi dheireadh 2025.
Mar sin féin, bhí roinnt fianaise ann ar fheidhmíocht fheabhsaithe i gcoinne na spriocanna seo i míonna deiridh na bliana, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal Réigiúnach araon
Ina theannta sin, léirigh roinnt tionscnamh nua anuraidh conas is féidir le barrfheabhsú úsáid ár gcumas táirgiúlacht mhéadaithe agus tréimhsí feithimh laghdaithe a sholáthar, agus luach ar airgead á léiriú fós.