English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí béim ar an méadú ar sheirbhísí cóireála drugaí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Bealtaine 2025
  • An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2025

Leag an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí Jennifer Murnane O’Connor T.D., inniu béim ar an soláthar méadaithe seirbhísí do chóireáil drugaí, mar gheall ar infheistíocht faoin Straitéis Náisiúnta Drugaí.

Léiríonn sonraí a foilsíodh inniu tríd an gCóras Tuairiscithe um Chóireáil Drugaí Náisiúnta (NDTRS) ag an mBord Taighde Sláinte (HRB) gur cuireadh cóireáil ar 13,295 cás le haghaidh úsáid drugaí i 2024. Leanann sé seo an treocht ardaithe i gcásanna cóireála agus léiríonn sé tionchar na Straitéise Náisiúnta Drugaí chun rochtain ar sheirbhísí drugaí a fheabhsú, le hárdú de 50% i gcásanna ó thosaigh an straitéis i 2017.

Léiríonn na sonraí go bhfuil an t-éileamh ar chóireáil drugaí i ngach áit sa tír, ar fud gach aoisghrúpa, fir agus mná, daoine le leanaí agus daoine gan leanaí, daoine atá dífhostaithe agus iad siúd atá fostaithe.

Dúirt an tAire Murnane O’Connor:

"Tugann an tuairisc seo fianaise shoiléir ar an tábhacht a bhaineann le gcur chuige dírithe ar shláinte maidir le húsáid drugaí. Caithfimid aghaidh a thabhairt ar an leitheadúlacht d’úsáid drugaí ar fud na sochaí agus seirbhísí cuí a sholáthar chun freastal ar riachtanais shláinte agus shóisialta na ngrúpaí éagsúla a úsáideann drugaí."

Léiríonn an tuarascáil treochtaí tábhachtacha maidir le húsáid drugaí, le seirbhísí ag freagairt dóibh ar bhealach fuinniúil agus solúbtha:

  • Méadú 7.4% ar líon na gcásanna ina raibh cócaon mar phríomhdhruga (méadaithe go 39.8% de gach cás).
  • Méadú 21% ar líon na gcásanna ina raibh beinsidhé-asaipíní mar phríomhdhruga (go 13.4% de gach cás)
  • Méadú de 4.1% ar úsáid pola-dhruga (go 60% de na cásanna uile)
  • Laghdú ar líon na gcásanna ina raibh drugaí ópóideacha mar phríomhdruga go 25% de na cásanna go léir.

Chuir an tAire Murnane O’Connor leis an méid seo, ag rá:

‘Tá na treochtaí d’úsáid drugaí ag athrú, le tuilleadh daoine ag baint úsáide as cócaon agus beinsidhé-asaipíní, agus níos lú ag brath ar dhrugaí ópóideacha. Tá sé freisin suntasach go bhfuil úsáid pola-dhrugaí ag méadú. Tá an rialtas tar éis infheistíocht a dhéanamh in acmhainní breise i seirbhísí a bhfuil éileamh ard orthu. Tá seirbhísí drugaí fosta ag léiriú cé chomh freagrúil is atá siad i gcomhréir le treochtaí athraitheacha d’úsáid drugaí.”

Lean an tAire Murnane O’Connor ar aghaidh:

‘‘Tugaim faoi deara go soláthraítear an chuid is mó de na seirbhísí cóireála (80%) sa phobal, más sin i suíomhanna othar seachtrach nó suíomhanna le hiontógáil íostairsí. Tá na seirbhísí seo níos éasca le teacht orthu, tá amanna feithimh níos ísle acu, agus is féidir leo cásanna a nascadh le seirbhísí cúraim phríomhúil nuair is gá.

Tagann na cásanna a thuairiscítear sa NDTRS ó 456 seirbhísí drugaí. Tá na seirbhísí seo ar fáil ar fud na tíre agus is féidir iad a aimsiú ar léarscáil idirghníomhach ar líne ar www.drugsandalcohol.ie. Sonraíonn an léarscáil na seirbhísí do dhrugaí éagsúla, grúpaí aoise, suíomh, agus na cóireálacha a thugtar.

Chuir an tAire Murnane O’Connor leis an méid sin, ag rá:

“Tá a fhios agam go maith go bhfuil tionchar leathan, mór ag andúil, ní hamháin ar an duine a úsáideann drugaí, ach is féidir le tuismitheoirí agus daoine muinteartha a bheith scriosta aige fosta. Tá cabhair agus tacaíocht ar fáil, mar sin mholfainn go láidir do dhuine ar bith a bhfuil imní orthu maidir lena n-úsáid drugaí féin, nó maidir le duine muinteartha nó cara is acu, tacaíocht a lorg ó do dhochtúir teaghlaigh, ó sheirbhísí áitiúla, an taonad cóireála drugaí is gaire duit a aimsiú ar an mapa idirghníomhach, nó teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach drugaí agus alcóil ar 1800 459 459.”

Tá an tAire Murnane O’Connor tar éis €2 milliún breise a chur ar fáil chun seirbhísí cóireála drugaí a chur chun cinn i 2025. Tríd an infheistíocht shuntasach seo, tá sé mar aidhm rochtain a fheabhsú ar sheirbhísí i gceantracha nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu, nuálaíochtaí bunaithe ar fhianaise i ndearadh agus seachadadh seirbhíse a chur chun cinn agus seirbhísí a fheabhsú do dhaoine a úsáideann drugaí spreagthacha agus dóibh siúd a bhfuil dédhiagnóis meabhairshláinte faighte acu. Leithdháileadh an maoiniú le déanaí do na sé réigiún sláinte FSS, le tosaíochtaí seirbhíse a aithint i gcomhairle leis na Tascfhórsaí Drugaí agus Alcóil, chomh maith le páirtithe leasmhara eile.