English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála Athbhreithniú um Chumas na Seirbhísí Sláinte an ESRI, ar riachtanais maidir le cumas sa todhchaí d’ospidéil ghéarmhíochaine phoiblí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Bealtaine 2025
  • An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2025

Chuir an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD fáilte inniu roimh fhoilsiú an chéad tuarascáil as trí thuarascáil um Chumas na Seirbhísí Sláinte déanta ag ESRI ar son na Roinne Sláinte. Tuairiscíonn an tuarascáil an t-éileamh sa todhchaí ar ospidéil ghéarmhíochaine phoiblí in Éirinn go 2040, ag tabhairt le fios go mbeidh gá le cumas a mhéadú go suntasach chun freastal ar éilimh ár ndaonra, atá ag fás agus ag dul in aois.

Leagann an tuarascáil neamhspleách ESRI seo réamh-mheastacháin ghéarleapacha go 2040, le raon de 5,091 go 7,780 leaba othar cónaitheach agus othar lae sa bhreis ag teastáil. Déanann sé méadú i gcuairteanna chuig an Rannóg Éigeandála a thuar fosta, idir 333,000 go 444,000 faoi 2040 ó bhonn de 1.6 milliún, agus ardú de 950,000 go 1,298,000 cuairt othar seachtrach ó bhonn de 4.56 milliún.

I 2023, bhí 5.3 milliún duine in Éirinn. Táthar ag súil go mbeidh sé ag fás le 15% go 6.1 milliún faoi 2040. Táthar ag súil go mbeidh an líon 87,000 duine, atá 85 bliain d’aois agus os a chionn, breis is dúbailte go 204,000 duine faoi 2040. Bíonn grúpaí aoise níos sine ag baint úsáide as seirbhísí cúraim sláinte níos minice agus ar feadh tréimhsí níos faide. Tá na rátaí laethanta leapa do fir 90 bliain agus níos sine 8,250 in aghaidh 1,000 duine, le mná ag an aois chéanna ag 6,203 in aghaidh 1,000 duine. Tá seo i gcomparáid le daoine fásta faoi 49, ar a gcuid rátaí níos lú ná 500 in aghaidh 1,000 duine.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Táim buíoch den ESRI as an tuarascáil seo, atá ag tabhairt le fios na dúshláin atá againn maidir le freastal ar riachtanais ár ndaonra atá ag fás agus ag dul in aois. Tá an bonn fianaise seo riachtanach do phleanáil don todhchaí, ag cinntiú go mbeidh na háiseanna againn chun an cúram is fearr a sholáthar do na hothair. Teastaíonn pleanáil fhada, chúramach chun líon na leapacha, na hacmhainní riachtanacha agus foireann a mhéadú.

“Tá áthas orm cheana féin go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh againn chun cumas na n-othar a mhéadú. Idir 2020 agus 2024, d’oscail muid 1,218 leaba nua ghéarchúraim, agus tá Clár an Rialtais tiomanta chun na mílte eile a sholáthar trí phlean chun géarleapacha a leathnú, chomh maith le moil mháinliachta nua agus ionaid do chóireáil roghnach. Le hardú gan fasach ar mhaoiniú agus ardú ar an lucht saothair le cúpla bliain anuas, táimid ag díriú ar infheistíocht chaipitil sa todhchaí, sna háiteanna a bhfuil sé is mó ag teastáil.

"Cé go bhfuil an méadú acmhainne atá ag teastáil suntasach, cuireann tuarascáil ESRI beartais sláinte a laghdaíonn an t-éileamh féideartha san áireamh freisin. Cuideoidh infheistíocht i sláinte fheabhsaithe an daonra, táirgiúlacht mhéadaithe, agus líon laghdaithe daoine in ospidéil linn an úsáid is fearr a bhaint as acmhainn leapacha sa todhchaí. Aistreoidh cur i bhfeidhm leanúnach Sláintecare cúram ó shuíomhanna ospidéil, chun freastal níos fearr ar an éileamh sa todhchaí agus cuirfidh sé cúram ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn sé uathu.

"Táimid fós ag dul i ngleic le hiarmhairtí na paindéime Covid-19. Beidh an cur isteach seo ar sheirbhísí sláinte—agus a thionchair—le feiceáil ar feadh i bhfad. Léiríonn an Athbhreithniú Cumais seo, iarracht chomhroinnte ag an Roinn Sláinte agus an FSS, ár dtiomantas do phleanáil fhreagrúil, sholúbtha, agus bunaithe ar fhianaise a bhaint amach, a chabhraíonn chun an cúram is fearr is féidir a thabhairt do na hothair. Leis an múnla Hippocrates agus ár gcaidreamh leanúnach leis an ESRI, is féidir lenár bpróiseas pleanála a bheith níos freagrúla do shonraí, fianaise, agus polasaithe nua de réir mar a thagann siad chun solais."

Tá an Roinn Sláinte tiomanta do shamhail chumais agus éilimh a thógáil, atá riachtanach do gach córas sláinte nua-aimseartha, mar chuid den chomhoibriú leanúnach idir ESRI agus an Roinn Sláinte. Is í an tuairisc atá á foilsiú inniu an chéad cheann i sraith tuarascálacha Athbhreithnithe um Chumas na Seirbhísí Sláinte na hÉireann. Beidh tuairisc inniu ar ospidéil ghéarmhíochaine agus leanfaidh dhá thuairisc eile ina dhiaidh, ar chleachtadh ginearálta agus ar chúram do dhaoine scothaosta, le hanailís réigiúnach á forbairt don mbliain seo chugainn.