Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh thús an fhiosrúcháin ar úsáid Valpróáit Sóidiam

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh thús an fhiosrúcháin ar úsáid Valpróáit Sóidiam

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Iúil 2025
  • An t-eolas is déanaí: 23 Iúil 2025

Chuir an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD, fáilte inniu roimh thús an fhiosrúcháin neamhreachtúil ar úsáid agus cheadúnú stairiúil Valpróáit Sóidiam i measc ban atá in aois clainne sa Stát. Beidh Bríd O’Flaherty BL ina cathaoirleach ar an bhfiosrúchán.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Cuirim fáilte roimh thús an fhiosrúcháin, a thabharfaidh deis do na daoine sin a raibh tionchar ag valpróáit sóidiam orthu a scéalta a insint. Bhí mé an-bhuíoch gur bhuail mé le hEagraíocht um Shiondróim Fritrithíochta na hÉireann (OACS Ireland) le déanaí agus tá a fhios agam gur lá tábhachtach é an lá inniu dóibh, chomh maith leis an teaghlaigh uilig a ndéanann siad ionadaíocht dóibh.

"Táim muiníneach go ndéanfaidh an Cathaoirleach fiosrúchán atá neamhspleách agus cothrom, a aimseoidh freagraí do na daoine sin a raibh tionchar aige orthu, chomh maith lena dteaghlaigh féin."

Scrúdóidh an fiosrúchán an comhthéacs stairiúil agus reatha d’úsáid Valpróáit Sóidiam trí thrí ghné éagsúil:

Céim an Athbhreithnithe

Beidh céim an athbhreithnithe ann ar dtús, ina leagfar amlíne amach maidir le húsáid Valpróáit Sóidiam i measc ban atá in aois clainne sa Stát, lena n-áirítear faisnéis ar rialachán, oideasú, dáileachán agus eolas maidir le sábháilteacht a tugadh. Déanfaidh an fiosrúchán taifead d’fhorbairt rialála Valpróáit Sóidiam, chomh maith leis na cleachtais a bhaineann le rialú an táirge seo. Beidh sé d’fhreagracht ar an bhfiosrúchán cáipéisí agus iarratais a lorg ó réimse geallsealbhóirí. Cuirfidh an Cathaoirleach béim ar na deacrachtaí a tháinig chun cinn, chomh maith len iad a thaifeadadh, nuair a dhiúltófar iarratais mar chuid dá bhfeidhm tuairiscithe.

Ráitis Phearsanta

Tríd an dara céim den Fhiosrúchán, ceadófar ráitis ó bhéal ó na daoine sin a diagnóisíodh go raibh Neamhord den Speictream Valpróáite san fhéatas orthu (FVSD), a máithreacha agus a mbaill teaghlaigh gur mian leo páirt a ghlacadh san Fhiosrúchán seo. Tabharfar cuireadh fosta do gheallsealbhóirí eile ráitis ó bhéal a thabhairt, i seisiúin éagsúla. Beidh gach seisiún príobháideach.

Cumas na Seirbhíse Sláinte

Díreoidh an tríú céim ar chumas reatha na seirbhíse sláinte a mheas, chun freagairt d’fhadhbanna sábháilteachta a bhaineann le cógais frith-thaomanna (ASMs) i measc ban atá in aois clainne. Mar chuid de seo, déanfar measúnú ar na córais reatha atá i bhfeidhm chun dul i ngleic le fadhbanna sábháilteachta a bhaineann le húsáid valpróáit sóidiam i measc ban atá in aois clainne; moltaí eile a fhorbairt maidir le córais rialála reatha do valpróáit sóidiam agus ASManna eile, chomh maith leis an seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil dóibh siúd a raibh tionchar ag valpróáit sóidiam orthu. Cuirfidh torthaí an mheasúnaithe seo bonn eolais faoi fhorbairt seirbhíse don todhchaí.

Tuilleadh Faisnéise

Seolfar feachtas cumarsáide sna seachtainí amach romhainn chun feasacht phoiblí a ardú agus teagmháil leis an bhfiosrúchán a spreagadh.

Cé go bhfuil valpróáit sóidiam éifeachtach agus riachtanach mar leigheas d’othair áirithe, is féidir le cógais le valpróáit sóidiam ann a bheith ina gcúis le héalang ó bhroinn, neamhoird néarafhorbartha agus le huathachas i measc na bpáistí sin a ghlac a máithreacha a leithéid de chógais le linn toirchis.

Níor cheart do mhná ná do chailíní ar tugadh valpróáit sóidiam ar oideas dóibh stop a chur leis an gcógas a ghlacadh gan chomhairle a lorg óna ndochtúir. Ba cheart stop tobann a sheachaint maidir le héirí as an leigheas do thitimeas agus neamhord dépholach a ghlacadh, toisc go bhfuil seans de dhroch-éifeachtaí dáiríre ann don bhean agus, i gcás toirchis, don leanbh gan bhreith.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin bhfiosrúchán, téigh chuig svinquiry.ie/.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat