Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Murnane O'Connor buaiteoirí na bliana 2025 den chomórtas ealaíne Get SunSmart!

D'fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Jennifer Murnane O’Connor inniu na buaiteoirí den cheathrú Comórtas Ealaíne na bPáistí Get SunSmart!

Reáchtáladh an comórtas, a fuair iarratais ó gach áit sa tír, i gcomhpháirtíocht le hÉire Shláintiúil agus an Clár Náisiúnta um Rialú Ailse i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), mar chuid d’fheachtas bliantúil SunSmart, a bhfuil sé mar aidhm aige feasacht a ardú agus glacadh le hiompraíochtaí cosanta craicinn a chur chun cinn.

Is iad na buaiteoirí le haghaidh 2025 ná:

  • Réamhscoileanna– Alex Faconer, 4 bliana d’aois ó Bhaile an Phoill, Co. Chill Chainnigh
  • Naíonáin Shóisearacha go Rang a hAon – Mohammad Salaar, 6 bliana d’aois ón Rinn, Baile Átha Cliath 4
  • Rang a Dó go Rang a Ceathair – Irene Mariam Mathew, 10 mbliana d’aois ón Dúcharraig, Co. Chorcaí
  • Rang a Cúig agus Rang a Sé – Alexandru Grati, aon bhliain déag d’aois ó Chluain Aodha, Baile Átha Cliath 15

Ag brath ar a n-aoisghrúpa, bhí sé de chúram ar na páistí bileoga SunSmart 5Ss a dhathú nó a bpictiúr féin a tharraingt a léiríonn conas a bheith SunSmart.

Dúirt an tAire Murnane O’Connor:

“Tá craiceann leanaí an-leochaileach maidir le damáiste na gréine ach go háirithe agus tá sé ríthábhachtach nósanna sláintiúla a spreagadh inár bpáistí ag aois óg ar mhaithe lena sláinte níos déanaí sa saol.

"Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh lenár mbuaiteoirí uilig, agus leis na daoine ar fad sa dara háit, as na hiarratais iontacha a sheol siad isteach, a léirigh a dtallann, a gcruthaitheacht agus a n-úrnuacht uilig. Ba chóir dóibh a bheith an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu, ní hamháin mar gheall ar an gcaoi gur éirigh go maith leo sa chomórtas ach trí chabhair a thabhairt lenár dteachtaireacht SunSmart a scaipeadh.

“Tá ailse chraicinn inchoiscthe den chuid is mó, ach is í an ailse is coitianta in Éirinn, le 11,000 cás nua gach bliain. Dóibh siúd a bhíonn dóite go dona ag an ngrian le linn a n-óige (3 huaire nó níos mó roimh aois 20), tá riosca meileanóma 2-4 huaire níos airde ann níos déanaí sa saol. Is cuid thábhachtach dár bhfeachtas ailse craicinn a laghdú chun sláinte an daonra a fheabhsú go ginearálta agus tosaíonn sé seo le gníomhaíochtaí maithe chun cosaint na craiceann a chur i gcuimhne do na páistí.

Chun a bheith SunSmart, caithfidh tú an cód SunSmart a leanúint, ó Aibreán go Meán Fómhair, fiú ar laethanta scamallacha:

Caith éadaí ort a chlúdaíonn an oiread de do chraiceann agus is féidir, cosúil le muinchillí fada, t-léinte le cábaí;

Cuir ort an t-uachtar gréine speictream-leathan (UVA/UVB) uiscefhriotaíoch ina bhfuil fachtóir cosanta gréine (SPF) de 30+, ar a laghad, do dhaoine fásta agus 50+ do leanaí, le cosaint ard UVA. Cuir arís ort é go rialta;

Caith hata ar a bhfuil duilleog leathan: Cosain d’aghaidh, do chluasa agus do mhuineál;

Lorg scáth: Suigh faoi chlúdach na gcrann chun solas díreach na gréine a sheachaint agus úsáid scáth gréine ar do bhugaí nó pram. Coinnigh naíonáin agus leanaí amach as solas díreach na gréine;

Sleamhnaigh spéaclaí gréine ort chun do shúile a chosaint.

Téigh chuig www.gov.ie/getsunsmart  chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gcód SunSmart.

Tá tuilleadh eolais faoi na buaiteoirí agus a bpíosaí ealaíne ar fáil anseo: https://youtu.be/svSM8SMPLIo


Nótaí

Tá an Comórtas Ealaíne Bí SunSmart! mar chuid den fheachtas SunSmart faoin bPlean Náisiúnta um Ailse Chraicinn a Chosc 2023-2026. Úsáideann sé réimse ardán chun a chroítheachtaireachtaí faoi iompraíochtaí cosanta craicinn a mhéadú. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.hse.ie/sunsmart

Faigheann gach buaiteoir Cárta Oidhreachta Teaghlaigh OPW, pas lae teaghlaigh do Zú Bhaile Átha Cliath, dearbhán leabhar Náisiúnta ar luach €20 agus mála féiríní Éire Shláintiúil. Beidh deis ag gach buaiteoir a gcuid ealaíne a bheith ar taispeáint fosta mar chuid d’fheachtas SunSmart 2025.