Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh mholadh ón gCúirt Oibreachais maidir leis an Scéim Speisialta de Shaoire Íoctha d’fhostaithe sa tSeirbhís Sláinte Poiblí le COVID fada orthu

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh mholadh ón gCúirt Oibreachais maidir leis an Scéim Speisialta de Shaoire Íoctha d’fhostaithe sa tSeirbhís Sláinte Poiblí le COVID fada orthu

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Meitheamh 2025
  • An t-eolas is déanaí: 30 Meitheamh 2025

Chuir an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD fáilte roimh mholadh ón gCúirt Oibreachais a eisíodh inniu, maidir leis an Scéim Speisialta de Shaoire Íoctha d’fhostaithe sa tSeirbhís Sláinte Poiblí le COVID fada orthu, sna sála ar éisteacht a tharla níos luaithe an mhí seo.

Tá thart ar 159 fostaí ar an Scéim Speisialta i láthair na huaire a bhí le críochnú ar 30 Meitheamh 2025. Mar sin féin, mhol an Chúirt Oibreachas inniu síneadh deireanach leis an an Scéim Speisialta, chun leanúint ar aghaidh go dtí 31 Nollaig 2025. Ag an bpointe sin, ba cheart go n-aistreofar pé duine atá fágtha ar an Scéim chuig an Scéim um Shaoire bhreoiteachta na Seirbhíse Poiblí

Tacaíonn an tAire go hiomlán leis an gcinneadh seo agus leanfaimid orainn anois a chinntiú go síneofar an Scéim, de réir molta ón gCúirt Oibreachais

Nótaí

Tugadh Scéim Speisialta de Shaoire Íoctha 12-mhí isteach i mí Iúil 2022 d’fhostaithe sa tSeirbhís Sláinte Poiblí a bhí cáilithe agus a bhí ag fulaingt le COVID fada.

Ba é aidhm na Scéime seo ná tacú le fostaithe a bhí ag obair i dtimpeallachtaí COVID-19 sa tréimhse sula raibh trealamh cosanta pearsantan ná vacsaíní ar fáil.

Tar éis críochnú na scéime, beidh tacaíocht ar fáil do na fostaithe sin nach féidir leo filleadh ar ais chuig ar an obair tríd an Scéim um Shaoire bhreoiteachta na Seirbhíse Poiblí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat