Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire do Dhaoine Scothaosta Tuarascáil HIQA ar Mhaoirseacht Rialála ag Príomhchigire Emeis Ireland ar Ionaid Ainmnithe do Dhaoine Scothaosta

Tugann Tuarascáil HIQA ar Mhaoirseacht Rialála ag Príomhchigire Emeis Ireland ar Ionaid Ainmnithe do Dhaoine Scothaosta achoimre chuimsitheach ar oibritheoirí tithe altranais atá faoi Emeis Ireland. Clúdaíonn an tuairisc stair na rialachán, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, comhlíonadh rialála, gníomhaíochtaí forfheidhmithe ag dul i méid agus coinníollacha breise.

Bhuail an tAire O’Donnell agus an tAire Carroll MacNeill, in éineacht le hoifigigh na Roinne Sláinte, le HIQA ar an 30ú Meitheamh chun an tuarascáil a phlé. Tagann seo sna sála ar thuarascáil eatramhach a bhí foilsithe ar an 17ú Meitheamh, a léirigh an teagmháil idir HIQA agus The Residence Portlaoise agus Beneavin Manor, Glas Naíon, an dá theach altranais a bhí páirteach sa Chlár RTÉ Investigates le déanaí ar an 4ú Meitheamh.

Ag an gcruinniú seo, dúradh leis an hAirí go leanfaidh HIQA agus Oifig an Phríomhchigire ar aghaidh ag déanamh teagmhála leis an nGrúpa Tithe Altranais faoi Emeis Ireland.

Tá ábhar agus torthaí sa dá thuarascáil á gcur san áireamh, lena n-áirítear an gá le cumhachtaí rialála breise maidir le tithe altranais, chomh maith le céimeanna a ghlacadh maidir leis seo ar bhonn práinne.

Tá sé tábhachtach go scrúdófar gach gné de chuid na tithe altranais le linn na tréimhse atá romhainn chun a chinntiú go gcomhlíonann soláthar agus cumraíocht seirbhísí riachtanais na gcónaitheoirí agus a dteaghlach ar bhealach inbhuanaithe agus sábháilte.

Tá leas na gcónaitheoirí agus a dteaghlach mar phríomhthosaíocht ag na hAirí agus ag an Rialtas.