Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte maoiniú Buiséad 2026 chun Cláir Chliniciúla Náisiúnta Meabhairshláinte agus acmhainn leapacha a leathnú
- Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2025
- Maoiniú breise suntasach de €10 milliún i mBuiséad 2026 chun ocht bhfoireann pobail speisialaithe nua a bhunú
- Maoiniú chun 11 leaba othar cónaitheach CAMHS a athoscailt in Linn Dara i mBaile Átha Cliath agus 10 leaba nua in Ospidéal Náisiúnta na Leanaí
- Maoiníodh 10 leaba nua chun an chéad Aonad Athshlánúcháin Dianchúraim (ICRU) in Éirinn a oscailt ag an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinseach i bPort Reachrann, Baile Átha Cliath.
D’fhógair an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler, inniu infheistíocht shuntasach nua de €10 milliún in ocht bhfoireann speisialaithe meabhairshláinte nua agus €6.8 milliún de mhaoiniú breise chun 31 leaba othar cónaitheach a oscailt mar chuid de Bhuiséad 2026.
Faoi gach ceann de na Cláir Chliniciúla Náisiúnta, forbraíodh seirbhísí speisialaithe meabhairshláinte d’Éirinn, trí fhoirne pobalbhunaithe a rolladh amach chun tacú le daoine a bhfuil riachtanais éagsúla meabhairshláinte acu, lena n-áirítear neamhoird itheacháin, síocóis, diagnóis dhúbailte, meabhairshláinte imbhreithe, agus smaointeoireacht a bhaineann le féindhíobháil agus féinmharú.
I mBuiséad 2026, tá maoiniú leithdháilte ag an Aire Butler chun na nithe seo a leanas a fhorbairt:
- Foireann nua Dé-Diagnóis agus athoscailt Chláir Lae ag Keltoi
- Foireann nua Luath-Idirghabhála i Sícóis
- Dhá fhoireann nua um Mhíchumas Intleachtúil Meabhairshláinte CAMHS
- Dhá Fhoireann nua um Neamhoird Itheacháin (ceann amháin do CAMHS agus ceann amháin do Dhaoine Fásta)
- Dhá Fhoireann Idirchaidrimh nua agus baill foirne breise eile do Sheirbhísí Speisialaithe Meabhairshláinte do Dhaoine Scothaosta
- Beirt chomhairleoirí breise do Sheirbhísí Speisialaithe Meabhairshláinte imbhreithe don Rotunda agus don Ospidéal Náisiúnta Máithreachais
Dúirt an tAire Butler:
“Tá tionchar dearfach ag an infheistíocht shuntasach atá déanta inár gCláir Chliniciúla Náisiúnta go dtí seo ar na mílte duine ar fud na tíre a bhí in ann rochtain a fháil ar thacaí speisialaithe, ildisciplíneacha meabhairshláinte ina bpobal.” I mbreis agus 5 bliana mar Aire Meabhairshláinte, sheol mé roinnt Múnlaí Cúraim nua, agus mar thír tá creat cuimsitheach againn anois do sheirbhísí speisialaithe meabahirshláinte.
"Le buiséid as a chéile, tá seirbhísí tógtha agam ó fhoireann amháin nó dhó ina líonraí náisiúnta, agus leanfaimid leis an móiminteam agus an dul chun cinn seo in 2026." Tá maoiniú leithdháilte agam do roinnt clár chun seirbhísí a thabhairt chuig codanna nua den tír, agus chun cabhrú le seirbhísí atá ann cheana freastal ar an éileamh atá ag méadú. Tá i bhfad níos mó le déanamh againn fós chun teacht ar na daoine a bhfuil tacaíocht ó sheirbhísí speisialaithe meabhairshláinte ag teastáil uathu, agus is príomhfhócas domsa é sin sa Bhuiséad seo”.
Tá maoiniú breise de bheagnach €7 milliún faighte ag an Aire Butler freisin chun feabhas a chur ar chumas seirbhíse othar cónaitheach CAMHS agus chun leapacha breise a oscailt ag an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinseach (NFMHS) i bPort Reachrann, Baile Átha Cliath.
