Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Murnane O’Connor fáilte roimh thuairisc IPH ar úsáid leapacha gréine agus fógraíonn sí Grúpa Oibre trasrannach chun cosc ar leapacha gréine a úsáidtear ar bhonn tráchtála a fhiosrú

Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor, roimh thuarascáil nua ón Institiúid Sláinte Poiblí (IPH) a mholann cosc ar leapacha gréine in Éirinn chun an baol d’ailse chraicinn a laghdú.

Tacaíonn an tuarascáil seo fosta le tiomantas an Rialtais faoin gClár Rialtais 2025 chun cosc ar leapacha gréine a úsáidtear ar bhonn tráchtála a fhiosrú. Bhunaigh an tAire Murnane O’Connor Grúpa Oibre le déanaí chun na bealaí éagsúla conas seo a bhaint amach a mheas.

Tugann “Achoimre ar úsáid leapacha gréine in Éirinn agus ar roghanna beartais chun riosca d’ailse chraicinn a laghdú’ fianaise an-láidir go bhfuil leapacha gréine fós in úsáid ag daoine fásta agus páistí in Éirinn, in ainneoin na rialachán atá ann cheana.

Léiríonn sé na rioscaí suntasacha do shláinte phoiblí, a bhaineann le radaíocht ultraivialait (UV) ó leapacha gréine, atá rangaithe mar charcanaigin ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus an Coimisiún Eorpach.

Ag labhairt di roimh an gcéad chruinniú den Ghrúpa Oibre, dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor:

“Cuireann an tuarascáil seo tuilleadh béime ar an méid atá ar eolas againn cheana- níl leibhéal sábháilte d’úsáid leapacha gréine. Is í ailse chraicinn an ailse is coitianta in Éirinn, agus is gá dúinn gníomhú go láidir chun ár ndaonra a chosaint, go háirithe ár ndaoine óga, ar dhochar inchoiscthe.

"Tá an fhianaise soiléir: tá leapacha gréine fós in úsáid ag páistí agus daoine óga, in ainneoin na srianta dlíthiúla. Is cúis imní an méid seo uilig. Deánfaimid a bhfuil ar ár gcumas daoine a chosaint ar a ndíobhálacha chun beatha a shábháil agus chun an brú ailse ar ár seirbhís sláinte a laghdú."

Mhol an tAire obair an IPH agus na Seirbhíse Sláinte Comhshaoil Náisiúnta FSS fosta, maidir le beartas sláinte poiblí a chur chun cinn trí thaighde, fhorfheidhmiú agus chomhoibriú.

Chuir an tAire Murnane O’Connor leis an méid sin, ag rá:

“Molaim an IPH as an obair thábhachtach seo. Tá bunús láidir againn anois chun leanúint ar aghaidh le polasaithe a thugann tús áite do shláinte agus d'fholláine ár bpobail, agus táim ag súil le tacaíocht a thabhairt don Ghrúpa Oibre i gcomhar le mo chomhoibrithe ar fud an Rialtais agus na seirbhíse sláinte agus muid ag tabhairt faoi na céad chéimeanna eile atá romhainn.”


Nótaí