Fógraíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí €500,000 sa bhreis chun an tionscnamh um óige shláintiúil an Lucht Siúil a rolladh amach in dhá Réigiún Sláinte den FSS
- Foilsithe: 6 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 13 Feabhra 2026
Inniu, d’fhógair Jennifer Murnane O’Connor TD, an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, an dá réigiún sláinte a roghnaíodh chun Tús Níos Fearr a chur ar fáil, tionscnamh FSS um óige shláintiúil an Lucht Siúil. Tógann an tionscnamh nua ar dhul chun cinn a rinneadh cheana féin le linn chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta 2022-2027 an Lucht Siúil.
Tá cistiú athfhillteach €250,000 á leithdháileadh ar dhá Réigiún Sláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS); FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirdheiscirt agus FSS Baile Átha Cliath agus Lár na Tíre. Tá an tionscnamh Tús Níos Fearr saindeartha chun dul i ngleic le héagothroime sláinte i measc leanaí sa Lucht Siúil trí thacú le teaghlaigh sa Lucht Siúil dul i ngleic leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an gClár Náisiúnta um Óige Shláintiúil de chuid FSS.
I bhfógra an lae inniu léirítear leathnú tábhachtach an chláir ar cuireadh tús leis aniar sa dá láthair thosaigh i FSS Thiar, Thiar Thuaidh agus i FSS Baile Átha Cliath agus an Oirdheiscirt.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor:
"Leis an gcistiú seo léirítear tiomantas láidir an Rialtais chun soláthar seirbhísí sláinte leanaí atá bunaithe ar an gcultúr chun éagothroime sláinte a laghdú.
“Léirítear le Tús Níos Fearr deis chun tacú le tuismitheoirí den Lucht Siúil dul i ngleic leis na seirbhísí óige a thacaíonn le sláinte fheabhsaithe, lena n-áirítear cláir vacsaínithe óige, scagthástálacha agus seiceálacha forbartha.
“Tá an clár ag feidhmiú go rathúil cheana féin in dhá réigiún agus táim an-sásta go n-éascófar leis an gcistiú atá á fhógairt agam inniu é a leathnú ina dhá réigiún bhreise a bhfaighidh gach ceann acu €250,000 in aghaidh na bliana.
“Bainfear luach saothair suntasach amach níos déanaí mar thoradh ar an infheistíocht anois, mar go dtabharfar leis an tionscnamh seo an deis do níos mó leanaí den Lucht Siúil tús níos sláintiúla a chur lena saol."
Dúirt Bainisteoir Comhtháite Réigiún Cúraim Sláinte, FSS Bhaile Átha Cliath Theas agus Chill Mhantáin, Aisling Heffernan:
“Mar Chathaoirleach ar an nGrúpa Náisiúnta Forfheidhmithe um Shláinte an Lucht Siúil, fáiltím roimh fhógairt an chistithe thiomnaithe bhreise chun tacú le leanaí den Lucht Siúil rochtain a fháil ar sheirbhísí FSS agus a dtorthaí sláinte foriomlána a fheabhsú.
“Tá an lucht siúil thíos le héagothroime mhór sláinte fós i gcomparáid leis an daonra i gcoitinne, agus tá rátaí básmhaireachta naíonán an Lucht Siúil fós níos mó ná trí oiread go leith níos airde ná na figiúirí náisiúnta."
Nótaí
Is comhpháirtíocht é an tionscnamh Tús Níos Fearr don Lucht Siúil idir an Roinn Sláinte, eagraíochtaí FSS agus an Lucht Siúil/Príomhthionscadail Cúraim Sláinte don Lucht Siúil chun aghaidh a thabhairt ar éagothroime sláinte leanaí don Lucht Siúil.