Athosclófar aon leaba déag d’othair chónaitheacha CAMHS ag ionad ceadaithe Linn Dara i mBaile Átha Cliath, agus osclófar 10 leaba nua mar chuid den aonad tiomnaithe CAMHS laistigh den Ospidéal Náisiúnta Leanaí nua.
Ag an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinseach (NFMHS), tá an acmhainn ag méadú ó osclaíodh í in 2022, agus leis an infheistíocht i mBuiséad 2026, leithdháileadh 30 ball foirne breise chun oscailt an chéad Aonaid Dianchúraim Athshlánúcháin (ICRU) riamh in Éirinn a éascú. Is aonad é ICRU a sholáthraíonn cúram slán do líon beag daoine ar bhonn fadtéarmach, le fócas agus ionchur athshlánúcháin atá géarghá leis.
Trí na leapacha seo a oscailt, beifear in ann othair a bhogadh ar bhealach níos éifeachtaí trí na leibhéil éagsúla tacaíochta a chuireann an conair chúraim san ospidéal ar fáil, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann tuilleadh othair a ligean isteach ar fud an NFMHS.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá sé ríthábhachtach na leapacha seo a oscailt chun rochtain ar chóireáil meabhairshláinte a fheabhsú, do leanaí agus do dhaoine óga araon, agus dóibh siúd a bhfuil cúram meabhairshláinte fóiréinseach ag teastáil uathu.
“Tá ár n-áiseanna cónaitheacha CAMHS tiomnaithe riachtanach do na leanaí agus na teaghlaigh a bhfuil gá acu leo, agus tá dul chun cinn láidir déanta againn chun deireadh a chur le ligean isteach leanaí in aonaid ghinearálta do dhaoine fásta.” Téann beagnach 100% de na daoine a ligtear isteach san ospidéal meabhairshláinte leanaí agus déagóirí chuig aonaid tiomnaithe anois, suas ó 71% in 2020. Níor ligeadh isteach ach beirt daoine óga, 17 mbliana d’aois an bheirt acu, i mbarda do dhaoine fásta ar mhaithe lena sábháilteacht féin sa chéad leath den bhliain seo. Cabhróidh na 21 leaba bhreise seo linn an dul chun cinn sin a choinneáil ar siúl.
“Táim bródúil as a bheith ag maoiniú leapacha nua freisin chun an chéad Aonad Athshlánúcháin Dianchúraim (ICRU) in Éirinn a oscailt ag an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinseach, ag cur leis an mBuiséad anuraidh a chuir foireann ar fáil chun na leapacha atá fágtha a oscailt san Ospidéal Meabhair-Ghalar Lárnach.”
Tá an infheistíocht seo leabaithe i gcur chuige na hÉireann maidir le cur i bhfeidhm beartas meabhairshláinte. Tá gealltanas tugtha i gComhFhís – Beartas Meabhairshláinte do Chách, agus i gCeangalar son na Beatha, straitéis náisiúnta na hÉireann chun féinmharú a chosc, acmhainní cuí a sholáthar do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu, lena n-áirítear seirbhísí speisialaithe cúraim meabhairshláinte a sholáthar agus feabhas a chur ar acmhainn leapacha othar.
Nótaí
- Bunaíodh na Cláir Chliniciúla Náisiúnta (NCPanna) chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i seirbhísí speisialaithe meabhairshláinte. Tá siad faoi mhaoirseacht Chomhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus Ceannaire an Ghrúpa um Mheabhairshláinte de chuid FSS. Tá feabhas a chur ar na cláir seo ina phríomhfhócas le roinnt blianta anuas, agus maoiniú agus foireann nua á leithdháileadh bliain i ndiaidh bliana chun tacú lena sprioc cúram ardchaighdeáin, atá dírithe ar an duine agus atá bunaithe ar fhianaise a sholáthar trí chur chuige faoi stiúir chliniceoirí.
- A bhuí leis an maoiniú go dtí seo, bhíothas in ann foirne a bhunú do na seirbhísí speisialaithe meabhrach atá liostaithe faoi na cláir chliniciúla. De ghnáth, bíonn na seirbhísí seo ag freastal ar riachtanas nach raibh seirbhísí sláinte pobail in ann tacú leis roimhe seo, agus is forbairt ríthábhachtach iad i seirbhísí meabhairshláinte in Éirinn.
