Molann an Príomhoifigeach Leighis (CMO) agus an Príomhoifigeach Altranais (CNO) do thuismitheoirí smaoineamh ar an vacsaín fliú séasúrach dá leanaí
- Foilsithe: 2 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Príomhoifigeach Leighis (CMO) an tOllamh Breda Smyth agus an Príomhoifigeach Altranais (CNO) Rachel Kenna ag iarraidh ar thuismitheoirí smaoineamh ar an vacsaín fliú séasúrach dá leanaí de réir mar a ardaíonn cásanna.
Cé go bhfuil líon na gcásanna de Víreas Sincítiach Riospráide (RSV) ag titim tar éis líon ard cásanna 734 a bhaint amach i lár mhí na Samhna, níl séasúr fliú na bliana seo tar éis an buaicphointe a bhaint amach go fóill.
Sa tseachtain go dtí an 27 Samhain, tháinig méadú 16% go 223 ar líon na gcásanna fliú. Bhí an cion is airde de chásanna RSV agus fliú i mbliana i leanaí faoi bhun 5 bliana d'aois, agus ina dhiaidh sin i ndaoine os cionn 65.
Tógann sé thart ar choicís go mbeidh an vacsaín fliú go hiomlán éifeachtach, agus moltar do thuismitheoirí an deis a ghlacadh chun cosaint a leanaí a threisiú roimh an Nollaig.
Fuair níos lú ná 10% de leanaí incháilithe idir 2 agus 17 mbliana d'aois a vacsaín go dtí seo i mbliana. Is beart tábhachtach é vacsaíniú an fhliú chun tinneas a chosc agus chun an brú breise ar ár n-ospidéil a laghdú.
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth:
“Tá imní orm faoin líon íseal leanaí atá ag glacadh leis an vacsaín fliú.
“Le linn an tséasúir fliú san Astráil le déanaí, b'ionann leanaí agus 60% de dhaoine san ospidéal, agus ba mhaith linn figiúirí den chineál céanna a sheachaint anseo.
“Tá go leor meascadh idirghlúine ann um Nollaig, a gcuirtear fáilte mhór roimhe ar ndóigh, ach tugann sé deis do víris an gheimhridh scaipeadh.
“Trí vacsaín a thabhairt do do leanbh, is féidir leat cabhrú le daoine aosta agus iad siúd atá leochaileach a chosaint. Má dhéanaimid go léir ár gcuid, cabhróidh sé linn gach duine a choinneáil slán an Nollaig seo.
Dúirt an Príomhoifigeach Altranais Rachel Kenna:
“Is sprae sróine é an vacsaín fliú do leanaí agus is féidir é a riar go tapa agus go héasca ag do dhochtúir teaghlaigh nó ag do chógaslann.
“Mholfainn do gach tuismitheoir smaoineamh ar an vacsaín a fháil dá leanaí. Ba mhaith liom a mheabhrú do gach duine freisin go bhfuil sé tábhachtach leanúint ar aghaidh ag cleachtadh na bpríomh iompraíochtaí a chuireann cosc ar scaipeadh víris gheimhridh, amhail lámha a ghlanach, masc a chaitheamh ar iompar poiblí agus béasaíocht riospráide mhaith a chleachtadh."
Nótaí chuig an Eagarthóir:
- Riartar an vacsaín fliú mar sprae sróine do leanaí idir 2 agus 17 mbliana d'aois.
- Tá an vacsaín ar fáil saor in aisce ó dhochtúirí teaghlaigh agus ó chógaslanna.
- Tá an vacsaín fliú ar fáil saor in aisce freisin do dhaoine atá 65 bliana d'aois nó níos sine, d'oibrithe cúram sláinte, do dhaoine atá ag iompar clainne, ag maireachtáil i dteach altranais nó i saoráid cúraim fhadtéarmaigh eile, do dhaoine atá i dteagmháil go rialta le muca, éanlaith chlóis nó éin uisce, ag maireachtáil le riocht sláinte a chuireann i mbaol níos airde iad, nó ag maireachtáil le duine a bhfuil riocht sláinte orthu a chuireann i mbaol níos airde iad