Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh an méadú ar úsáid aip Sláinte FSS agus líon na gclárúchán ag sárú 125,000
- Foilsithe: 14 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Eanáir 2026
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, roimh an bhfás mór atá tagtha ar líon na n-úsáideoirí d’Aip Sláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), a bhfuil breis is 125,000 duine cláraithe léi anois agus níos mó ná 210,000 íoslódáil déanta uirthi ó seoladh í níos luaithe sa bhliain.
Tá an tAire ag iarraidh go gcláraíonn tuilleadh daoine léi, ag cur béim ar ról na haipe maidir le rochtain níos fearr a chinntiú d’othair ar a gcuid faisnéise sláinte féin agus na gnéithe nua spreagúla a tugadh isteach i Leagan 4, a eisíodh i mí na Samhna.
Tugann an nuashonrú is déanaí feabhsuithe suntasacha isteach, lena n-áirítear:
- Liostaí feithimh ospidéil a thaispeáint d’othair, le cabhrú leo tuiscint cén áit a bhfuil siad ar an liosta le haghaidh cúram lae agus cúram othar cónaitheach, ionas nach mbeadh litreacha ná glaonna ag teastáil ó othair a thuilleadh. Gheobhaidh othair fógra nuair a dhéantar coinne.
- Rochtain ar fhaisnéis faoi atreoruithe ginearálta ó dhochtúirí teaghlaigh, arb ionann iad agus 85% de na hatreoruithe, le hatreoruithe speisialtóra ag teacht ar bord i lár 2026.
- Sonraí sláinte leathnaithe d’othair atá ag baint úsáide as an gClár um Bhainistíocht Galar Ainsealach Struchtúrtha, lena n-áirítear diagnóis agus tomhais ríthábhachtacha.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Is iontach an rud é an oiread sin daoine a fheiceáil ag baint úsáide as Aip Sláinte FSS cheana féin agus molaim do gach duine atá 16 bliana d’aois agus os a chionn í a íoslódáil inniu.”
“Tá an aip seo ag athrú an chaoi a mbainistíonn othair a sláinte féin, ó choinní ospidéil a fheiceáil go hatreoruithe dochtúra teaghlaigh, chomh maith lena dtaifid vacsaínithe féin a sheiceáil.
“Tugann na gnéithe seo tuilleadh smachta do dhaoine agus tá tuilleadh fós le teacht níos déanaí sa bhliain, rud a chinnteoidh go leanfaidh an aip ag forbairt chun freastal ar riachtanais na n-othar.”
Dúirt Príomhoifigeach Teicneolaíochta agus Claochlaithe FSS, Damien McCallion:
“A bhuí leis an bhfaisnéis faoi liostaí feithimh agus gnéithe atreoraithe DG, tá othair in ann faisnéis níos níos nuaí a fháil faoina dturas othar féin.”
“Táimid ag athrú agus ag cur feabhais ar chúram sláinte do dhaoine in Éirinn trí Digital for Care, agus an aip mar ghné amháin de raon leathan tionscnamh digiteach nuálach.”
Ag baint úsáide as an leagan is nuaí den aip, is féidir le daoine:
- Coinní a fheiceáil i 35 ospidéal, chomh maith le scagthástáil BreastCheck
- Liostaí feithimh cásanna lae agus othar cónaitheach a fheiceáil a bhaineann leo.
- Rochtain a iarraidh ar fhaisnéis atreoruithe ó dhochtúirí teaghlaigh a rinneadh dóibh
- Cabhair a lorg stop a chur le caitheamh tobac trí an bplean Quit.
- Clárú le faisnéis toirchis a fháil seachtain ar sheachtain
- Liosta a choinneáil de chógais agus ailléirgí
- Leaganacha digiteacha de chártaí sláinte a iompar (Cárta Leighis, EHIC)
- Taifid a bhaineann le vacsaín COVID-19 agus fliú a fheiceáil
- Seirbhísí Sláinte a aimsiú
Táthar ag súil go seachadfar nuashonruithe ráithiúla ar Aip Sláinte an FSS i rith 2026, agus gnéithe nua á dtabhairt isteach i ngach ceann acu atá deartha, chun inúsáidteacht a fheabhsú agus a luach don othar a mhéadú.
Áireofar sna heisiúintí atá le teacht uirlisí chun cabhrú le húsáideoirí dul i mbun gníomhaíochta coirp, rochtain a fháil ar scananna agus ar thorthaí tástála go díreach tríd an aip, chomh maith le rochtain a fháil ar tuilleadh sonraí sláinte a bhaineann leo, cosúil le coinní ospidéil agus coinní pobail.
Ag féachaint chun cinn, cuirfidh nuashonruithe amach anseo ar chumas na n-othar amanna feithimh a sheiceáil le haghaidh tástálacha nó cóireálacha sceidealaithe, tacaíocht shaincheaptha a fháil chun galair ainsealacha a bhainistiú, agus treoir shoiléir a fháil roimh agus tar éis coinní.
Nótaí
Is féidir le pé duine atá 16 bliana d’aois agus os a chionn an aip a íoslódáil saor in aisce ó Google Play nó ón App Store.
Tuilleadh eolais: www.hse.ie/HSEapp