Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte Mary Butler infheistíocht €3 mhilliún i dtaighde meabhairshláinte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte Mary Butler infheistíocht €3 mhilliún i dtaighde meabhairshláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Eanáir 2026
  • An t-eolas is déanaí: 13 Eanáir 2026
  • Leithdháileadh €1 mhilliún chun Líonra Taighde Comhoibríoch Meabhairshláinte nua uile-oileánda a bhunú
  • €2 mhilliún breise leithdháilte ag an mBord Taighde Sláinte ar 10 dtionscadal taighde éagsúla chun tuiscint ar mheabhairshláinte a chur chun cinn i réimsí amhail: meabhairshláinte na ndaoine óga, NEAH i ndaoine fásta, meabhairshláinte na mban, agus uaigneas i measc daoine scothaosta
  • Tá maoiniú tiomnaithe an Bhoird Taighde Sláinte do thaighde meabhairshláinte méadaithe faoi thrí ó 2022

D’fhógair an tAire Meabhairshláinte Mary Butler TD infheistíocht €3 mhilliún i dtaighde meabhairshláinte inniu chun tuiscint a chur chun cinn i réimsí amhail meabhairshláinte na ndaoine óga, NEAH i ndaoine fásta, meabhairshláinte na mban, agus uaigneas i measc daoine scothaosta.

Bunóidh deontas €1 mhilliún Líonra Taighde Comhoibríoch nua uile-oileánda i meabhairshláinte a bheidh faoi stiúir Ollscoil Mhá Nuad, i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na Gaillimhe, agus leis an Fhondúireacht Náisiúnta Taighde faoin bhFéinmharú i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Déanfaidh an líonra taighde nua taithí bheo a leabú sa taighde meabhairshláinte trí chomhtháirgeadh staidéar idir acadóirí agus rannpháirtíocht an phobail, agus ag an am céanna cumais agus deiseanna gairme a fhorbairt do thaighdeoirí i réimse na meabhairshláinte. Déanfaidh an líonra comhordú freisin ar thaighde meabhairshláinte trí bhearnaí taighde a aithint agus comhpháirtíochtaí a chothú idir institiúidí acadúla in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Cuirfidh €2 mhilliún breise maoiniú ar fáil do 10 dtionscadal taighde meabhairshláinte ar leith, ag cur go díreach le gealltanais sa Straitéis Náisiúnta maidir le Taighde ar Mheabharshláinte-agus in Comhfhís: Beartas Meabhairshláinte doChách.

Tacaíonn buiséad tiomnaithe taighde meabhairshláinte an Bhoird Taighde Sláinte leis na hinfheistíochtaí seo a chuir an tAire Meabhairshláinte ar fáil, atá méadaithe faoi thrí ó 2022, rud a chuireann béim ar thiomantas láidir an Aire do bheartas bunaithe ar fhianaise agus do nuálaíocht i meabhairshláinte.

Dúirt an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler:

“Is céim mhór chun cinn í an infheistíocht shuntasach seo maidir leis an gcaoi a dtuigimid agus a bhfreagraímid do riachtanais meabhairshláinte in Éirinn. Tá maoiniú tiomnaithe do thaighde meabhairshláinte méadaithe faoi thrí ó 2022, rud a léiríonn ár dtiomantas láidir do bheartas bunaithe ar fhianaise agus do nuálaíocht.

“Déanfaidh an Líonra um Thaighde Comhoibríoch nua uile-oileánda claochlú ar an gcaoi a gcomhordaítear taighde, cumas taighde a fhorbairt, taithí bheo a chomhtháthú laistigh de thionscadail taighde, agus a chinntiú go n-aistrítear torthaí taighde go tionchar fíorshaoil. Ba phríomh-mholadh é an Líonra um Thaighde Comhoibríoch sa Straitéis Náisiúnta maidir le Taighde ar Mheabhairshláinte a d’fhoilsigh mé i mí na Nollag 2024.

“Déanfaidh na 10 dtionscadal taighde atá maoinithe difear follasach cibé acu trí thréimhsí feithimh do dhaoine óga a laghdú trí chur chuige idirghabhála seisiún aonair nó trí iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le dochtúirí teaghlaigh ról níos mó a imirt i dtacú le daoine fásta a bhfuil NEAH orthu. Cabhróidh na léargais a spreagfar ó na tionscadail seo linn seirbhís meabhairshláinte níos freagrúla, níos cuimsithí agus níos éifeachtaí a thógáil do chách.”

Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachas agus Thaighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless:

“Tá lúcháir orm Ollscoil Mhá Nuad a fheiceáil chun tosaigh arís ar an tionscnamh ríthábhachtach seo agus ag leanúint ar aghaidh ag forbairt a ndámh sláinte agus a saineolais, i ndiaidh sheoladh rathúil a Scoil Altranais nua anuraidh. Tugann taighde agus anailís eolacha buntáistí iomadúla maidir le dúshláin shochaíocha a réiteach, amhail i réimse na meabhairshláinte. Is minic a eascraíonn dul chun cinn as fiosrúcháin nach rabhthas ag súil leo agus aithníonn agus tacaíonn taighde ceannródaíoch leis sin. Ar fud chlár an rialtais, aithnímid an luach le taighde agus a chur i bhfeidhm ar shláinte phoiblí.

“Léiríonn an maoiniú seo freagra an rialtais ar mheabhairshláinte ina iomláine agus ár gceannaireacht leanúnach maidir le sármhaitheas eolaíoch chun idirghabhálacha beartais a threorú ar fud an rialtais Tá an infheistíocht shuntasach agus spriocdhírithe ón mBord Taighde Sláinte ag teacht le deiseanna maoinithe taighde iomaíocha ó Thaighde Éireann chun tacú le taighde den scoth sa Stát.”

Dúirt POF an Bhoird Taighde Sláinte, Gráinne Gorman:

“Cuirimid fáilte roimh thiomantas leanúnach an Aire Butler chun taighde meabhairshláinte a chur chun cinn, rud a chonaic buiséad tiomnaithe taighde meabhairshláinte an HRB faoi thrí ó 2022. Léiríonn an infheistíocht is deireanaí seo cumhacht an chomhtháirgthe agus an chomhoibrithe maidir le taighde a fheabhsaíonn meabhairshláinte agus folláine a chur chun cinn, go háirithe i measc pobal tosaíochta nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu, ar fud oileán na hÉireann.”

An Líonra um Thaighde Comhoibríoch

Gheobhaidh an Líonra um Thaighde Comhoibríoch – CO-PRIME (Co-producing and Promoting Research & Innovation in Mental Health) – faoi stiúir an Ollaimh Sinead McGilloway ó Ollscoil Mhá Nuad, €1 mhilliún thar chúig bliana ón mBord Taighde Sláinte. Iarradh an líonra seo sa Straitéis Maidir Le Taighde Ar Mheabhairshláinte.

Déanfaidh Líonra CO-PRIME:

  • Taithí bheo agus comhtháirgeadh a leabú i dtaighde meabhairshláinte
  • Cumas a fhorbairt trí oiliúint agus forbairt ghairme do thaighdeoirí ó chúlraí éagsúla
  • Bearnaí eolais a aithint agus tacú le haistriú taighde ina bheartas agus cleachtas
  • Comhoibriú uile-oileánda agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chothú

Maoiniú tionscadail do 10 staidéar nua

Tá €2 mhilliún infheistithe freisin ag an mBord Taighde Sláinte i 10 dtionscadal taighde meabhairshláinte nua tríd an scéim Dámhachtainí Comhpháirtíochta Feidhmeacha , a thugann úsáideoirí eolais agus taighdeoirí le chéile chun tionscadail a chomhfhorbairt a thugann aghaidh ar riachtanais fhíorshaoil i gcúram sláinte agus cúram sóisialta Sa bhabhta seo den scéim, d’iarr an Bord Taighde Sláinte (HRB) iarratais i réimse na meabhairshláinte go sonrach, agus bhí leibhéal an-ard spéise ar fud an phobail taighde. Léiríonn na tionscadail mhaoinithe an béim ón gComhfhísar an ngá atá le cur chuige an rialtais ina iomláine agus an daonra ina iomláine i leith na meabhairshláinte.

Liosta de na tionscadail taighde a mhaoinigh an HRB faoin nglao seo:

  • Improving the Mental Health and Wellbeing of Priority Population Groups: An Evaluation of the Act Belong Commit Mental Health Promotion Initiative in Community Settings – an tOllamh Margaret Barry (Ollscoil na Gaillimhe) & An Dr Aisling Sheehan (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte)
  • Project ACCESS (Advancing Care through Single-Session Therapy): Examining the Implementation of Timely Youth Mental Health Interventions in Jigsaw Ireland – An Dr Amanda Fitzgerald (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) & Dr Jeff Moore (Jigsaw – The National Centre for Youth Mental Health)
  • Exploring Experiences and Co-producing Supports to Promote Mental Wellbeing and Improve Access to Mental Health Services for Children with Physical Disabilities in Ireland – An Dr Jennifer Ryan (Coláiste Ríoga na Máinleá, in Éirinn Ollscoil na Míochaine agus na nEolaíochtaí Sláinte) & An tUasal Michael Walsh (An Clinic Lárnach Íocshláinteach)
  • Improving Outcomes for Children in Care – An tOllamh David Hevey (Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath) & An tUasal Robert O’Connor (An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach - Tusla)
  • Designing an Integrated Women’s Mental Health Service: Enhancing Quality and Integration of Women’s Mental Healthcare – An Dr Anne Doherty (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) & An Dr Richard Duffy (Ospidéal an Rotunda )
  • Enabling General Practitioners to Develop an Extended Role in Adult ADHD Diagnosis and Management in Primary Care – An tOllamh Emma Wallace (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) & An Dr Aoife O'Sullivan (Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann)
  • SMILE MS: Supporting Mental Health by Improving the Lives and Emotional Wellbeing of People with Multiple Sclerosis – An Dr Rebecca Maguire (Ollscoil Mhá Nuad) & Uas Mary McCusker (Cumann Scléaróise Iolraí na hÉireann)
  • Understanding and Addressing Mental Health, Loneliness and Quality of Life in Older People Living with HIV in Ireland: A Pathway to Social Prescribing – An Dr Louise Brennan (Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath) & An tOllamh David Robinson (Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath)
  • Shifting the Paradigm- Empowering Paramedic Educators to Better Support Practitioner Mental Health, through an Evidence-Based, Scaffolded Teaching Faculty Curriculum – An Dr Michelle O’Toole (Coláiste Ríoga na Máinleá, in Éirinn Ollscoil na Míochaine agus na nEolaíochtaí Sláinte) & An tUasal Brendan Cawley (An Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil)
  • Integrating Smoking Cessation Interventions into Mental Health Services: National Survey, Guideline Development and Pilot Service Evaluation – An tOllamh Brian O’Donoghue (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) & An tOllamh John Lyne (Ospidéal an Chaisleáin Nua, Na Clocha Liatha)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat