Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Meabhairshláinte fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála ón gCoimisiún Meabhair-Shláinte maidir le laghdú ar úsáid cleachtas sriantach in ionaid cheadaithe

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Iúil 2025
  • An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2025

Chuir an tAire Meabhairshláinte Mary Butler TD fáilte inniu roimh thuarascáil ón gCoimisiún Meabhair-Shláinte maidir le laghdú ar úsáid cleachtas sriantach in ionaid cheadaithe in Éirinn 2023 agus 2024.

Cuireann an tuarascáil théamach seo ón gCigire um Sheirbhísí Meabhairshláinte, an tOllamh Jim Lucey, béim ar an treocht shuntasach anuas i gcleachtais shriantacha le blianta beaga anuas sna sála ar chur chun feidhme rialacha athbhreithnithe, bunaithe ar chearta an duine, lena rialaítear úsáid aonraithe agus srianta meicniúla, agus Cód Cleachtais maidir le húsáid srianta fisiciúla.

Dúirt an tAire Butler:

“Cuirim fáilte roimh an tuarascáil dhearfach seo ón gCoimisiún Meabhair-Shláinte. Deimhníonn sé athrú suntasach ó chleachtais shriantacha atá ina sprioc thábhachtach dár mbeartas náisiúnta meabhairshláinte, Comhfhís.

"Tá sé spreagúil an tionchar a bhíonn ag cur chuige atá dírithe ar an duine agus atá bunaithe ar chearta an duine i leith cúram meabhairshláinte a fheiceáil, i gcomhréir le Straitéis an Choimisiúin um Aonrú agus Laghdú Srianta.

"Cuirim fáilte ar leith roimh an laghdú níos mó ná 90% ar úsáid aonraithe agus ar na srianta fisiciúla i seirbhísí CAMHS.”

Cuireann úsáid srianta fisiciúla agus aonrú i suíomhanna meabhairshláinte isteach go mór ar théarnamh duine ó ghalar meabhairshláinte. Is féidir leis na cleachtais seo a bheith trámach go háirithe do dhaoine a bhfuil stair tráma nó mí-úsáide acu agus is gá go mbeadh sé mar rogha dheireanach.

Mar thoradh orthu, d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra do dhaoine páirt a ghlacadh i gcaidrimh theiripeacha agus i gcóireáil, agus lagaíonn sé mothú an tsuaimhnis agus dínite, atá ríthábhachtach don téarnamh.

Chuir an tAire Butler leis an méid sin, ag rá:

“Tá a fhios agam go bhfuil gach ball foirne inár seirbhísí meabhairshláinte tiomanta do chur chuige atruach, dírithe ar an duine, agus ar théarnamh agus cúram á thabhairt do dhaoine le linn a dtréimhsí is leochailí.

"Táim ag obair go gníomhach le hoifigigh mo Roinne agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun tacú le baill foirne agus le bainistíocht chun deireadh a chur le húsáid aonraithe agus na srianta nuair is féidir, lena n-áirítear trí áiseanna níos nua-aimseartha a fhorbairt.

"I mbliana, tá méid gan fasach ar luach €31m leithdháilte agam do thionscadail chaipitil i meabhairshláinte, agus táim cinnte go mbainfimid i bhfad níos mó amach sna cúig bliana atá amach romhainn faoin bPlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe.

"Áirítear leis an mBille nua Meabhairshláinte, atá á chur chun cinn agam tríd an Oireachtas, réimse cosaintí i gcásanna ina bhféadfadh cleachtais shriantacha a bheith riachtanach go fóill.

"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair chrua agus do dhíograis na foirne uile san earnáil mheabhairshláinte, atá ag iarraidh úsáid cleachtas sriantach inár seirbhísí a laghdú agus, sa deireadh, deireadh a chur leis.”

Leanfaidh an tAire Butler agus an Roinn Sláinte ag obair go dlúth leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) araon chun cultúr atá dírithe ar an duine, ar chearta an duine agus ar théarnamh a leabú inár seirbhísí meabhairshláinte.