Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler TD, an chéad chruinniú riamh den Ghrúpa Speisialtóra Náisiúnta um Mheabhairshláinte an Lucht Siúil
- Foilsithe: 6 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 6 Feabhra 2026
- Beidh an Grúpa faoi chathaoirleacht neamhspleách an Dr Fiona Keogh, a thugann saibhreas taithí léi don Ghrúpa trína gairm fhairsing i dtaighde seirbhísí sláinte agus in anailís beartais.
- Beidh taithí saoil an Lucht Siúil i gcroílár an phróisis chun Plean Gníomhaíochta nua um Mheabhairshláinte an Lucht Siúil a chur ar fáil.
- Tá bearta spriocdhírithe um chosc ar fhéinmharú don Lucht Siúil ag léiriú tionchair luatha, agus roghnaíodh Gluaiseacht an Lucht Siúil Uíbh Fhailí chun an chéad Seirbhís Idirchaidrimh do Mhéala i ndiaidh Féinmharaithe don Lucht Siúil a fhorbairt.
Chuir an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler, fáilte roimh an gcéad chruinniú den Ghrúpa Speisialtóra um Mheabhairshláinte an Lucht Siúil, a tionóladh inniu sa Roinn Sláinte.
Bhunaigh an Coiste Náisiúnta Cur Chun Feidhme agus Monatóireachta don bheartas Comhfhís — Beartas Náisiúnta Meabhairshláinte na hÉireann — an Grúpa Speisialtóra seo ar iarratas ón Aire Butler. Bunaíodh é chun fócas agus ceannaireacht a chur ar fáil chun tacaíochtaí sonracha i réimse mheabhairshláinte an Lucht Siúil a shainaithint, i bhfianaise na dtorthaí meabhairshláinte leanúnacha laga atá ag an bpobal seo.
Le dhá Bhuiséad anuas, tá tosaíocht tugtha ag an Aire Butler do mheabhairshláinte an Lucht Siúil agus maoiníodh tionscnaimh thiomnaithe, le breis-mhaoiniú comhcheangailte de €780,000 thar dhá bhliain. Baineadh úsáid as an maoiniú breise chun acmhainn seirbhísí comhairleoireachta a leathnú agus chun tacaíochtaí meabhairshláinte atá níos oiriúnaí ó thaobh cultúir de a fhorbairt i gcomhar le pobal an Lucht Siúil. Mar thoradh air sin, tháinig méadú 50% ar líon na gcliant a fuair tacaíocht ó Sheirbhís Chomhairleoireachta an Lucht Siúil i dtreo dheireadh 2025, i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.
Tá obair ar bun freisin chun Seirbhís Idirchaidrimh Tiomnaithe do Mhéala i ndiaidh Féinmharaithe don Lucht Siúil a fhorbairt, agus bronnadh an tairiscint don obair seo ar Ghluaiseacht an Lucht Siúil Uíbh Fhailí. Is tionscadal ríthábhachtach é seo chun a chinntiú go dtugtar tacaíocht do bhaill den Lucht Siúil atá i mbun méala i ndiaidh féinmharaithe trí sheirbhís atá oiriúnach ó thaobh cultúir de, chun an baol féinmharaithe breise i dteaghlaigh agus i bpobail a laghdú.
Is é cuspóir an Ghrúpa Speisialtóra comhairle a chur ar fáil don Aire, don FSS agus do ranna Rialtais trí "Phlean Gníomhaíochta um Mheabhairshláinte an Lucht Siúil" a fhorbairt. Leagfar amach sa Phlean moltaí chun freagairt do na saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar mheabhairshláinte an Lucht Siúil ar bhealach a fhreastalaíonn ar riachtanais shonracha phobal an Lucht Siúil. Tá an obair seo ailínithe freisin leis an mbeartas Comhfhís agus le beartais agus straitéisí ábhartha eile.
Tacóidh an Grúpa Speisialtóra le hobair Ghrúpa Oibre Náisiúnta um Mheabhairshláinte an Lucht Siúil de chuid na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte, atá freagrach as comhordú na ngníomhartha a bhaineann le meabhairshláinte an Lucht Siúil laistigh den Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Shláinte an Lucht Siúil.
Tá tréimhse 12 mhí leithdháilte don Ghrúpa Speisialtóra um Mheabhairshláinte an Lucht Siúil chun a raon oibre a chur i gcrích.
Dúirt an tAire Butler:
“Is mór an pléisiúr dom an chéad chruinniú den Ghrúpa tábhachtach seo a fhógairt, agus táim ag tnúth le Plean Gníomhaíochta an Ghrúpa a fháil do sheirbhísí atá cuimsitheach ó thaobh cultúir de don Lucht Siúil. Cuirim fáilte ar leith roimh rannpháirtíocht na mball a bhfuil taithí saoil acu sa Ghrúpa, rud atá ríthábhachtach do rath aon chomhlachta machnamhaigh dá leithéid.
“Bhunaigh mé an Grúpa seo i ndiaidh cruinnithe leis an Líonra Náisiúnta um Mheabhairshláinte an Lucht Siúil anuraidh, mar go gcreidim go bhfuil gá le peirspictíocht níos leithne Rialtais maidir le tosca sóisialta mheabhairshláinte bhaill phobal an Lucht Siúil. Mar a dúirt Mags Casey, cathaoirleach an Líonra, “níl aon rud fúinn gan sinn féin”, agus táim thar a bheith buíoch den Líonra as a rannpháirtíocht sa Ghrúpa Speisialtóra.
“Tá áthas orm freisin go mbeidh obair an Ghrúpa seo á tacú tuilleadh ag painéal tagartha taithí saoil, a chuirfidh le forbairt an phlean gníomhaíochta. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh na daoine a bhfuil ár seirbhísí de dhíth orthu i gcroílár dhearadh, fhorbairt agus sholáthar na gcóras a chruthaímid chun freastal orthu, agus creidim go gcuirfidh an t-ionchur taithí saoil seo léargais ríthábhachtacha ar fáil chun a chinntiú go mbeidh tacaíochtaí cúraim mheabhairshláinte atá oiriúnach ó thaobh cultúir de ar fáil do phobal an Lucht Siúil.”
Dúirt an Dr Fiona Keogh, Cathaoirleach an Ghrúpa Tagartha:
“Táim ag tnúth le bheith ag obair le baill uile an Ghrúpa Speisialtóra thar na 12 mhí atá romhainn chun plean gníomhaíochta a chur ar fáil a fhéadfaidh torthaí meabhairshláinte a fheabhsú don Lucht Siúil. Cinntíonn struchtúr an Ghrúpa seo go gcuirtear tuairimí agus dearcthaí na ndaoine a bhfuil taithí saoil acu i lár agus i gcroílár an phróisis seo. Cuirfidh sé deis ar fáil bearnaí i soláthar seirbhísí a shainaithint agus cur chuige atá oiriúnach ó thaobh cultúir de a fhorbairt chun feabhsuithe seirbhíse a chur i bhfeidhm do phobal an Lucht Siúil ar fud raon na bhfeabhsuithe seirbhíse a leagtar amach i moltaí Comhfhís."
Nótaí
Comhfhís: Beartas Meabhairshláinte do Chách cuireann sé cur chuige sláinte daonra chun cinn ina bhfuil moltaí uilíocha a théann chun tairbhe do gach duine sa tsochaí. Aithníonn sé freisin go bhfuil gá le tuilleadh oibre chun meabhairshláinte a chur chun cinn agus athléimneacht a fhorbairt i measc grúpaí tosaíochta ar leith atá i mbaol níos airde. Meastar an Lucht Siúil mar “ghrúpa tosaíochta” faoin mbeartas Comhfhís. Tá ábharthacht ar leith ag roinnt moltaí do ghrúpaí tosaíochta i gcoitinne; áfach, tá deis fós ann tuilleadh mionsonraí a fhorbairt agus a leathnú maidir le riachtanais shonracha mheabhairshláinte an Lucht Siúil.