Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte infheistíocht mhór i dtacaíochtaí géarchéime agus i gcosc féinmharaithe i mBuiséad 2026

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 13 Deireadh Fómhair 2025
  • 300 ball foirne coibhéiseach lánaimseartha breise gan fasach leithdháilte ar sheirbhísí sláinte meabhrach in 2026
  • Infheistíocht nua de bhreis is €15m dírithe ar thacaí géarchéime agus cosc féinmharaithe
  • Tá méadú os cionn 50% tagtha ar mhaoiniú sláinte meabhrach ó 2020 i leith.

D’fhógair an tAire Meabhairshláinte Mary Butler TD, go bhfuil 300 ball foirne nua gan fasach curtha ar fáil do sheirbhísí meabhairshláinte i mBuiséad 2026, arb ionann é agus 9% den fhás iomlán (3,300) ar líon na foirne sa tseirbhís sláinte an bhliain seo chugainn.

Beidh an leithdháileadh iomlán do mheabhairshláinte do 2026 beagnach €1.6bn, leibhéal maoinithe taifead agus méadú don séú bliain as a chéile. Tá méadú os cionn 50% tagtha ar mhaoiniú meabhairshláinte ó 2020 i leith.

Leis an mbuiséad taifead seo, beifear in ann díriú go mór ar thacaíocht a fheabhsú do dhaoine atá i ngéarchéim meabhairshláinte in ospidéil agus sa phobal araon trí €15m breise a chur ar fáil le haghaidh tacaíochtaí géarchéime agus cosc féinmharaithe. Tá dul chun cinn suntasach déanta le trí bliana anuas chun bealaí malartacha sláinte meabhrach géarchéime a fhorbairt; áfach, leanann líon mór cásanna sláinte meabhrach a fheiceáil i ranna éigeandála le breis agus 50,000 in 2024 de réir an Choimisiúin Mheabhair- Shláinte.

Ag baint úsáide as maoiniú a leithdháil an tAire Butler i mBuiséad 2026, bunóidh an FSS foirne altranais speisialaithe i ranna éigeandála gach ospidéil de chuid Múnla 4* lasmuigh d’uaireanta oibre, chomh maith le conair nua freagartha géarchéime a bhunú do leanaí agus do dhaoine óga a mbeidh dochtúirí speisialaithe CAMHS mar fhoireann ann.

Maoineofar trí Sheirbhís nua um Réiteach Géarchéime, mar aon le caiféanna géarchéime ‘buail isteach’ gaolmhara, do Dhún na nGall, do Chiarraí agus do na Lár-Tíre mar roghanna malartacha in ionad ranna éigeandála chun tacú leo siúd atá i ngéarchéim meabhairshláinte. Earcófar 12 Altra Measúnaithe Géarchéime Féinmharaithe (SCAN) eile chun oibriú le daoine i nguais ghéar a thagann chuig seirbhísí dochtúirí teaghlaigh i bpobail.

Dúirt an tAire Butler:

“Tá áthas an domhain orm gur oibrigh mé go dlúth leis an Aire Carroll MacNeill chun 300 ball foirne breise a fháil dár seirbhísí meabhairshláinte. Cabhróidh trian de na cliniceoirí nua seo linn tacaíocht a dhíriú ar dhaoine atá i ngéarchéim meabhairshláinte inár n-ospidéil agus inár bpobail araon.

Trí fhoirne altranais speisialaithe a chur inár ranna éigeandála lasmuigh d’uaireanta oibre, mar aon le leathnú roghanna pobail amhail foirne réitigh géarchéime agus caiféanna géarchéime, táimid ag athrú go bunúsach an chaoi a bhfreagraímid do riachtanais daoine atá i nguais.

“Táim ag leithdháileadh maoiniú €1m i mBuiséad 2026 freisin chun tacú le cur i bhfeidhm tosaigh na straitéise nua um laghdú féinmharaithe a raibh beagnach 2,000 duine páirteach sa chomhairliúchán poiblí ina leith.

D’inis daoine dúinn faoina dtaithí agus iad ag plé le seirbhísí agus chuir siad béim air nach raibh ranna éigeandála i gcónaí ina dtimpeallachtaí oiriúnacha do dhaoine i nguais féinmharaithe.

Leis an infheistíocht mhéadaithe seo, cuirfimid roghanna eile ar fáil do dhaoine atá i gcruachás chun rochtain a fháil ar thacaíocht i suíomh pobail. Tá maoiniú breise faighte agam d’Altraí Measúnaithe Géarchéime Féinmharaithe (SCAN) a thacaíonn le daoine a thagann chuig dochtúirí teaghlaigh, agus méadóidh mé an maoiniú chun tacú leis an obair tarrthála beatha a dhéanann Pieta agus eagraíochtaí pobail agus deonacha eile chomh maith.”

Tacaíocht Ghéarchéime & Laghdú Féinmharaithe – Bearta Nua os cionn €15m i mBuiséad 2026:

  • Foirne Altranais Speisialaithe comhdhéanta d’Altraí Cleachtóirí Ardleibhéil agus d’Altraí Speisialaithe Cliniciúla i ngach roinn éigeandála ospidéil ‘Samhail 4*' lasmuigh d’uaireanta oibre (6i.n.-2r.n.) chun tacú le daoine i ngéarchéim – (€2.8m)
  • Trí Sheirbhís Réitigh Géarchéime nua lena n-áirítear Caiféanna Géarchéime ‘Solace’ chun tacú le daoine i nguais i nDún na nGall, i gCiarraí agus sna Lár-Tíre (Tulach Mhór/An Iarmhí) – (€4m)
  • Altraí Measúnaithe Géarchéime -Féinmharaithe (SCAN) Breise chun tacú le daoine i nguais a thagann chuig dochtúirí teaghlaigh sa phobal – (€1m)
  • Maoiniú €415,000 do roinnt tionscnamh um chosc féinmharaithe atá dírithe go sonrach ar an Lucht Siúil agus atá comhcheaptha leis an bPobal an Lucht Siúil.
  • Maoiniú méadaithe €1.7m d'eagraíochtaí pobail agus deonacha um chosc féinmharaithe, lena n-áirítear Pieta
  • Maoiniú €1m chun straitéis nua laghdaithe féinmharaithe a chur i bhfeidhm
  • Maoiniú chun conair nua freagartha géarchéime a fhorbairt do leanaí agus do dhaoine óga le 19 dochtúir speisialtóireachta CAMHS nua le haghaidh idirchaidreamh éigeandála agus lasmuigh d’uaireanta oibre chomh maith le cúigear síciatraithe idirchaidrimh nua do dhaoine fásta – (€4m)

Chomh maith leis sin, cuirfidh Buiséad 2026 méadú ar acmhainn leapacha do sheirbhísí meabhairshláinte ar fáil, lena n-áirítear oscailt agus coimisiúnú 21 leaba chónaitheach géarmhíochaine do CAMHS. Leithdháilfear maoiniú chun foireann a chur ar fáil d’oscailt 10 leaba tiomnaithe do CAMHS in Ospidéal Náisiúnta Leanaí na hÉireann agus chun 11 leaba CAMHS a athoscailt i Linn Dara. Earcófar foireann nua freisin chun 10 leaba nua san Aonad Athshlánúcháin Dianchúraim (ICRU) a oscailt ag an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinseach i bPort Reachrann, Co. Bhaile Átha Cliath.

Nótaí

*Ospidéil ‘Samhail 4’: Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath; Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath; Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath; Ospidéal Ollscoile Thamhlachta, Baile Átha Cliath; Ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath; Ospidéal Ollscoile Chorcaí; Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge; Ospidéal na hOllscoile Gaillimh; Ospidéal na hOllscoile, Luimneach

Buiséad Meabhairshláinte 2026 – Achoimre:

  • Beidh an leithdháileadh iomlán do sheirbhísí meabhairshláinte do 2026 beagnach €1.6bn, leibhéal maoinithe taifead agus méadú don séú bliain as a chéile. Tá méadú os cionn 50% tagtha ar mhaoiniú na Meabhairshláinte ó 2020 nuair a ceapadh an tAire Butler don chúram.
  • Fostófar 300 ball foirne breise coibhéiseach lánaimseartha i seirbhísí meabhairshláinte in 2026, arb ionann é agus 9% den fhás iomlán ar fhoireann na seirbhíse sláinte an bhliain seo chugainn.
  • Díreofar i mbuiséad na bliana seo ar infheistíocht a dhéanamh i dtacaíocht géarchéime agus i gcosc féinmharaithe; idirghabháil luath agus teiripí cainte do shláinte mheabhrach na hóige agus leathnú a dhéanamh ar na Cláir Chliniciúla Náisiúnta; lena n-áirítear Diagnóis Dhúbailte, Neamhoird Itheacháin, Meabhairshláinte imbhreithe, agus seirbhísí speisialaithe do dhaoine scothaosta.

Tionscnaimh Bhreise i Meabhairshláinte atá san áireamh i mBuiséad 2026:

Meabhairshláinte Leanaí & Óige:

  • Maoiniú chun dhá sheirbhís nua idirghabhála meabhairshláinte do dhaoine óga a oscailt
  • Maoiniú do phointe rochtana aonair digiteach do sheirbhísí meabhairshláinte óige
  • Foireann bhreise speisialtóireachta neamhoird itheacháin CAMHS
  • Dhá fhoireann nua Meabhairshláinte do Mhíchumas Intleachtúil do leanaí
  • Cúig Choláiste Fionnachtana nua meabhairshláinte do dhaoine óga

Teiripí cainte, tacaíocht dhigiteach agus piaraí:

  • Maoiniú chun an straitéis nua dhigiteach meabhairshláinte a chur i bhfeidhm
  • Ciste nua teiripí cainte chun Seirbhísí Teiripe Pobail a sholáthar
  • Oibrithe tacaíochta piaraí meabhairshláinte breise

Cláir Chliniciúla Náisiúnta:

  • Foireann nua Dé-Diagnóis
  • Maoiniú chun ionad cóireála Keltoi a athoscailt
  • Comhairleoirí nua do Mheabhairshláinte imbhreithe
  • Dhá fhoireann idirchaidrimh nua do Sheirbhísí Meabhairshláinte do Dhaoine Scothaosta agus poist bhreise d'fhoirne pobail
  • Foireann nua do Neamhord Itheacháin do Dhaoine Fásta
  • Foireann nua um Idirghabháil Luath i Síocóis
  • Foireann bhreise lárnach d'Fhoirne Meabhairshláinte do Dhaoine Fásta

Bíonn tacaíocht ar fáil i gcónaí

Má tá tacaíocht de dhíth ortsa, nó ar dhuine éigin a bhfuil aithne agat air, tabhair cuairt ar www.yourmentalhealth.ie chun eolas a fháil ar conas aire a thabhairt don mheabhairshláinte, chun tacú le daoine eile, nó chun seirbhís tacaíochta a aimsiú i do cheantar.

Is féidir leat cabhair a fháil trí:

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat