Fógraíonn an tAire O’Donnell tús le Clárlann Náisiúnta Néaltraithe
- Foilsithe: 23 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2025
D’fhógair an tAire do Dhaoine Scothaosta agus Thithíocht Kieran O'Donnell, TD, inniu gur cuireadh tús le Clárlann Náisiúnta Néaltraithe na hÉireann a chur i bhfeidhm.
Agus é ag labhairt ag an gComhdháil ar Sheirbhísí Measúnachta Cuimhne i gColáiste na Tríonóide ar maidin inniu, dúirt an tAire O’ Donnell:
“I gClár an Rialtais, luaitear a tiomantas le Clárlann Náisiúnta Néaltraithe a fhorbairt chun seirbhísí a rianú, riachtanas a aithint agus rochtain chothrom ar sheirbhísí a phleanáil. Tá áthas orm a fhógairt gur choimisiúnaigh an FSS, trí Sheirbhísí Náisiúnta Néaltraithe, Clár Cúraim Feabhsaithe sa Phobal agus an tIonad Náisiúnta um Iniúchadh Cliniciúil, an tIonad Náisiúnta um Iniúchadh Cliniciúil (NOCA) an Chlárlann a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a choinneáil suas chun dáta. Tá taithí leathan ag NOCA ar Iniúchadh Cliniciúil agus ar chlárlanna agus táim muiníneach go gcabhróidh an Chlárlann nua seo linn an caighdeán de chúram néaltraithe a fheabhsú, bearnaí sa tseirbhís a réiteach, agus seirbhísí a phleanáil do líon méadaithe daoine le néaltrú orthu.”
Chuir an tAire leis an méid sin, ag rá:
“Ó 2021 i leith, tá €19 milliún infheistithe ag an Rialtas i seirbhísí measúnachta cuimhne le haghaidh néaltraithe agus tacaíochtaí pobail do dhaoine le néaltrú orthu. Ba mhaith linn an tsamhail chúraim FSS le haghaidh néaltraithea a chur i bhfeidhm, ionas go bhféadfaí gach duine le néaltrú orthu a dhiagnóisiú go tráthúil agus tacaíocht a fháil i ndiaidh na diagnóise a chabhróidh leo agus lena dteaghlaigh an saol is fearr is féidir a bheith acu. Tacóidh an Chlárlann Náisiúnta Néaltraithe leis an tSamhail Chúraim a sholáthar agus tá an-áthas orm go bhfuil an chéim forbartha tosaithe anois.”
Ag labhairt faoi nuacht an lae inniu, dúirt Pat Healy, Stiúrthóir Náisiúnta na Seirbhísí agus na Scéimeanna le FSS:
“Agus muid ag leanúint ar aghaidh lenár dturas i dtreo Sláintecare a sholáthar, tríd an gcúram ceart a chur ar fáil, ag an am ceart, san áit cheart, beidh an Chlárlann Náisiúnta Néaltraithe ina huirlis thábhachtach don FSS chun a chinntiú go bhfuil infheistíocht i seirbhísí diagnóiseacha agus pobalbhunaithe cothrom agus ag feabhsú an chúraim atá á thabhairt do dhaoine le néaltrú orthu.”
Chuir Dr. Seán O'Dowd, Ceannaire Cliniciúil do Sheirbhísí Néaltraithe Náisiúnta, fáilte roimh an gClárlann a chur I bhfeidhm, ag rá:
“Tabharfaidh an Chlárlann Náisiúnta Néaltraithe sonraí luachmhara dúinn maidir le go leor gnéithe de chúram daoine le néaltrú orthu, lena n-áirítear cathain agus cá háit a dhiagnóisíodh ia, cén cineál néaltraithe atá orthu, cad iad na tacaíochtaí atá á bhfáil acu tar éis na diagnóise agus sa phobal, cén leigheas atá á glacadh acu, agus cén caighdeán beatha atá acu. Chomh maith le tacú le Seirbhísí Náisiúnta Néaltraithe agus leis na Réigiúin Sláinte chun soláthar na seirbhíse a phleanáil, tabharfaidh an Chlárlann Náisiúnta Néaltraithe deis le haghaidh taighde ar ghnéithe éagsúla faoi néaltrú agus conas gur féidir linn sláinte agus folláine na ndaoine sin le néaltrú orthu a fheabhsú, chomh maith lena dteaghlaigh.”
Dúirt Majella Daly, Leas-Stiúrthóir Náisiúnta, an tIonad Náisiúnta um Iniúchadh Cliniciúil, FSS:
“Tá sé mar aidhm ag an Ionad Náisiúnta um Iniúchadh Cliniciúil forbairt an phróisis ó thús deireadh d’iniúchadh cliniciúil a fheabhsú agus tá áthas orainn an obair thábhachtach seo a fheiceáil ag dul chun cinn. Chabhraigh obair NOCA ar go leor Iniúchtaí agus Clárlanna cosúil leis an gClár um Bhriseadh Cromáin na hÉireann, Iniúchadh Náisiúnta na hÉireann le haghaidh Stróc, agus an tIniúchadh um Taom Croí,l a chabhraigh cheana féin le cúram a fheabhsú agus táim muiníneach gur féidir leis an gClárlann Náisiúnta Néaltraithe amhlaidh a dhéanamh, maidir le diagnóis agus cúram na ndaoine a bhfuil néaltrú orthu.”
Nótaí
Bunaíodh Seirbhísí Náisiúnta Néaltraithe (an Oifig Náisiúnta Néaltraithe roimhe seo) in 2015 chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Néaltraithe (2014). Tuairiscíonn na Seirbhísí Náisiúnta Néaltraithe ar chlár FSS um Chúram Pobail Feabhsaithe (ECC) agus ailíníonn siad leis. Le déanaí, bhí na Seirbhísí Náisiúnta Néaltraithe i gceannas ar chur chun feidhme na 37 sprioc agus moladh a leagtar amach sa tSamhail Chúraim don Néaltrú in Éirinn a foilsíodh in 2023. Clúdaíonn na spriocanna seo Feasacht Phoiblí, Measúnú, Diagnóis, Diagnóis a Chur in iúl, Pleanáil Cúraim agus Tacaíocht Iardhiagnóiseach.
Choimisiúnaigh Ionad Náisiúnta FSS um Iniúchóireacht Chliniciúil (NCCA) an Oifig Náisiúnta um Iniúchóireacht Chliniciúil (NOCA) chun an Chlárlann Náisiúnta um Néaltrú a fhorbairt agus a chothabháil. Déanfar an Chlárlann a fhorbairt thar thréimhse thart ar thrí bliana agus ina chéad chéim baileofar sonraí ó sheirbhísí diagnóiseacha néaltraithe, lena n-áirítear Seirbhísí Measúnaithe agus Tacaíochta Cuimhne, Clinic Speisialtóra Réigiúnacha Cuimhne, an tSeirbhís Náisiúnta um Chuimhne ar Mhíchumas Intleachtúil agus seirbhísí éagsúla eile a dhiagnóiseann daoine a bhfuil néaltrú orthu.
Tá taithí fhairsing ag NOCA ar iniúchadh cliniciúil agus ar chlárlanna agus faoi láthair oibríonn sé punann iniúchtaí agus clárlann lena n-áirítear Bunachar Sonraí Briseadh Cromáinn na hÉireann, Iniúchadh Náisiúnta na hÉireann ar Stróc, Iniúchadh ar Thaom Croí na hÉireann, agus go leor eile.
Tá sé i gceist ag an gClárlann cáilíocht cúraim othar agus torthaí cliniciúla a fheabhsú do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, sonraí a sholáthar le haghaidh pleanáil seirbhíse, cur le forbairt beartais, agus taighde a éascú.
Le leathadh amach an Rialacháin maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS) agus le cur chun feidhme an taifid leictreonaigh cúraim sláinte, beifear in ann, le himeacht ama, sonraí ó chodanna éagsúla den chóras cúraim sláinte a nascadh/a chomhtháthú leis an gClárlann Néaltraithe, rud a sheachnóidh dúbláil iarrachta agus a shaibhreoidh an tacar sonraí.
Choimisiúnaigh FSS réamhchleachtadh scóipe agus réamhthuarascáil ar an gClárlann Náisiúnta Néaltraithe, agus úsáid á baint as maoiniú cuntas díomhaoin a fuarthas tríd an Roinn Sláinte. Cuideoidh an tuarascáil seo, faoi stiúir an Dr Louise Hopper (Hopper agus Bowen, 2021), le tuilleadh oibre a threorú maidir le dearadh agus cur chun feidhme na Clárlainne Náisiúnta um Néaltrú.