Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh dhréacht-chomhaontú an WHO maidir le dul i ngleic le paindéimí amach anseo
- Foilsithe: 17 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Aibreán 2025
D'fháiltigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, inniu roimh an réamhchomhdhearcadh maidir le Comhaontú Paindéime na hEagraíochta Domhanda Sláinte, ar thángthas air go moch ar maidin, sa Ghinéiv, ag an gComhlacht Idir-Rialtasach.
Tar éis trí bliana de dhianchaibidlíocht, leagtar amach sa chomhaontú creat chun comhoibriú domhanda a fheabhsú agus cumais a neartú maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt paindéime.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Carroll MacNeill:
"Tá céim mhór chun tosaigh glactha ag Éirinn, in éineacht le Ballstáit eile an WHO, inniu in iarrachtaí an domhan a dhéanamh níos sábháilte ó phaindéimí amach anseo trí dhréacht-chomhaontú a chruthú lena bhreithniú ag an Tionól Domhanda Sláinte atá le teacht i mí na Bealtaine. Ba mhaith liom ómós a thabhairt do gach duine a bhfuil baint acu leis an gcomhaontú seo. Léiríonn sé an chumhacht a bhaineann le bheith ag obair le chéile i dtreo spriocanna comhroinnte agus léiríonn sé tiomantas domhanda chun sinn go léir a chosaint ó phaindéimí amach anseo."
Dúirt an Príomhoifigeach Míochaine Eatramhach an tOllamh Mary Horgan:
"Léiríonn an comhaontú seo dul chun cinn an-dearfach maidir le cosc agus ullmhacht paindéim dhomhanda a neartú agus cinntíonn sé go mbeidh an domhan aontaithe go cothrom chun freagairt go tapa d'aon phaindéimí amach anseo."
Nótaí
Ar an 1 Nollaig 2021, tháinig baill na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) ar chomhthoil chun tús a chur leis an bpróiseas faoi stiúir na mBallstát chun coinbhinsiún, comhaontú nó ionstraim idirnáisiúnta eile a chaibidliú chun cosc, ullmhacht agus freagairt paindéime a neartú, ar a dtugtar an Comhaontú Paindéime go coitianta.
Is é aidhm an Chomhaontaithe Paindéime sláinte an phobail a chosaint agus cabhrú le beatha daoine a shábháil i gcás paindéimí amach anseo.
Bunaíodh Comhlacht Caibidlíochta Idir-Rialtasach (INB) agus tháinig sé le chéile den chéad uair an 24 Feabhra 2022. Tháinig an INB le chéile trí huaire dhéag chun dul chun cinn a dhéanamh ar an obair ar dhréachtú an chomhaontaithe seo.
Táthar ag súil go nglacfar leis an gComhaontú Paindéime go foirmiúil ag an 78ú Tionól Domhanda Sláinte i mí na Bealtaine 2025, a bhfuiltear ag súil go bhfreastalóidh an tAire Sláinte air.