Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastalaíonn an tAire Murnane O'Connor ar chruinniú tionscnaimh an ghrúpa stiúrtha atá ag díriú ar fhorbairt na Straitéise Náisiúnta Drugaí nua

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Iúil 2025
  • An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2025

D'fhreastail an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor ar chruinniú tionscnaimh an ghrúpa stiúrtha inniu, a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt an chomharba don Straitéis Náisiúnta Drugaí nua (NDS).

Buailfidh an grúpa le chéile laistigh de thréimhse srianta (go Nollaig 2025), agus tá sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar dhréachtú an chomharba don straitéis náisiúnta drugaí, chomh maith le plean gníomhaíochta dhá-bhliain, a thacóidh le seachadadh na straitéise. Beidh tionchar ag an Tionól Saoránach um Úsáid Drugaí, an mheastóireacht neamhspleách ar an straitéis reatha agus aiseolas faighte ó chomhairliúcháin le geallsealbhóirí ar a gcuid oibre. Tá sé seo i gcomhréir leis na gealltanais atá sa Chlár Rialtais: Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú.

Ceapadh an Dr Sarah Morton ina Cathaoirleach neamhspleách don Ghrúpa Stiúrtha, le ballraíocht an ghrúpa féin ag teacht ó sochaí shibhialta, na daoine sin a bhfuil taithí saoil acu, ranna rialtais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), an Bord Taighde Sláinte, chomh maith le saineolaithe idirnáisiúnta.

Dúirt an tAire Murnane O’Connor:

“Leagfaidh an Straitéis Náisiúnta Drugaí nua fís uaillmhianach amach maidir le húsáid dhochrach drugaí agus alcóil a chosc, rochtain a fheabhsú ar sheiribhísí cóireála atá fianaise-bhunaithe, chomh maith le tacú le téarnamh daoine. Déanfaidh sé ár gcomhpháirtíocht le ballstáit an AE, Comhairle na Breataine-na hÉireann agus Comhairle na hEorpa a neartú freisin.

"Táim sásta go háirithe gur ghlac an Dr Morton leis an ról mar chathaoirleach ar an nGrúpa Stiúrtha.

"Tá meas mór ag na daoine atá ag obair san earnáil uirthi, agus í mar bhall den Choiste Maoirseachta Náisiúnta agus ina cathaoirleach ar an nGrúpa um Chur Chun Feidhme Straitéisí.

"Treoróidh a saineolas, taithí agus ardscileanna ceannaireahta an Grúpa Stiúrtha trí fhorbairt na straitéise nua, ag díriú ar cheart don tsláinte do chách, ag cur leis na forbairtí a baineadh amach faoi Dochar a Laghdú, Ag Tacú le hAisghabháil 2017, chomh maith le cur le freagairt an Rialtais do mholtaí de chuid Thionól Saoránach um Úsáid Drugaí. “

Nótaí

Beidh na doiciméid seo a leanas mar bhonn le hobair an ghrúpa stiúrtha:

  • an mheastóireacht a foilsíodh le déanaí ar an straitéis atá ann cheana;
  • comhairliúcháin a rinneadh le geallsealbhóirí;
  • freagra an Rialtais ar mholtaí Thionól na Saoránach maidir le hÚsáid Drugaí;
  • Gealltanais Chlár an Rialtais
  • straitéis agus plean gníomhaíochta drugaí an AE.

Beathaisnéis an Dr Sarah Morton

Is í an Dr Sarah Morton Stiúrthóir ar Chlár Drugaí na Comhpháirtíochta Pobail agus Ollamh Cúnta i Rannpháirtíocht Pobail i Scoil na Beartais Shóisialta, na hOibre Sóisialta agus an Cheartais Shóisialta, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá PhD aici ón Ionad um Thaighde Gníomhaíochta i gCleachtas Gairmiúil, Ollscoil Bath. Tá taithí fhairsing aici i meastóireacht beartais, cleachtais agus torthaí i ndáil le dul i ngleic le saincheisteanna casta lena n-áirítear úsáid substaintí agus foréigean baile agus gnéasach. Sa bhliain 2020, bronnadh an Ghradam Eorpach um Shármhaitheas sa Teagasc sna hEolaíochtaí Sóisialta agus sna Daonnachtaí uirthi agus bhí sí ina Leas-Phríomhoide um Theagasc agus Foghlaim do Choláiste na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Dlí 2021-2024. I measc a cuid spéiseanna taighde tá an nasc idir úsáid substaintí agus foréigean, forbairt beartais agus modheolaíochtaí taighde cruthaitheacha agus rannpháirteacha.