Foilsíonn an tAire Murnane O’Connor agus an Príomhoifigeach Leighis torthaí Shuirbhé Éire Shláintiúil 2025
- Foilsithe: 7 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 7 Samhain 2025
D’fhoilsigh an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor TD, agus an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Mary Horgan, torthaí Shuirbhé Éire Shláintiúil, 2025 inniu.
Arna dhéanamh ag IPSOS B&A, thar ceann na Roinne Sláinte, tugann an suirbhé léargas ar raon iompraíochtaí sláinte agus stíleanna maireachtála. Úsáidtear é chun treoir a thabhairt maidir le forbairt beartas, a thacaíonn le daoine le saol níos sláintiúla a bhaint amach.
I Suirbhé na bliana seo, a raibh breis is 7,500 duine 15 bliana d’aois agus os a chionn páirteach ann, clúdaíodh caitheamh tobac, vápáil agus tomhaltas alcóil, codladh, seirbhísí sláinte, frithghiniúint agus freagrachtaí cúraim. Cuimsíonn sé modúl, den chéad uair, ar mheanapás freisin.
Léiríonn na torthaí roinnt feabhsuithe maidir le dea-shláinte an daonra a tuairiscíodh, agus laghduithe i go leor iompraíochtaí sláinte díobhálacha lena n-áirítear ragús óil.
I measc na mbuaicphointí uilig, tá:
- Tuairiscíonn 82% go bhfuil a sláinte ghinearálta 'go maith' nó 'an-mhaith', méadaithe ó 80% in 2023.
- Laghdú 2% ó 2024 i líon na ndaoine a thuairiscigh gur ól siad alcól le 12 mhí anuas, agus thuairiscigh 26% go raibh siad ag ól go minic, laghdaithe ó 28% in 2024 agus 30% in 2015
- Tuairiscíonn 80% de dhaoine gur thug siad cuairt ar dhochtúir teaghlaigh le 12 mhí anuas, méadú 9% ar 2015
- Níor íoc 43% díobh siúd a bhain leas as seirbhís cúraim sláinte le 12 mhí anuas as an tseirbhís
- Tá tacaíocht leighis lorgtha ag 69% de mhná atá ag dul tríd an bpeiri-mheanapás chun a siomptóim a bhainistiú.
- Faigheann daoine 6.9 uair an chloig de chodladh in aghaidh na seachtaine, ar an meán. Tuairiscíonn cúramóirí atá ina mná go bhfuil drochchaighdeán codlata acu i gcodarsnacht leis an daonra i gcoitinne.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Is uirlis ríthábhachtach í an Suirbhé Éire Shláintiúil chun cabhrú linn patrúin agus treochtaí i sláinte agus folláine an phobail a aithint. Insíonn sé dúinn cá bhfuil beartais agus tionscnaimh ag obair go maith ach tugann sé le fios freisin cá bhféadfadh céimeanna breise a bheith ag teastáil.
“Is cúis mhisnigh é a fheiceáil go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn inár n-iarrachtaí chun tacú le daoine a bheith i ndea-shláinte agus folláin ar feadh a saoil. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach de réir mar a athraíonn ár seirbhís sláinte chun freastal ar riachtanais ár ndaonra atá ag fás agus ag dul in aois.
“Tugaim faoi deara gur tharla an feabhas is mó i dtuiscintí ar shláinte ghinearálta i measc daoine fásta 75 bliain d’aois agus níos sine, agus 69% ag tuairisciú go raibh a sláinte mhaith nó an-mhaith acu in 2025 i gcomparáid le 60% in 2015.”
Léirigh torthaí na bliana seo gur fhan rátaí de chaitheamh tobac agus úsáide galtoitíní gan athrú le dhá bhliain anuas, ag 17% agus 8% faoi seach. Cé gur féidir le galtoitíní a bheith ina gcúnamh luachmhar do chaiteoirí tobac fáil réidh le tobac, tá rátaí úsáide méadaithe ó 6% in 2022, leis an ráta is airde le feiceáil i measc daoine idir 15-24 bliana d'aois. Meastar gur óltóirí ragúis iad breis is ceathrú (26%) den daonra, laghdú 4% ar na rátaí a tuairiscíodh in 2015 (30%).
Dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Athdhearbhaíonn na figiúirí atá sa suirbhé seo an gá atá le reachtaíocht láidir chun sláinte agus folláine a chosaint, agus chun tacú le tuilleadh daoine roghanna níos sláintiúla a dhéanamh.
"Tá dul chun cinn maith déanta againn le 10 mbliana anuas maidir le dul i ngleic leis na rátaí de chaitheamh tobac trí reachtaíocht fhorásach, agus is féidir é seo a fheiceáil i suirbhéanna le déanaí. Mar sin féin, feidhmíonn na figiúirí seo mar rabhadh freisin, tá an iomarca daoine óga fós ag baint triail as vápáil agus tá an iomarca daoine fós ag caitheamh tobac. Is píosa reachtaíochta suntasach é an tAcht Sláinte Poiblí (Alcól), atá dírithe ar thomhaltas alcóil a laghdú ar fud an daonra mar go n-aithnítear anois nach bhfuil aon leibhéal sábháilte de thomhaltas ann.
“Ní mór dúinn díriú ar chosc, ar chosaint agus ar thacaíocht ionas go mbeidh roghanna níos sláintiúla ina roghanna níos éasca do gach duine.
“Is iad mo phríomhthosaíochtaí ná caitheamh tobac a laghdú, daoine óga a chosc ó vápáil agus sláinte ár gcéad ghlúin eile a chosaint. Cuirim fáilte roimh fheachtas faisnéise nua um chosc vápála an FSS, a thugann na fíricí atá de dhíth ar thuismitheoirí chun tacú le daoine óga agus iad a chosaint ar vápáil.”
Don chéad uair riamh, bhí ceisteanna sa suirbhé faoi thaithí na mban ar an meanapás. Dúirt beagnach leath de na mná a thuairiscigh go raibh siad ag dul trí pheiri-mheanapás nó atá bliain go cúig bliana istigh de míostrú ag stopadh, go raibh taithí diúltach nó an-dhiúltach acu. Dúirt formhór na mban atá nó a bhí ag dul tríd an meanapás go raibh siomptóim orthu, le 13% díobh ag rá go raibh siomptóim thromchúiseacha orthu, a raibh tionchar suntasach acu ar a saol.
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Mary Horgan:
"Cuirim fáilte roimh bhéim an tsuirbhé ar thaithí na mban maidir leis an meanapás. Cé go bhfuil sé soiléir go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an gcéim seo den saol ar go leor ban, leanfaimid orainn ag forbairt seirbhísí sláinte na mban chun cúram sláinte níos tráthúla agus níos saincheaptha a sholáthar.
“Áirítear leis seo forbairt clinicí speisialaithe don mheanapás agus soláthar Teiripe Athsholáthair Hormón saor in aisce do mhná a bhfuil siomptóim mheanapáis orthu, beart a tugadh isteach i ndiaidh na hoibre don staidéar seo a bheith déanta."
Áiríodh sa Suirbhé ceisteanna a bhí dírithe ar dhaoine i ról cúraim freisin, le béim ar leith ar chúramóirí atá ina mná. Fuarthas amach go bhfuil an dea-shláinte féinthuairiscithe i measc na gcúramóirí seo idir 35-54 bliana d'aois cosúil go ginearálta le sláinte na mban eile san aoisghrúpa seo, agus thuairiscigh siad leibhéil chomhchosúla de chaitheamh tobac agus d’úsáid galtoitíní freisin. Tríd is tríd, thuairiscigh cúramóirí caighdeán codlata níos measa ná daoine nach bhfuil ina gcúramóirí, agus thuairiscigh 58% de chúramóirí codladh maith nó an-mhaith i gcomparáid le 69% de dhaoine nach bhfuil ina gcúramóirí.
Léirigh sonraí maidir le húsáid seirbhísí sláinte gur thug 80% de dhaoine cuairt ar dhochtúir teaghlaigh le 12 mhí anuas, rud atá i bhfad níos airde ná an 71% a taifeadadh in 2015. Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil an daonra ina iomláine tar éis ardú faoi thart ar 800,000 ó 2015 – tá tuilleadh daoine ina gcónaí in Éirinn san iomlán, agus tugann siad cuairt ar an dochtúir teaghlaigh níos minice anois.
Léiríonn na daoine sin a bhfuil Cárta Cuairte DG acu an méadú is mó ar chuairteanna ar dhochtúirí teaghlaigh ó 2015 i leith, le méadú 17 bpointe go 90%. Tá méadú 6 phointe tagtha freisin ar líon na ndaoine sin a bhfuil cárta leighis acu a fhreastalaíonn ar dhochtúir teaghlaigh, go 88%.
Fiafraíodh de rannpháirtithe an tsuirbhé freisin sonraí a thabhairt faoi sheirbhísí cúraim sláinte eile a d’úsáid siad, agus ba mhó an seans go ndéarfadh mná go n-úsáidfidís seirbhísí vacsaínithe nó scagthástála ná fir (38% i gcomparáid le 30%).
Chuir an tOllamh Horgan leis an méid sin ag rá:
“Tríd is tríd, tugann an suirbhé seo léargas dearfach ar shláinte ár ndaonra in 2025, agus ó tharla go bhfuil 10 mbliana anois tharainn ó rinneadh an suirbhé den chéad uair, is ábhar misnigh dúinn é le feiceáil go bhfuil go leor treochtaí dearfacha le linn na tréimhse sin.
“Is léir freisin go bhfuil ár seirbhís sláinte ag obair níos déine ná riamh chun freastal ar riachtanais daonra atá ag fás agus ag dul in aois, agus rochtain ar chúram sláinte a fheabhsú, i gcomhréir le fís Sláintecare.
“Táimid ag cur ar chumas tuilleadh daoine dul chuig a ndochtúir teaghlaigh áitiúil, níos minice, agus ó 2023 i leith, tá incháilitheacht do Chártaí Cuairte DG leathnaithe go suntasach againn chun gach leanbh faoi ocht mbliana d’aois, agus gach duine a thuilleann suas go dtí meánioncam an teaghlaigh, a áireamh.”
Táimid ag leathnú seirbhísí ar fud na tíre chun freastal ar an éileamh, agus ag méadú tacaíochtaí do ghrúpaí tábhachtacha, agus ról ríthábhachtach na gcúramóirí aitheanta ag an gClár Rialtais, trí ghealltanas a thabhairt chun Ráthaíocht Cúramóra a mhaoiniú go hiomlán.
“Tugann na sonraí sa suirbhé seo na léargais dúinn atá riachtanach chun leanúint ar aghaidh, trí thionscnaimh atá ann cheana a fheabhsú agus beartais nua a fhorbairt a chosnaíonn agus a fheabhsaíonn sláinte fhadtéarmach an daonra.”
Nótaí
Arna fhorbairt ag an Roinn Sláinte, tugann Suirbhé Éire Shláintiúil bliantúil le Ipsos B&A íomhá reatha de shláinte an náisiúin, ag cur béim ar go leor iompraíochtaí agus stíleanna maireachtála a bhaineann le sláinte.
Áirítear sa tuarascáil 2025 torthaí maidir le:
- Sláinte ghinearálta
- Caitheamh tobac, galtoitíní agus málaí nicitín
- Alcól, díobhálacha a bhaineann le halcól
- Meanapás
- Frithghiniúint
- Codladh
- Freagrachtaí cúraim
- Úsáid de sheirbhísí cúraim sláinte
Is acmhainn eolais í dóibh siúd atá ag dul tríd an meanapás an nasc seo a leanas:
Seo an deichiú sraith de thorthaí ó shuirbhé Éire Shláintiúil agus cuireann sé leis na sonraí a bailíodh sna suirbhéanna roimhe seo a foilsíodh ó 2015 - 2024.
I gcás shuirbhé 2025, rinneadh agallamh le sampla ionadaíoch de 7,556 duine, 15 bliana d'aois agus níos sine agus ina gcónaí in Éirinn idir Deireadh Fómhair 2024 agus Aibreán 2025.