Foilsíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí an dréacht-Straitéis Náisiúnta Drugaí 2026-2029
- Foilsithe: 13 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 13 Feabhra 2026
D'fhoilsigh an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Jennifer Murnane O’Connor TD an dréacht-Straitéis Náisiúnta Drugaí 2026-2029 inniu.
Leagtar amach sa dréachtstraitéis seo freagairt chothrom agus fhianaise-bhunaithe ar úsáid drugaí, rud a léiríonn tiomantas leanúnach an Rialtais chun díobhálacha a laghdú trí chur chuige faoi stiúir sláinte. Tá sé bunaithe ar thorthaí na meastóireachta neamhspleáiche ar an straitéis roimhe seo, ar threochtaí reatha maidir le húsáid drugaí agus ar thomhaltas díobhálach alcóil, ar mholtaí an Tionóil Saoránach maidir le hÚsáid Drugaí, agus ar thuairimí raon leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear coistí an Oireachtais. Agus aitheantas á thabhairt don fhorluí idir fadhbúsáid drugaí agus alcóil, leis an dréachtstraitéis cuirtear freagra comhtháite i láthair a bhfuil sé mar aidhm aige na díobhálacha a bhaineann le gach substaint a laghdú.
Tríd an dréachtstraitéis seo a fhoilsiú ag an gcéim seo, cinnteofar go ndéanfar tuairimí na bpáirtithe leasmhara, na ndaoine den phobal - go háirithe iad siúd a bhfuil taithí saoil acu - mar aon le carthanais, grúpaí abhcóideachta, agus ionadaithe poiblí, a mheas go hiomlán sa straitéis deiridh. Cuideoidh sé sin lena chinntiú go léiríonn sé an tírdhreach reatha, chomh maith le nádúr dinimiciúil agus síorathraitheach na faidhbe a bhaineann le húsáid drugaí agus alcóil.
Chun an próiseas sin a éascú, seolfar comhairliúchán poiblí sna seachtainí amach romhainn. Ina dhiaidh sin, cuirfear tús le próiseas rannpháirtíochta chun athbhreithniú a dhéanamh ar na struchtúir rialachais réigiúnacha don straitéis agus chun a n-ailíniú le Réigiúin Sláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a chinntiú. Beidh gach páirtí leasmhar ábhartha i gceist leis an bpróiseas sin, lena n-áirítear FSS agus na tascfhórsaí drugaí, agus tá sé beartaithe é a thabhairt chun críche faoi mhí an Mheithimh 2026.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Tá beagnach 10 mbliana ann ó foilsíodh an straitéis náisiúnta drugaí dheireanach. San am sin, chonaic muid athruithe suntasacha ar leitheadúlacht úsáid drugaí ar fud na hÉireann agus leis sin tá tuiscint níos doimhne againn ar na díobhálacha a dhéanann úsáid drugaí agus tomhaltas díobhálach alcóil.
“D'fhoilsigh mé an dréachtstraitéis seo lena chinntiú gur féidir le gach duine, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil taithí mhaireachtála agus bheo acu ar úsáid drugaí, teaghlaigh, pobail, agus na heagraíochtaí a chistíonn, a phleanálann agus a sheachadann seirbhísí na tograí a thuiscint agus a dtuairimí a roinnt. Tá a n-ionchur riachtanach chun a chinntiú go bhfuil an straitéis deiridh fíor-oiriúnach don fheidhm.
“Tá an dréacht-Straitéis á roinnt agam leis an gComhchoiste um Úsáid Drugaí chun bonn eolais a chur faoina bpléití, agus tabharfaidh mé breithniú iomlán ar aon mholtaí a dhéanann siad ina dtuarascáil deiridh agus muid ag dul i dtreo an Straitéis Náisiúnta Drugaí a thabhairt chun críche.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Sainghrúpa Stiúrtha a d'fhorbair an dréachtstraitéis, agus cuirfidh siad tuarascáil an Chomhchoiste, torthaí an chomhairliúcháin phoiblí, agus torthaí an phróisis rannpháirtíochta maidir le rialachas amach anseo san áireamh, agus cuirfidh siad straitéis agus plean gníomhaíochta athbhreithnithe faoi mo bhráid."
Seasann an straitéis nua leis an gceart chun sláinte, ag aithint go bhfuil daoine a úsáideann drugaí nó alcól ar bhealach díobhálach i dteideal rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim sláinte agus go dtacófar leo ina dturas téarnaimh, beag beann ar chúlra sóisialta nó ar shuíomh sóisialta.
Tugtar breac-chuntas ann ar chúig cholún straitéiseacha:
- cosaint ar dhíobháil;
- seirbhísí cóireála ar ardchaighdeán a sholáthar;
- téarnamh a chur chun cinn;
- tosaíocht a thabhairt do thacaíochtaí sláinte thar smachtbhannaí coiriúla, agus;
- ullmhacht le haghaidh bagairtí domhanda drugaí.
Cuirfear na colúin sin chun cinn trí 30 gníomh ar leith sa chéad dá bhliain, agus sraith nua gníomhaíochtaí molta don dá bhliain eile den straitéis.