Figiúirí míosúla na liostaí feithimh – Aibreán 2025
- Foilsithe: 9 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2025
Léiríonn na figiúirí is déanaí maidir le liostaí feithimh ospidéil do mhí Aibreáin, a foilsíodh inniu ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, an dul chun cinn atá déanta trí chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil ó thaobh aghaidh a thabhairt ar thréimhsí fada feithimh le haghaidh cúraim. Léiríonn an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí, arna foilsiú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), go bhfuil leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta ann maidir le soláthar seirbhísí cúraim sceidealaithe agus seirbhísí cúraim neamhsceidealaithe.
Tríd na figiúirí a foilsíodh inniu, tá dul chun cinn le feiceáil, go háirithe ó thaobh na n-othar sin atá ag fanacht na tréimhsí is faide. Tá laghdú thart ar 5% tagtha ar líon iomlán na n-othar atá ag feitheamh níos mó ná 12 mhí ón tráth seo anuraidh, agus laghdú comhfhreagrach de thart ar 12% tagtha ar an líon othar atá ag feitheamh níos faide ná 18 mí.
Tá feabhsuithe suntasacha níos fadtéarmaí feicthe againn ar thréimhsí feithimh ó cuireadh tús le cur chuige ilbhliantúil Phlean Gníomhaithe na Liostaí Feithimh (WLAP) i Meán Fómhair 2021. D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill Plean Gníomhaithe na Liostaí Feithimh (WLAP) 2025 i mí Feabhra. Leis an bplean sin, léirítear tiomantas an rialtais do thréimhsí feithimh othar a laghdú, agus ar an gcaoi sin, rochtain ar chúram ospidéil a fheabhsú.
Léiríonn na figiúirí go raibh 713,930 othar ar an liosta feithimh gníomhach do chúram sceidealaithe ospidéil ag deireadh mhí Aibreáin 2025. Imríonn borradh an gheimhridh maidir le héileamh ar chúram neamhsceidealaithe tionchar ar sholáthar cúraim roghnach i míonna tosaigh na bliana, mar aon le leibhéil arda breoiteachta riospráide á scaipeadh. Mar sin féin, cé go bhfuil an méadú ar líon na liostaí feithimh go dtí seo mar a bhíothas ag súil leis agus é ina treocht ilbhliantúil réamh-mheasta, tá sé ag cobhsú anois.
Tá ospidéil ghéarmhíochaine na hÉireann ag seachadadh leibhéil níos airde gníomhaíochta agus ag cur cóireáil ar i bhfad níos mó othar ná riamh. Sa tuarascáil ghníomhaíochta rollach 12 mhí is déanaí ón ospidéal a d'fhoilsigh FSS, tugtar léargas ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus déantar na milliúin othar a fheiceáil agus a chóireáil gach bliain laistigh dár seirbhís ospidéil. Leagtar amach sa tuarascáil go raibh thart ar 3.9 milliún freastal ar Rannóg na nOthar Seachtrach (OPD) agus thart ar 1.9 milliún freastal ar Chásanna Othar Cónaitheach / Cásanna Lae (IPDC) ó Feabhra 2024 go Eanáir 2025. I gcomparáid leis na leibhéil gníomhaíochta a cuireadh ar fáil i rith na bliana iomláine 2023, léiríonn na huimhreacha seo ardú de thart ar 9% don OPD agus thart ar 5% don gníomhaíocht IPDC.
Chomh maith leis an gcúram pleanáilte seo, chuir ár n-ospidéil cóir leighis ar thart ar 1.8 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo i gcúram éigeandála, rud a léiríonn méadú thart ar 9% ar an mbliain iomlán 2023 agus léiríonn sé na héilimh leanúnacha ar ár n-ospidéil. D’fhéadfadh go gcuirfí roinnt obráidí roghnacha ar ceal mar thoradh ar fhreastal méadaithe ar rannóga éigeandála agus éileamh ar chúram neamhsceidealaithe, agus aithnítear an tionchar a bheidh aige seo ar othair.
Cuireadh thart ar 617k othar le liostaí feithimh na n-ospidéal, agus baineadh thart ar 577k othar de liostaí feithimh ár n-ospidéal géarmhíochaine sa bhliain go dtí seo. Cé nach mian leis an tSeirbhís Sláinte fás a fheiceáil ar líon na ndaoine atá ag feitheamh ar chúram, tá gné dhearfach ag baint leis an bhfás ar líon na n-atreoruithe chuig ár seirbhísí ospidéil toisc go léiríonn sé go bhfuil rochtain ag daoine ar na seirbhísí atá de dhíth orthu, feasacht mhéadaithe ar sheirbhísí agus léiríonn sé leathnú ar sheirbhísí chomh maith.
Do 2025, tá tuilleadh infheistíochta faighte chun leanúint leis an gcur chuige ilbhliantúil chun liostaí feithimh ospidéil ghéarmhíochaine a laghdú agus a athchóiriú. Le WLAP 2025, tá na chéad chéimeanna eile á nglacadh ag an Roinn Sláinte, ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála chun an cur chuige ilbhliantúil a fhorbairt i dtreo fís an rialtais seo de sheirbhís cúram sláinte poiblí a bhaint amach ina bhfuil rochtain thráthúil thrédhearcach ag gach duine ar sheirbhísí cúraim sceidealaithe d’ardchaighdeán, san áit cheart ag an am ceart.
Nótaí
Cuireadh tús leis an gcur chuige WLAP i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus tréimhsí feithimh ospidéil a laghdú agus athchóiriú a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe.
Tá an rialtas tiomanta d’amanna feithimh a laghdú tuilleadh, ag díriú ar gach othar a bheith le feiceáil laistigh den sprioc Sláintecare de 10 seachtaine i gcás Rannóg na nOthar Seachtrach agus 12 seachtaine do Chásanna Othar Cónaitheach / Cásanna Lae agus Ionscópacht Ghastraistéigeach (Scóipeanna IG).
Ag teacht leis an ngealltanas sin, tá maoiniú suntasach €420 milliún leithdháilte ar an bplean don bhliain 2025, €190 milliún don FSS agus €230 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) san áireamh.
D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill WLAP 2025 ar an 12 Feabhra. D'oibrigh an Roinn Sláinte go dlúth le FSS agus le Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála chun na gníomhartha agus na spriocanna sonracha a leagtar amach i WLAP na bliana seo a fhorbairt. In WLAP 2024 leagtar amach 25 ghníomh faoi na téamaí "Acmhainn a Sheachadadh", "Athchóiriú Cúraim Sceidealaithe a Chumasú" agus "Cúram Sceidealaithe a Athchóiriú"