Seolann an tAire Murnane O'Connor tuarascáil shuntasach ón mBord Taighde Sláinte chun tacú le forbairt beartais maidir le húsáid leapacha gréine
- Foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Deireadh Fómhair 2025
Sheol an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor TD, tuarascáil nua ón mBord Taighde Sláinte (HRB) inniu ag ceardlann náisiúnta do pháirtithe leasmhara atá dírithe ar bheartas amach anseo maidir le húsáid leapacha gréine in Éirinn a mhúnlú.
Sa tuarascáil, dar teideal “Athbhreithniú Córasach agus Meitea-Anailís lena Scrúdaítear Éifeachtacht Idirghabhálacha Sláinte Poiblí maidir le hÚsáid Gréine agus Rátaí Ailse Craicinn a Laghdú” , tugtar le chéile fianaise dhomhanda maidir le straitéisí chun úsáid leapacha gréine agus minicíocht ghaolmhar ailse craicinn a laghdú.
Ag oscailt na ceardlainne ildisciplíneach, dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Is é cuspóir an lae inniu bonn eolais a chur faoi bheartas sláinte poiblí láidir atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt. Molaim idirphlé oscailte cuiditheach i rith an lae.
Trí oibriú le chéile, mar shaineolaithe, mar abhcóidí, nó mar ionadaithe na sochaí sibhialta, is féidir linn beartas a mhúnlú a chosnaíonn sláinte agus folláine daoine ar fud oileán na hÉireann.”
I gcomhréir le gealltanas Chlár an Rialtais chun Bealaí a fhiosrú chun Úsáid Tráchtála Leaba Ghréine a Chosc, tá Grúpa Oibre tras-rannach bunaithe ag an Aire Murnane O’Connor chun scrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí dlíthiúla, beartais agus sláinte poiblí a bhaineann le toirmeasc den sórt sin.
Tagann imeacht an lae inniu sna sála ar dhúnadh comhairliúcháin phoiblí le déanaí maidir le toirmeasc atá beartaithe ar úsáid leapacha gréine tráchtála, agus is cloch mhíle thábhachtach é sa phróiseas rannpháirtíochta níos leithne le páirtithe leasmhara, lena gcuirtear deis uathúil ar fáil chun eolas agus saineolas a chomhroinnt chun tacú le forbairt beartais atá bunaithe ar fhianaise.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor roimhe seo:
“Tá an fhianaise soiléir - níl aon leibhéal sábháilte úsáide leapacha gréine ann. In ainneoin na rialachán atá ann cheana, tá daoine óga fós ag fáil rochtain ar leapacha gréine, rud a fhágann go bhfuil siad i mbaol tromchúiseach ailse craicinn.
“Ní mór dúinn gníomhú go cinntitheach chun díobháil inseachanta a chosc.”
Agus príomhthorthaí na tuarascála seo á bplé aici, dúirt an Dr Tonya Moloney, Oifigeach Taighde, HRB:
"Léirítear san athbhreithniú nach bhfuil ach tionchar teoranta ag idirghabhálacha aonair maidir le húsáid leapacha gréine a laghdú. Tugann an fhianaise le fios go n-athraíonn an t-oideachas dearcthaí ach nach n-athraíonn sé iompar i gcónaí, agus go laghdaíonn rialáil amháin rochtain ach nach dtugann sé aghaidh ar bhunchúiseanna.
"Léirítear san athbhreithniú go mbeadh údar maith le beartas na hÉireann a chur chun cinn sa réimse seo dá nglacfaí cur chuige déach ina dtabharfaí aghaidh ar shrianta, chomh maith le feachtais oideachais spriocdhírithe.
"Tá sé ríthábhachtach srianta a fhorfheidhmiú chun laghduithe ar úsáid leapacha gréine a bhunú. Ní bhaineann sé seo le staitisticí a laghdú amháin - baineann sé leis na mílte diagnóis ailse a chosc agus beatha daoine a shábháil.”