Fógraíonn na hAirí Sláinte buiséad sláinte €27.4bn do 2026
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Deireadh Fómhair 2025
Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler TD, an tAire do Dhaoine Scothaosta, Kieran O’Donnell TD, agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus Straitéis Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor TD, tar éis €27.4 billiún i maoiniú don earnáil sláinte sa bhliain 2026 a fhógairt inniu.
Is ionann an leithdháileadh is mó riamh ar chaiteachas reatha agus méadú €1.5 billiún, nó 6.2%, ar mhaoiniú 2025, rud a éascóidh rochtain níos tapa agus níos cothroime ar chúram sláinte do chách in Éirinn.
In 2026, beidh bogadh i dtreo samhail infheistíochta atá a treorú ag feidhmíocht, agus beidh na sé Réigiún Sláinte uile cumasaithe chun acmhainní a úsáid go straitéiseach ar bhealach a fhreagraíonn do riachtanais a bpobal féin. Trí úsáid níos fearr a bhaint as an lucht oibre atá againn cheana féin — go háirithe trí sheirbhísí a chur ar fáil seacht lá na seachtaine — agus le 3,300 ball foirne breise comhionann le lánaimseartha (WTE) san Fheidhmeannas Seirbhíse Sláinte (FSS), is féidir linn na difríochtaí réigiúnacha maidir le rochtain ar chúram a laghdú go suntasach agus forbairt seirbhíse sláinte níos inbhuanaithe, níos éifeachtúla a spreagadh a fhreagraíonn níos fearr do riachtanais othar.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
"De réir mar a mhaolaíonn an stát a mhéadú caiteachais, táim tar éis buiséad a fháil a thacóidh le rochtain níos tapúla ar chúram ardchaighdeáin, agus a uasmhéadóidh luach ar airgead. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh le níos mó airgid a chaitheamh gan é a chaitheamh ar bhealach go níos cliste, agus léiríonn Buiséad 2026 athrú mór ar an gcaoi a ndírímid ár n-infheistíocht. Táimid ag iarraidh táirgiúlacht níos mó i ngach réigiún, agus nuálaíoch a chur chun chinn agus muid ag forbairt bealaí níos tapa, níos cliste agus níos sábháilte chun cúram sláinte a sholáthar.”
Beidh infheistíocht sa chúram sláinte i rith 2026 dírithe ar:
- Dhul i ngleic le héagothroime réigiúnach i rochtain agus laghdú ama feithimh: Bainfear é seo amach trí sheirbhísí a chur ar fáil ar bhonn 5/7, laghdú ama feithimh trasna gach príomhlimistéar seirbhíse, leathnú ar sheirbhísí GP lasmuigh d’uaireanta oifige agus ar uaireanta tacaíochta baile, agus infheistíocht bhreise de €217 milliún i gcógais de chuid na Seirbhíse Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil (PCRS), lena n-áirítear €30 milliún i gcógais nua.
- Shábháilteacht a fheabhsú agus tosaíocht a dhéanamh de bhearta coiscthe: Áireofar leis seo tionscnaimh sláinte poiblí chun rátaí imdhíonta agusscagthástála a mhéadú, laghdú ar iompraíochtaí sláinte dochracha, chomh maith le cláir chun dul i ngleic le murtall, leochaileacht agus galar ainsealach, agus béim ar thacaíochtaí meabhairshláinte agus ar leibhéil shábháilte foirne.
- Cumas nua agus athchóiriú: Áirítear leis seo soláthar leapacha ospidéil nua géarchúraime, pobail agus fíorúla, ionaid chúraim phríomhúil nua, níos mó áiteanna oiliúna do ghairmithe sláinte, forbairt leanúnach ar róil chleachtais ardleibhéil, agus tosaíocht a dhéanamh de chúram pobail mar chéad rogha, lena n-áirítear leathnú ar ról na gcógaslann. Soláthraíonn sé freisin do thógáil mol máinliachta agus soláthar treisithe seirbhísí sláinte fíorúla.
- Táirgiúlacht agus luach ar airgead: Táirgiúlacht níos mó agus luach níos fearr ar airgead a spreagadh inár n-ospidéil agus i suíomhanna pobail, mar shampla: níos mó coinní, uaireanta breise d’obrádlanna, rochtain méadaithe ar dhiagnóisic, agus aistriú gníomhaíochtaí ospidéil go suíomhanna pobail. Tacóidh sé freisin le héifeachtúlacht mhéadaithe trí úsáid a bhaint as córais dhigiteacha agus Intleacht Shaorga
Dúirt an tAire Carroll Mac Neil freisin:
“Léiríonn an buiséad seo béim ar ár dtiomantas luach uasta a bhaint as gach euro a infheistítear sa chóras sláinte chun gach réimse den tsoláthar seirbhíse a fheabhsú. Tá béim láidir ar leathnú seirbhísí pobail, le foireann bhreise ag tacú le soláthar méadaithe seirbhísí do dhaoine scothaosta agus tacaíochtaí meabhairshláinte, i gcomhréir lenár dtiomantas cúram ardchaighdeáin a chur ar fáil chomh gar don bhaile agus is féidir, mar rogha níos fearr agus níos inacmhainne ná cúram i n-ospidéil ghéarmhíochaine.
“Déanfaidh ár n-infheistíochtaí difríochtaí fíora, follasacha do na hothair trí amanna feithimh le haghaidh comhairliúchán agus tástálacha nó gnáthaimh dhiagnóiseacha a laghdú, nó trí chóireáil thráthúil do ghalar coitianta ó chógaiseoir saineolaí a éascú tríd an tseirbhís nua atá le teacht dar teideal an Seirbhís Coinníollacha Coitianta.
“Nuair a thugaim cuairt ar ospidéil ar fud na tíre, labhraím le hothair, féachaim ar an suíomh agus cuirim an cheist orm féin: ‘An bhfuilimid ag freastal ar riachtanais na n-othar atá ag teacht anseo inniu?’ Caithfimid ligean do sheirbhísí oiriúnú do riachtanais áitiúla agus pleanáil don daonra atá ag fás agus ag dul in aois, chun torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach do chách.
"Ní de réir torthaí sláinte amháin a chaithfimid ár gcuid feidhmíochta a mheas, ach de réir an chaoi a gcaitear lenár n-othair nuair a thagann siad chuig ár seirbhísí sláinte. De réir mar a aistrímid chuig samhail atá bunaithe ar fheidhmíocht, táim ag súil go ndéanfaidh na Sé Réigiún Sláinte aghaidh ar riachtanais ar leith a ndaonraí áitiúla agus go léireoidh siad feabhas soiléir ar thorthaí. Is é seo ár gconair i dtreo seirbhíse sláinte atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de don todhchaí agus léiriú fíor ar Chúram Sláinte.”
Meabhairshláinte
Fostófar 300 ball foirne lánaimseartha breise i seirbhísí meabhairshláinte in 2026, rud a léiríonn an gá suntasach sa réimse seo. Is ionann é seo agus 9% den mhéadú foriomlán i bhfoireann na seirbhíse sláinte an bhliain seo chugainn. Cuirfidh an buiséad is mó riamh seo ar ár gcumas díriú go mór ar ár bhfreagairt do dhaoine atá i ngéarchéim mheabhairshláinte a fheabhsú san ospidéal agus sa phobal ar aon.
Cuirfear foirne altraí speisialtóra (ANP agus CNS) i Ranna Éigeandála de gach ospidéal Múnla 4 lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre, chomh maith le bunú bealaigh freagartha géarchéime nua do leanaí agus do dhaoine óga, le foireann dochtúirí speisialaithe ó na Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh (CAMHS).
Cuirfear maoiniú ar fáil do thrí Fhoireann Réitithe Géarchéime nua, le caiféanna géarchéime 'buail isteach' i nDún na nGall, i gCiarraí agus i Lár na Tíre (An Tulach Mhór/An Iarmhí) mar roghanna géarchéime seachas Ranna Éigeandála chun tacú leo siúd a bhfuil géarchéim mheabhairshláinte orthu. Cuirfear 12 Altra Measúnaithe Géarchéime Féinmharaithe breise ar fáil chun oibriú le daoine atá i igcruachás agus a thagann chuig seirbhísí DG sna pobail
Cuirfidh an Buiséad seo ar ár gcumas líon na leapacha do sheirbhísí meabhairshláinte a mhéadú, lena n-áirítear oscailt agus cur chun feidhme 21 leaba géarchúraim d'othair chónaitheacha CAMHS. Cuirfidh sé foireann ar fáil freisin chun 10 leaba nua san Aonad Dianchúraim Athshlánúcháin ag an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí a oscailt.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá áthas an domhain orm gur oibrigh mé go dlúth leis an Aire Carroll MacNeill chun 300 ball foirne breise a fháil dár seirbhísí meabhairshláinte. Cabhróidh an tríú cuid de na cliniceoirí nua seo linn tacaíocht a dhíriú ar dhaoine atá faoi ghéarchéim meabhairshláinte inár n-ospidéil agus inár bpobail araon. Trí fhoirne d'altraí speisialtóra a chur inár Ranna Éigeandála lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre, in éineacht le leathnú roghanna pobail amhail foirne réitithe géarchéime agus caiféanna géarchéime, táimid ag athrú go bunúsach an chaoi a bhfreagraímid do riachtanais daoine atá i gcruachás."
Daoine Scothaosta
Agus é ag tabhairt aitheantais don athrú i líon na ndaoine scothaosta in Éirinn, d’fhógair an tAire do Dhaoine Scothaosta go mbeidh méadú de €215 milliún ar sheirbhísí do dhaoine scothaosta in 2026, rud a léiríonn méadú os cionn 7.1% ar 2025.
Dúirt an tAire O’Donnell:
"Áirítear leis an bhfigiúr €82 milliún i maoiniú breise le haghaidh tacaíochta baile. Is tosaíocht ríthábhachtach don Rialtas í tacaíocht bhaile. Tacóidh sé le níos mó daoine rochtain a fháil ar sheirbhísí a chabhróidh leo maireachtáil go maith ina dtithe agus ina bpobail féin. Cuirfidh an maoiniú seo méadú 1.7 milliún uair an chloig ar fáil in chun 26.7 milliún uair an chloig de thacaíocht bhaile a sholáthar don bhliain seo chugainn.
"Cuirfear €92 milliún i maoiniú breise ar fáil don Scéim Chothrom na Féinne chun tacú leis an earnáil tithe altranais chun seirbhísí a leathnú agus cáilíocht a fheabhsú. Áirítear leis tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do 500 duine breise chun rochtain a fháil ar chúram cónaithe fadtéarmach.
"Táimid tiomanta freisin d’infheistíocht bhreise a dhéanamh i gcúram cónaithe trí leapacha nua a oscailt in Aonaid Altranais Pobail agus scéim nua chun feabhas a chur ar an timpeallacht chónaithe i dtithe altranais.
"Tá maoiniú breise suntasach €2 mhilliún faighte againn do sheirbhísí Béilí ar Rothaí, ar thosaíocht de chuid an rialtais é. Agus tairbhe á baint ag na mílte daoine breacaosta as, is méadú breis is 30% ar mhaoiniú é seo i gcomparáid le 2025, a sheachadann 2.7 milliún béile do 18,000 duine faoi láthair.
"Tá €2.3 milliún breise i maoiniú leithdháilte againn chun rochtain fheabhsaithe ar dhiagnóisic agus ar thacaí do dhaoine le néaltrú a fheabhsú.
“Áirítear leis an maoiniú seo an Clárlann Náisiúnta néaltrú, measúnú cuimhne agus seirbhísí tacaíochta, tacaíocht a thabhairt do leathnú chúram lae Chumann Alzheimer na hÉireann sa phobal agus sa bhaile agus feicfear líon iomlán na gcomhairleoirí néaltrú ar fud na tíre ag méadú go 36 freisin.”
Dheimhnigh an tAire O’Donnell freisin go ndéanfar 22% ar a laghad de na huaireanta nua tacaíochta baile go léir a imfhálú do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu.
Mar thoradh ar infheistíocht i seirbhísí pobail do dhaoine scothaosta, déanfar leathnú spriocdhírithe ar sheirbhísí lae, ar sheirbhísí faoisimh do chúramóirí agus ar an scéim cúraim agus deisiúcháin freisin.
Sláinte Phoiblí agus Sláinte Ionchuimsithe
Chun seirbhís chúraim sláinte inbhuanaithe atá réidh don todhchaí a fhorbairt, tá gá le béim mhéadaithe ar chosc, ag cumasú daoine chun dea-shláinte a chothabháil agus a chosaint. Déanann Buiséad 2026 tosaíocht d’fheachtais sláinte poiblí chun glacadh le vacsaíniú agus le scagthástáil a mhéadú, lena n-áirítear cláir chun dul i ngleic le murtall, leochaileacht, agus galar ainsealach.
Tá sé mar aidhm aige freisin seirbhísí drugaí agus sláinte ionchuimsithe a fheabhsú trí €11 mhilliún breise, rud a thabharfaidh aghaidh ar bhearnaí sa soláthar seirbhíse agus a mhéadóidh acmhainn i saoráidí cóireála cónaitheacha agus pobalbhunaithe.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor:
"Cuideoidh an t-airgead a infheisteofar i dtionscnaimh sláinte poiblí an bhliain seo chugainn le dúshraith láidir leagan le haghaidh thodhchaí níos folláine do chách. Caithfimid díriú ar iompar dearfach sláinte a chur chun cinn agus ar dhaoine óga a chosaint ar chonairí díobhálacha, mar sin táim thar a bheith sásta gur éirigh liom €200,000 a fháil d'fheachtas chun dul i ngleic le rátaí vápála i measc daoine óga. Cuirfidh an maoiniú chun sláinte agus folláine a fheabhsú le cur i bhfeidhm ár straitéise náisiúnta sláinte ghnéis, lena n-áirítear maoiniú do chógas PrEP (Próifiolacsas Réamhnochta) chomh maith le bearta chun dul i ngleic le murtall, agus tacaíochtaí méadaithe do bheathú cíche. De réir ghealltanas an Rialtais seo chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí, táim ag tacú freisin leis an gClár na mBéilí Te Scoile trí líon na nOifigeach Sláinte Comhshaoil a mhéadú chun iniúchtaí láidre a chinntiú.
"Tosaíonn dea-shláinte fiú amháin roimh bhreith, mar sin táim sásta gur éirigh liom maoiniú breise a fháil do thionscnaimh amhail an clár Tús Níos Fearr do leanaí an Lucht Siúil.
"Táim tiomanta freisin nach mbeidh suíomh mar bhac rochtana ar chúram tráthúil, ar ardchaighdeán, agus mar sin táim ag gealladh chun leanúint le seirbhísí drugaí agus sláinte ionchuimsithe a leathnú ar fud gach Réigiúin Sláinte, le béim ar leith ar cheantair thuaithe. Díreoidh an infheistíocht in 2026 freisin ar dhaoine i ngrúpaí leochaileacha, ag tabhairt aghaidh ar bhearnaí sa soláthar seirbhíse agus ag tacú le tuilleadh daoine chun torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach."