Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníonn an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler, dearbhú an EDS maidir le meabhairshláinte a chomhtháthú i ngach beartas Rialtais

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Meitheamh 2025
  • An t-eolas is déanaí: 23 Meitheamh 2025

Tá Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Meabhairshláinte, Mary Butler TD , tar éis dearbhú an EDS maidir le ‘Meabhairshláinte i ngach Beartas’ a shíniú thar ceann na hÉireann d’fhonn meabhairshláinte a chomhtháthú i ngach beartas Rialtais.

Tá an tAire Butler tar éis taisteal go Páras chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag comhdháil dhá lá de chuid an EDS (an Eoraip) (16 agus 17 Meitheamh) agus chun cur le painéal aireachta ardleibhéil, cruinnithe déthaobhacha a reáchtáil le hAirí Sláinte na Fraince, na Liotuáine agus Mhálta agus freastal ar lón oibre arna óstáil ag an Aire Francach Yannick Neuder chun réimse saincheisteanna comhleasa a phlé.

Le linn an chruinnithe ardleibhéil, roinn an tAire Butler samplaí de na háiteanna inar éirigh le hÉirinn torthaí dearfacha a bhaint amach i réimse na meabhairshláinte i gcomhar le ranna rialtais eile. Go háirithe, leag an tAire béim ar an rannpháirtíocht dhearfach idir an Roinn Sláinte, an Roinn Tithíochta, Údaráis Áitiúla, agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun tithíocht thacaithe a sholáthar do thart ar 500 duine a bhfuil deacrachtaí leanúnacha meabhairshláinte acu in 2024.

Chomh maith leis sin, leag an tAire Butler béim ar thionscnamh nua ón Roinn Sláinte agus ón Roinn Dlí agus Cirt, faoi stiúir an FSS agus an Gharda Síochána i Luimneach, chun cur chuige comhoibríoch (CAST) a phíolótú i leith daoine atá i ngéarchéim meabhairshláinte trí fhreagairt chomhpháirteach ó chliniceoirí agus ó Ghardaí. Tá an scéim phíolótach ag léiriú ratha cheana féin maidir le daoine i ngéarchéim a atreorú ó ranna éigeandála gnóthacha agus ón gcóras ceartais choiriúil.

Chomh maith le taithí na hÉireann go dtí seo ar chomhoibriú tras-rannach i réimse na meabhairshláinte a roinnt, labhair an tAire faoi phleananna breise chun freagairtí cuimsitheacha a neartú ar fud na bhfachtóirí sóisialta a bhaineann le meabhairshláinte i dtithíocht, fostaíocht, ceartas agus cosaint shóisialta.

Tá sé ríthábhachtach sláinte mheabhrach a chomhtháthú i ngach beartas rialtais chun aghaidh a thabhairt ar an idirghníomhaíocht chasta idir cinntitheoirí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil a mhúnlaíonn meabhairshláinte. Ní bhíonn meabhairshláinte ann ina haonar, bíonn tionchar mór ag fachtóirí amhail cobhsaíocht tithíochta, dálaí fostaíochta, rochtain ar oideachas, comhtháthú pobail, agus cáilíocht an chomhshaoil air.

Ag labhairt di i bPáras ag an gcomhdháil, dúirt an tAire Butler:

“Tá sé fíorthábhachtach go gcuirtear meabhairshláinte san áireamh i ngach cinneadh rialtais, ní hamháin sa tsláinte, ach i réimsí cosúil le tithíocht, fostaíocht, ceartas agus an comhshaol.” Bíonn tionchar ag go leor gnéithe dár saol laethúil ar ár meabhairshláinte, amhail cibé an bhfuil áit shábháilte againn le maireachtáil, ioncam leordhóthanach, rochtain ar oideachas, agus spásanna glasa glana. Trí shláinte mheabhrach a áireamh i ngach ceann dá bheartais, is féidir leis an Rialtas cabhrú le sochaí níos cothroime agus níos sláintiúla a chruthú ina bhfaigheann daoine an tacaíocht a theastaíonn uathu go luath. Is féidir leis an gcur chuige comhtháite seo meabhairshláinte níos fearr a bhaint amach do gach duine sa tír.

“Is mór agam an deis a bhí agam a bheith i bPáras chun dearbhú na hEagraíochta Domhanda Sláinte a shíniú maidir le meabhairshláinte a chomhtháthú i ngach beartas Rialtais agus scéal na hÉireann maidir le comhoibriú tras-rialtais ar mheabhairshláinte go dtí seo a roinnt.

“Tá go leor dul chun cinn déanta againn i réimse na meabhairshláinte in Éirinn i gcomparáid le cuid dár gcomhghleacaithe san Eoraip agus táim spreagtha ag an spéis agus an t-aiseolas ó Bhallstáit eile an AE sa chlár oibre athchóirithe agus feabhsúcháin atá á shaothrú againn.”

Agus í ag tagairt do nádúr tras-earnála Bheartais Meabhairshláinte na hÉireann, 'Comhfhís', 'Ceangail ar Feadh an tSaoil' agus 'Bealaí chun Folláine', dúirt an tAire:

“Ceann de na láidreachtaí móra atá ag Comhfhís ná go bhfuil fócas an-leathan aige, le tionscnaimh a théann trasna brainsí éagsúla den Rialtas. Tá sé seo amhlaidh toisc gur gnó gach duine, freagracht gach duine, an meabhairshláinte, agus ba chóir go mbeadh sé amhlaidh. Breathnaíonn Comhfhís ar ról na tithíochta, an chórais cheartais, an oideachais, na cosanta sóisialta maidir le daoine a choinneáil slán, nó chun tacú le daoine ar a n-aistear téarnaimh. Labhraíonn sé seo go mór le téama an chruinnithe ardleibhéil seo. Is deis iontach í seo dúinn obair sa réimse seo a fhorbairt agus machnamh a dhéanamh uirthi, go hidirnáisiúnta agus i gcomhthéacs Éireannach araon.

Beidh an tAire Butler ag an gcruinniú ardleibhéil i bPáras i gcuideachta Airí atá freagrach as meabhairshláinte ón Airméin, ón bhFrainc, ón Liotuáin, ó Mhálta agus ón Moldóiv, oifigigh ó Choimisiún an AE, ionadaithe ó thíortha an Aontais Eorpaigh, ón Íoslainn agus ón Iorua, agus ionadaithe ó thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir. I measc na rannpháirtithe freisin tá lucht déanta beartas ardleibhéil ó ar fud earnálacha an rialtais, gairmithe sláinte agus daoine a bhfuil taithí acu ar riochtaí meabhairshláinte.

Nótaí

Beartas Meabhairshláinte

Is é Comhfhís:Beartas Meabhairshláinte do Chách (2020-2030) beartas náisiúnta uaillmhianach, ilghnéitheach 10 mbliana na hÉireann i réimse na sláinte meabhrach chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí agus tacaíochtaí sláinte meabhrach don daonra ar fad, ó chur chun cinn, cosc agus luath-idirghabháil go seachadadh seirbhísí speisialaithe.

Cuireann sé an duine aonair i gcroílár sheachadadh seirbhísí agus tá moltaí ann maidir le seirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha úsáideoirí seirbhísí aonair agus freastal orthu, ag glacadh le cur chuige atá bunaithe ar chearta agus dírithe ar an duine i leith sheachadadh seirbhísí agus ag aistriú ó chúram institiúideach go seirbhísí pobalbhunaithe, trí aghaidh a thabhairt ar na cinntitheoirí sóisialta a bhaineann le sláinte mheabhrach.

Glacann cur i bhfeidhm Comfhís cur chuige ‘uile-rialtais’ i leith chur i bhfeidhm moltaí agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn. Baineann sé seo le ranna rialtais, gníomhaireachtaí, soláthraithe seirbhíse agus geallsealbhóirí eile - úsáideoirí seirbhíse, teaghlaigh agus cúramóirí a bhfuil taithí saoil acu - ag obair le chéile ar bhealach comhordaithe.

roinnt moltaí i gComhfhís a bhfuil freagracht chur chun feidhme ag Ranna agus gníomhaireachtaí rialtais éagsúla, lena n-áirítear an Roinn Dlí agus Cirt, an Roinn Oideachais, an Roinn Tithíochta, an Roinn Coimirce Sóisialaí agus gníomhaireachtaí agus comhpháirtithe eile.

Beartas um Laghdú Féinmharaithe

Straitéis Náisiúnta na hÉireann um Fhéinmharú a Laghdú is ea Ceangail ar Feadh an tSaoil. Díríonn an Straitéis ar chosc príomhúil agus tánaisteach ar iompar féinmharaithe agus tugann sí aghaidh ar raon leathan fachtóirí riosca agus cosanta.

Tá an Grúpa Stiúrtha Tras-Earnála faoi chathaoirleacht na Roinne Sláinte i gceannas ar an gcur i bhfeidhm, agus tá trí phlean cur chun feidhme ann do Cheangail ar feadh an tSaoil le linn a ré saoil go dtí seo; cur chuige struchtúrtha i leith cur i bhfeidhm a chinntiú agus comhordú a chumasú idir ranna agus gníomhaireachtaí rialtais maidir le príomhghníomhartha sa straitéis.

Tá dul chun cinn déanta i réimsí éagsúla maidir le féinmharú, lena n-áirítear rialtas áitiúil, ceartas, na meáin, talmhaíocht agus sláinte.

Bealaí chun Folláine – an chéad Phlean um Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte in Éirinn

Is plean tras-rialtais é Bealaí chun Folláine – an Plean Náisiúnta um Chothú na Meabhairshláinte a bhfuil sé mar aidhm aige meabhairshláinte agus folláine daoine a fheabhsú ag leibhéal an daonra. Is é an plean, a foilsíodh i mí na Nollag 2024, an chéad phlean tras-rialtasach chun meabhairshláinte a chur chun cinn in Éirinn agus seoladh é i mí na Nollag 2024.

Táthar ag súil go bhforbrófar agus go bhfoilseofar an chéad Phlean Cur Chun Feidhme don Phlean um Chur Chun Cinn na Meabhairshláinte in 2025.

Grúpa Stiúrtha Idir-rannach um Shláinte Meabhrach

Chun próisis agus struchtúir rannpháirtíochta idir-rannacha a fheabhsú, agus mar ghealltanas lárnach i bPlean Cur Chun Feidhme Comhfhís 2025-2027, tá Grúpa Stiúrtha Idir-rannach um Meabhairshláinte á bhunú ag an Roinn Sláinte faoi láthair chun an meabhairshláinte a chur chun cinn mar shaincheist tosaíochta i roinnt Ranna rialtais.

Éascóidh sé seo deiseanna le haghaidh pleanála straitéisí agus comhair chun comhtháthú na meabhairshláinte a chinntiú i ngach beartas rialtais, naisc a chruthú idir réimsí reatha seachadta beartais, agus comhtháthú beartas na meabhairshláinte le cláir oibre Ranna eile. Beidh an Roinn Sláinte ina Cathaoirleach ar an nGrúpa agus tacóidh sé le cur i bhfeidhm bheartais meabhairshláinte na hÉireann: Comhfhís, Ceangail ar feadh an tSaoil (agus an straitéis chomharba) agus Bealaí chun Folláine: an plean náisiúnta chun meabhairshláinte a chur chun cinn.

Comhoibriú leis an EDS

Bhí baint mhór ag Éirinn le dréachtú Dhearbhú Pháras maidir le Meabhairshláinte i ngach Beartas, a shínigh an tAire Butler thar ceann na hÉireann ag an gcomhdháil i bPáras.

Tá Éire tiomanta d’idirphlé idirnáisiúnta, do chomhroinnt eolais agus do réiteach fadhbanna i meabhairshláinte agus tá sí ag cur le hobair an EDS trí roinnt sruthanna oibre:

  • Le déanaí, thug Éire aiseolas ó sheacht Roinn agus Gníomhaireacht Rialtais maidir le Treoirlínte Eorpacha an EDS maidir le beartas agus gníomhartha straitéiseacha chun sláinte mheabhrach agus folláine a chosaint agus a chur chun cinn do phríomhearnálacha rialtais.
  • Tá Éire ag obair le EDS na hEorpa agus beidh sí i mbun oibre le tíortha Eorpacha eile chun treochlár a fhorbairt maidir le sláinte mheabhrach dhigiteach, a chuirfidh samplaí agus treoir ar fáil maidir leis an gcaoi is fearr is féidir le tíortha tacaí meabhairshláinte digiteacha a fhorbairt do dhaoine de gach aois.
  • Tá Éire ag cur le Treochlár Eorpach na hEagraíochta Domhanda Sláinte 'Athrú na meabhairshláinte trí thaithí saoil' (atá le seoladh an 30 Meitheamh 2025).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat