Cuireann an tAire Murnane O’Connor fáilte roimh ainmniúcháin Chathracha Sláintiúla de chuid EDS in Éirinn ag Cruinniú Gnó Bliantúil agus Comhdháil Theicniúil Chathracha Sláintiúla na hEorpa de chuid EDS 2026
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2026
- An t-eolas is déanaí: 17 Meitheamh 2026
Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor TD, roimh chloch mhíle do shláinte phoiblí na hÉireann, agus Ceatharlach, Corcaigh agus Port Láirge ag fáil ainmniúcháin fhoirmiúla mar Chathracha Sláintiúla na hEorpa de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), agus Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann ag fáil creidiúnú mar líonra náisiúnta ag Cruinniú Gnó Bliantúil agus Comhdháil Theicniúil Chathracha Sláintiúla na hEorpa de chuid EDS 2026 i Viana do Castelo, sa Phortaingéil.
Bronnadh na hainmniúcháin ag an gcomhdháil a sheol Céim VIII (2026–2030) de Líonra Eorpach na gCathracha Sláintiúla de chuid EDS, lena dtugtar aitheantas do chathracha ar fud na hEorpa as sláinte, cothromas agus inbhuanaitheacht a chur i gcroílár an rialachais agus na forbartha áitiúla. Tá 40ú comóradh an Ottawa Charter for Health Promotion á cheiliúradh ag an gcomhdháil freisin; doiciméad idirnáisiúnta ceannródaíoch é a chuidigh le gluaiseacht na gCathracha Sláintiúla a bhunú in 1986.
Agus í ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Is lá bródúil é seo d’Éirinn agus do chathracha Cheatharlach, Chorcaí agus Phort Láirge. Is toradh iad na hainmniúcháin seo ar bhlianta d’obair dhícheallach a rinne údaráis áitiúla, eagraíochtaí pobail, seirbhísí sláinte agus eagraíochtaí deonacha chun cathracha a fhorbairt inar féidir le gach duine saol níos sláintiúla, níos cothroime agus níos nasctha a chaitheamh. Tá an-ríméad orm a bheith i láthair sa Phortaingéil don chreidiúnú oifigiúil atá á bhronnadh ar Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann; is fianaise é dár gcomhpháirtithe Eorpacha ar thiomantas náisiúnta na hÉireann do shláinte uirbeach a fheabhsú ag gach leibhéal rialtais.”
Tugann Líonra Eorpach na gCathracha Sláintiúla de chuid EDS daoine le chéile ó bhreis agus 100 cathair shuaitheanta ar fud Réigiún Eorpach EDS, agus iad aontaithe ina dtiomantas don tsláinte agus don fholláine a chur i gcroílár an rialachais uirbigh. Léiríonn an creidiúnú seo ceannaireacht na cathrach maidir le beartais sláinte a chomhtháthú, dul i ngleic le neamhionannais sláinte agus obair i gcomhpháirt leis an bpobal agus le geallsealbhóirí. Le linn na comhdhála, seolfaidh Éire grúpa oibre nua um shlándáil bia freisin agus cuirfidh sí achoimrí i láthair ar shaincheisteanna éagsúla sláinte poiblí.
Faoin téama ‘Cathracha Sláintiúla do Ghlúnta Sláintiúla’, fiosróidh comhdháil 2026 conas is féidir le cathracha timpeallachtaí a mhúnlú a chuireann ar chumas daoine bláthú ag gach céim den saol. Ós é seo an chéad chruinniú bliantúil de Chéim VIII, cuirfidh sé ardán ríthábhachtach ar fáil chun tosaíochtaí a ailíniú, eolas a roinnt agus dlús a chur leis an gcur chun feidhme.
Tá clár cuimsitheach Cathracha Sláintiúla, atá ar aon dul le creat Chéim VIII, forbartha ag gach ceann de na trí chathair nua-ainmnithe, agus tá siad tiomanta do dhul i ngleic le cinntithigh shóisialta na sláinte, neamhionannais a laghdú agus pobail bheoga chuimsitheacha a chothú. Tagann siad i gcomhthráth le seoladh Chéim VIII den Líonra, lena dtugtar isteach creat straitéiseach nua atá bunaithe ar na ‘7Ps’:
- Daoine,
- Áit,
- Pláinéad,
- Rannpháirtíocht,
- Rathúnas,
- Síocháin,
- Ullmhacht.
Leagtar béim sa chéim nua ar athléimneacht aeráide, cothromas idirghlúine agus ullmhacht do dhúshláin sláinte poiblí amach anseo.