- Neamhoird Itheacháin: Is iad neamhoird itheacháin is mó a mbíonn an ráta báis agus breoiteachta iontu i measc na ndaoine atá thíos leis an tsláinte mheabhrach, agus bíonn difríocht mhór idirghabháil luath, cúram atá bunaithe ar fhianaise, agus tacaíocht chomhsheasmhach i dtaca le téarnamh cliniciúil agus pearsanta daoine a mbíonn neamhoird itheacháin ag fulaingt uathu. Samhlaíonn an tSamhail Chúraim líonra náisiúnta d’fhoirne ildisciplíneacha pobailbhunaithe chun daoine a bhfuil neamhoird itheacháin orthu a dhiagnóisiú agus a chóireáil – 8 bhfoireann do leanaí agus 8 d’aosaigh. Faoi láthair, tá 14 fhoireann maoinithe, lena n-áirítear; 5 fhoireann CAMHS agus 6 fhoireann do dhaoine fásta.
- Diagnóis Dhúbailte: Sa tsíciatracht, is minic a thagraíonn diagnóis dhúbailte do dhuine a bhfuil fadhb mí-úsáide substaintí agus fadhb meabhairshláinte amhail dúlagar nó neamhord imní aige/aici araon. Caithfidh roghanna cóireála aghaidh a thabhairt ar an dá rud, agus dá bhrí sin, tá Samhail Cúraim forbartha ag an FSS ina moltar 12 Fhoireann Speisialaithe Dé-Diagnóise do Dhaoine Fásta a fhorbairt go náisiúnta, 4 Fhoireann Mol Déagóirí, agus Ionad Athshlánúcháin Dé-Diagnóise Náisiúnta. Go dtí seo tá 2 fhoireann do Dhaoine Fásta agus 2 fhoireann d’Ógánaigh ag feidhmiú, agus maoiniú á chur ar fáil do 2 fhoireann bhreise agus do phoist bhreise in 2025 agus tá earcaíocht á déanamh orthu faoi láthair.
- Idirghabháil luath i Síocóis: Is riocht í an tsíceóis a théann i bhfeidhm ar an gcaoi a bpróiseálann an inchinn faisnéis, ag clúdach raon comharthaí ina mbíonn tionchar ar chreideamh, smaointe, mothúcháin, dearcthaí nó iompraíochtaí duine. Is féidir go mbeadh sé deacair ar dhuine a bhfuil síocóis air idirdhealú a dhéanamh idir an rud atá fíor, agus is gnách go dtosaíonn sé sna déagóirí déanacha/luathfhichidí. Is cur chuige fianaise-bhunaithe é Idirghabháil Luath i Síocóis (EIP) a fhéadann taithí agus torthaí daoine óga atá os comhair sícóis a chlaochlú, agus tá 5 fhoireann ildisciplíneacha ag feidhmiú anois. Tá trí fhoireann EIP breise á bhforbairt i mbliana ag an FSS bunaithe ar mhaoiniú a daingníodh do 2025.
- Seirbhísí Meabhairshláinte Speisialaithe do Dhaoine Scothaosta: Soláthraíonn an tSamhail Cúraim seo creat chun seirbhísí meabhairshláinte speisialaithe a sholáthar do dhaoine scothaosta, agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn siad le seirbhísí leighis ginearálta agus speisialaithe do dhaoine scothaosta i gcúram príomhúil agus tánaisteach agus a chomhlánaíonn siad. Tá sé á chur i bhfeidhm de réir a chéile faoi láthair, agus othair á bhfeiceáil ag 4 shuíomh píolótach/taispeána faoi láthair agus suíomh eile á fhorbairt.
- Seirbhísí Speisialaithe Meabhairshláinte Imbhreithe (SPMHS): Ar fáil anois i ngach ceann de na 19 ospidéal máithreachais ar fud na tíre, cuireann Seirbhísí Speisialaithe Meabhairshláinte imbhreithe (SPMHS) tacaíocht ar fáil do mhná torracha agus do mhná a bhfuil leanbh suas le bliain d'aois acu, a bhfuil fadhb Meabhairshláinte acu atá ann cheana féin nó atá nua. Tá sé fhoireann ildisciplíneacha faoi stiúir comhairleora i bhfeidhm ar fud na bpríomhospidéil mháithreachais (An Coim, Ospidéil Náisiúnta Máithreachais, an Rotunda, Gaillimh, Corcaigh, Luimneach), agus tá 13 láthair spóca ann a bhfuil poist mhná cabhracha meabhairshláinte imbhreithe acu. Tá obair ar siúl ag an FSS chun dul chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt Aonaid Máthar agus Leanbh Imbhreithe (ANL) d’Éirinn, seirbhís meabhairshláinte d’othair chónaitheacha a thugann tacaíocht ábhartha máithreachais chun ligean do mhná fanacht lena leanaí le linn a gcóireála meabhairshláinte.
- Míchumas Intleachtúil Meabhairshláinte (MHID): In 2021, d’fhoilsigh an FSS an tSamhail Cúraim do Mhíchumas Intleachtúil Meabhairshláinte, chun feabhas a chur ar thaithí agus ar thorthaí na seirbhíse meabhairshláinte do dhaoine faoi mhíchumas intleachtúil. Is féidir le thart ar cheathrar as gach deichniúr a bhfuil míchumas intleachtúil orthu tinneas meabhrach a fhulaingt ina saol, agus samhlaíonn an tSamhail Chúraim líonra náisiúnta foirne ildisciplíneacha – 31 do dhaoine fásta, agus 16 do leanaí. Faoi láthair tá 18 bhfoireann do dhaoine fásta agus 15 fhoireann CAMHS-ID ann.
Seirbhísí d’othair inmheánacha CAMHS
- Linn Dara: Tá an t-aonad othar cónaitheach 24 leaba i Linn Dara atá tógtha chun na críche sin ar champas Cherry Orchard cumraithe mar dhá bharda 11 leaba agus Aonad Ard-Spleáchais 2 leaba breise. I mí na Bealtaine 2022, mar gheall ar ghanntanas foirne altranais, dúnadh ceann de na haonaid 11 leaba, agus laghdaíodh acmhainn na seirbhíse go 13 leaba. Beidh tionchar dearfach suntasach ag an maoiniú breise a dhaingnigh an tAire Butler faoi Bhuiséad 2026 chun na 11 leaba i Linn Dara a athoscailt ar sheachadadh seirbhísí. Cé go bhfuil leapacha othar cónaitheach CAMHS ag feidhmiú ag 70% d’acmhainn le 18 mí anuas, ciallaíonn an fhorbairt seo go mbeidh méadú breise anois ar infhaighteacht measúnaithe agus cóireála othar cónaitheach do dhaoine óga a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha sláinte meabhrach acu.
- Ospidéal Náisiúnta na Leanaí: Beidh 20 leaba meabhairshláinte le en suite (CAMHS) tiomnaithe san áireamh san Ospidéal Náisiúnta nua do Leanaí, chun othair a bhfuil fadhbanna géarmhíochaine meabhairshláinte agus neamhoird itheacháin orthu a chóireáil.
An tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí
- ICRU: Tá an tOspidéal Meabhair-Ghalar Lárnach (CMH) cláraithe mar Ionad Ceadaithe faoin Acht Meabhairshláinte 2001 agus is ionad ainmnithe é faoin Acht um Ghealtacht Choiriúil 2006. D’athlonnaigh an CMH go Port Reachrann, Co. Bhaile Átha Cliath, ar an 13 Samhain 2022. Ar shuíomh na Seirbhíse Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinseach i bPort Reachrann, tógadh Aonad Dianchúraim agus Athshlánúcháin (ICRU) mar chuid den tionscadal caipitil foriomlán in 2022. A bhuíochas leis an maoiniú breise a dhaingnigh an tAire Butler faoi Bhuiséad 2026, beifear in ann an ICRU oscailt de réir a chéile, rud a ligfidh d’othair a bhfuil riachtanais chasta meabhairshláinte acu bogadh trí na leibhéil éagsúla tacaíochta a chuireann an cosán cúraim fhóiréinseach san ospidéal ar fáil, agus dá réir sin, ceadófar tuilleadh ligean isteach ar fud an Phríomh-Ospidéil Meabhairghalar.