Seolann an tAire atá freagrach as an Straitéis Náisiúnta Drugaí feachtas feasachta náisiúnta DRIVE chun tacú le daoine a bhfuil tionchar ag imeaglú agus foréigean a bhaineann le drugaí orthu.
- Foilsithe: 8 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2025
- Tá an tAire Dlí agus Cirt ag tacú le feachtas a bhaineann le cabhair a thabhairt do dhaoine a bhfuil tionchar ag imeaglú agus foréigean a bhaineann le drugaí orthu.
- Is tionscadal idirghníomhaireachta é DRIVE a fhreagraíonn d’imeaglú agus foréigean a bhaineann le drugaí
Sheol an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor, i gcomhar leis an Aire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, feachtas nua náisiúnta inniu chun feasacht a ardú ar na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine a bhfuil tionchar ag imeaglú agus foréigean a bhaineann le drugaí orthu trí thionscadal DRIVE (i nGleic le hImeaglú agus Foréigean a bhaineann le Drugaí).
Is tionscadal idirghníomhaireachta é DRIVE a leagann amach córais agus struchtúir chun freagairt d’imeaglú agus foréigean a bhaineann le drugaí. Forbraíodh an feachtas seo ag Coiste Maoirseachta Náisiúnta DRIVE chun spreagadh a thabhairt do cabhair a lorg. Is é an sprioc atá ann ná an stiogma d’imeaglú de thoradh drugaí a laghdú agus chun an raon seirbhísí agus tacaíochtaí faoi rún atá ar fáil do dhaoine aonair, theaghlaigh agus do phobail a chur chun cinn.
Tá os cionn 400 seirbhísí drugaí atá maoinithe go poiblí ann, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teaghlaigh, trasna na tíre atá a thugann comhairle agus tacaíocht do dhaoine a bhfuil tionchar ag DRI orthu. Tá seirbhísí tacaíochta do theaghlaigh fíor-thábhachtach toisc go mbíonn foréigean a bhaineann le drugaí de ghnáth ina fhadhb ag an teaghlach ar fad. Tá líonra náisiúnta cuimsitheach de sheirbhísí tacaíochta teaghlaigh ann gur féidir le daoine teacht orthu. Cuireann suíomh Gréasáin The Driveproject.ie tuilleadh eolais ar fáil do dhaoine.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Is fadhb dháiríre agus chasta í an t-imeaglú agus an foréigean a bhaineann le drugaí, a chuireann isteach ar dhaoine de gach aois agus as gach cúlra. Tuigim go bhféadfadh sé a bheith ina eispéireas an-scanrúil agus uaigneach, mar sin tá sé tábhachtach go bhfuil daoine ar an eolas go bhfuil cabhair ar fáil.
“Tá sé mar aidhm ag feachtas náisiúnta DRIVE daoine a spreagadh chun an chéad chéim sin a ghlacadh agus cúnamh a lorg, trí theagmháil a dhéanamh le driveproject.ie ionas gur féidir leo leas a bhaint as raon tacaíochtaí, lena n-áirítear seirbhísí pobalbhunaithe drugaí agus alcóil, seirbhísí tacaíochta do theaghlaigh agus An Garda Síochána tríd an gclár tuairiscithe d’imeaglú a bhaineann le drugaí.
"Léiríonn an tionscnamh seo ár gcur chuige sláinte iomlánaíoch i leith úsáid drugaí, agus leagtar béim ar an tábhacht de chomhoibriú idir ghníomhaireachtaí. Trí bheith ag obair le chéile, is féidir linn difríocht phraiticiúil a dhéanamh do na daoine atá faoi thionchar imeaglaithe drugaí agus sa tslí sin, is féidir linn an greim daingean atá ag drugaí ar ár bpobail a laghdú.”
Bunaíodh an Coiste Maoirseachta Náisiúnta DRIVE i 2020, agus forbraíodh agus cuireadh an Creat DRIVE i gcló i mí na Samhna 2021, ag comhlíonadh tosaíocht sa straitéis náisiúnta drugaí chun dul i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn as úsáid drugaí i bpobail ar fud na tíre.
Dúirt an tAire O'Callaghan:
“Mar Aire, táim tiomanta do dhul i ngleic le mangaireacht drugaí agus díriú ar obair na ngrúpaí coireachta eagraithe, a chothaíonn imeaglú agus foréigean i measc teaghlach agus na bpobal. Tá mo thosaíocht chun tuilleadh gardaí a chur ar na sráideanna ríthábhachtach don phlean seo, ach ní mór é seo a chomhlánú le bearta breise a thugann aghaidh ar an tionchar níos leithne a bhíonn ag úsáid drugaí ar an tsochaí. Tá an tionscadal DRIVE mar chéim shuntasach i dtreo seo.
“Déanann imeaglú a bhaineann le drugaí dochar mór do dhaoine, do theaghlaigh agus do phobail ar fud na tíre. Is féidir leis a bheith ina eispéireas scanrúil agus uaigneach do na híospartaigh, agus mar sin tá sé ríthábhachtach go mbeadh tacaíochtaí neamhbhreithiúnacha, rúnda ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu leo, chomh maith le hobair an Gharda Síochána.
“Le chéile, tá teachtaireacht shoiléir á seoladh againn nach bhfuil áit ar bith ag imeaglú agus foréigean a bhaineann le drugaí inár sochaí, agus go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh siúd atá buailte leis.”."
Dúirt Cathaoirleach Choiste Maoirseachta Náisiúnta DRIVE, Antoinette Kinsella:
“Táimid aireach go dtarlaíonn imeaglú a bhaineann le drugaí i mbealaí éagsúla le tionchair dhiúltacha ar dhaoine aonair, theaghlaigh agus ar phobail. Le rolladh amach an fheachtais náisiúnta seo tá súil agam go spreagfar iad siúd a bhfuil tionchar ag an bhfadhb uafásach seo orthu chun cabhair agus tacaíocht a lorg.
“Trí rochtain a fháil ar shuíomh Gréasáin driveproject.ie, is féidir le daoine dul i dteagmháil le Comhordaitheoir na dTascfhórsaí dá gceantar féin, áit a dtabharfaidh siad comhairle ansin faoin raon seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil ina gceantar áitiúil. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcuirfear tacaíochtaí ar fáil ar bhealach neamhbhreithiúnach agus rúnda le deiseanna rochtain a fháil ar raon seirbhísí."
Tá an tionscadal DRIVE maoinithe ag an Roinn Sláinte le tacaíocht ó Líonraí Tascfhórsaí Réigiúnacha agus Áitiúla ar Dhrugaí agus Alcóil, Grúpa Comhairleach um Rialachas Náisiúnta Andúile Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, An Garda Síochána, an tSeirbhís Phromhaidh, an Roinn Dlí agus Cirt, an Bord Taighde Sláinte, an Earnáil Dheonach Náisiúnta Drugaí & Alcóil agus foireann Tionscadail DRIVE.
Nótaí
Beidh an feachtas feasachta náisiúnta DRIVE le feiceáil ar an raidió náisiúnta, réigiúnach agus digiteach, físeáin ar éileamh, ar na meáin chlóite agus sóisialta ó Déardaoin 8 Bealtaine.
Déanann Coiste Maoirseachta Náisiúnta DRIVE (DOC) bainistiú agus comhordú ar chur i bhfeidhm chreat DRIVE. I measc na mball, tá:
- Tascfhórsaí Réigiúnacha Drugaí agus Alcóil
- Tascfhórsaí Áitiúla Drugaí agus Alcóil
- An Roinn Cirt
- Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus um Choireacht Eagraithe
- An tSeirbhís Phromhaidh
- Grúpa Rialachais Chomhairleach Náisiúnta FSS ar Andúile
- An Bord Taighde Sláinte
- An Earnáil Deonach Náisiúnta Drugaí agus Alcóil
Tuilleadh eolais ar na tacaíochtaí agus na seirbhísí atá ar fáil