An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Síníonn an tAire Sláinte an Plean Gníomhaíochta Stróc don Eoraip agus fógraíonn sí go bhfuil sé beartaithe an chéad Straitéis Náisiúnta Stróc eile d’Éirinn a fhorbairt
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, TD, tar éis an Plean Gníomhaíochta Stróc don Eoraip a shíniú agus pleananna a fhógairt chun an chéad Straitéis Náisiúnta Stróc eile d’Éirinn a fhorbairt.
Forbrófar an straitéis nua i gcomhairle le hothair, an lucht acadúil, grúpaí abhcóideachta, cliniceoirí agus lucht déanta beartas. Tacóidh sí freisin le hÉirinn a cuid beartas a ailíniú leis an bPlean Gníomhaíochta Stróc don Eoraip.
Is é aidhm an Phlean Gníomhaíochta Stróc don Eoraip feabhas a chur ar an gconair iomlán cúraim stróc, ó chosc agus cóireáil luath go tacaíocht agus iarchúram. Feabhsóidh sé torthaí d’othair agus do chúramóirí agus molann an Eagraíocht Eorpach um Stróc é mar bheart costéifeachtach. Tríd an bPlean a shíniú, leagann an tAire Carroll MacNeill an treo amach d’fhorbairt straitéise stróc in Éirinn amach anseo, agus aithnítear riachtanais uathúla na ndaoine a fhulaingíonn stróc.
Forbrófar an chéad straitéis stróc eile i gcomhthráth leis an ngealltanas sa Chlár Rialtais maidir le Plean Cardashoithíoch a fhorbairt. Aithníonn sé seo go bhfuil fachtóirí riosca coitianta roinnte idir galar cardashoithíoch, stróc agus galair neamhthógálacha choitianta eile. Mar sin féin, cinnteoidh forbairt na chéad Straitéise Stróc eile go n-aithneofar riachtanais chúraim uathúla daoine a fhulaingíonn stróc agus go mbeidh ár seirbhísí ullmhaithe don todhchaí i bhfianaise an mhéadaithe réamh-mheasta ar chásanna stróc sna fiche bliain amach romhainn.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Tá an Plean Gníomhaíochta Stróc don Eoraip sínithe agam mar aitheantas ar an ualach mór a chuireann stróc ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh, ar chúramóirí agus ar an tsochaí. Tá a fhios againn, de réir mar a théann ár ndaonra in aois, go bhfuiltear ag súil go méadóidh minicíocht stróc go suntasach. Leagann an Plean Gníomhaíochta Stróc don Eoraip amach treochlár soiléir chun beartas agus seirbhísí stróc atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt in Éirinn d’fhonn aghaidh a thabhairt ar ár ndúshláin dhéimeagrafacha.
“Tá dul chun cinn á dhéanamh againn cheana féin agus tá breis agus €13 milliún infheistithe againn ó 2022 i gcosc stróc trínár gclár Bainistíochta Galar Ainsealach, inár n-aonaid stróc géarmhíochaine agus inár líonra Foirne Luath-Scaoilte Tacaithe chun tacú le hothair stróc níos mó neamhspleáchais agus torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach.”
Dúirt Ceannaire Cliniciúil Chlár Náisiúnta Stróc an FSS, an tOllamh Ronan Collins:
“Is cloch mhíle mhór é an lá inniu i dtreo todhchaí chúram stróc in Éirinn. Tá ualach an stróc ollmhór ar shochaí na hÉireann agus beidh stróc ag duine as gach ceathrar againn le linn ár saoil. Tuartar anois i dtaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go bhféadfadh cásanna nua stróc méadú suas le 59% sna fiche bliain amach romhainn, ag brath ar ár n-iarrachtaí coiscthe. Meastar freisin go bhféadfadh suas le 4% de chostais chúram sláinte a bheith mar thoradh ar stróc.
“Cinnteoidh an gealltanas ár gcéad Straitéis Náisiúnta Stróc eile a fhorbairt i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Stróc don Eoraip go mbeidh ár seirbhísí ullmhaithe don todhchaí agus go laghdófar ualach an stróc ar othair, ar theaghlaigh agus ar an tsochaí.”
Dúirt Stiúrthóir Abhcóideachta agus Tacaíochta Othar ag Fondúireacht Chroí na hÉireann, Chris Macey:
“Is lá stairiúil é seo do chúram stróc in Éirinn agus do na deich mílte duine ó gach aoisghrúpa agus cúlra atá buailte ag an riocht seo. Léiríonn síniú an Phlean tiomantas láidir do sheirbhísí cuimsitheacha cosctha, géarchóireála agus athshlánaithe a fhorbairt, seirbhísí a laghdóidh básanna agus míchumas de bharr stróc. Léiríonn síniú an Phlean freisin ár dtiomantas do phrótacail agus tacaíochtaí iar-scaoilte a chruthú a chabhróidh le marthanóirí a gcumas a uasmhéadú chun an saol is fearr is féidir a chaitheamh tar éis stróc.