Foilsíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí tuarascálacha maidir le húsáid leapacha gréine tráchtála

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí tuarascálacha maidir le húsáid leapacha gréine tráchtála

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Márta 2026
  • An t-eolas is déanaí: 26 Márta 2026

dhá thuarascáil maidir le húsáid leapacha gréine tráchtála in Éirinn foilsithe inniu ag an Aire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor TD.

Is iad seo a leanas:

  • Tuarascáil an Ghrúpa Oibre um Leapacha Gréine;
  • Tuarascáil Cheardlann na Roinne Sláinte maidir le leapacha gréine.

Cuirfidh na tuarascálacha seo bonn eolais faoi obair amach anseo a bhaineann le ghealltanas i gClár an Rialtais bealaí a fhiosrú chun cosc a chur ar úsáid leapacha gréine tráchtála mar chuid de chreat cosc ailse na hÉireann.

Scrúdaigh an Grúpa Oibre an fhianaise sláinte, an creat rialála agus an taithí idirnáisiúnta, agus rinne sé machnamh ar réimse roghanna beartais, agus mhol baill an ghrúpa cosc ar úsáid leapacha gréine tráchtála mar an cur chuige is éifeachtaí, bunaithe ar fhianaise, chun na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le leapacha gréine a laghdú, go háirithe i measc leanaí agus daoine óga.

Léirigh tuarascáil na ceardlainne comhdhearcadh leathan maidir le gníomh níos láidre, lena n-áirítear athchóiriú reachtaíochta, forfheidhmiú agus feasacht phoiblí mhéadaithe.

Tá tríú tuarascáil, ar an gComhairliúchán Poiblí maidir le húsáid leapacha gréine in Éirinn, á tabhairt chun críche agus foilseofar í gan mhoill.

Breithneofar na trí thuarascáil le chéile, in éineacht le cúinsí dlíthiúla, eacnamaíocha agus de chuid an Aontais Eorpaigh, sula gcuirfear tograí beartais faoi bhráid an Rialtais lena gcinneadh a dhéanamh.

Dúirt an tAire Murnane O’Connor:

“Tá a fhios againn go bhfuil úsáid leapacha gréine nasctha le riosca méadaithe ailse craicinn, agus mar sin ní mór dúinn gníomh láidir a dhéanamh chun ár ndaonra a chosaint ar an díobháil inchosctha seo.

"Gabhaim buíochas le baill an Ghrúpa Oibre agus leis na páirtithe leasmhara as a ndíograis agus a rannchuidiú.

Tá cead tugtha agam don obair seo dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den fhorbairt beartais, ag tacú le gealltanas i gClár an Rialtais bealaí a fhiosrú chun cosc a chur ar úsáid leapacha gréine tráchtála mar chuid de chreat cosc ailse na hÉireann.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat