Figiúirí míosúla maidir le liosta feithimh- Nollaig 2025
- Foilsithe: 14 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Eanáir 2026
D'fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) na figiúirí is déanaí ó liosta feithimh na n-ospidéal do mhí na Nollag inniu.
Díríonn na spriocanna uasta ama feithimh a leagtar amach i dtuarascáil Sláintecare 2017 de 10 seachtaine le haghaidh coinne othar seachtrach, agus 12 sheachtain le haghaidh gnáthamh Othar Cónaitheach nó Cás Lae (IPDC), ar an bhfad ama atá othair ag fanacht seachas ar líon na n-othar ar liostaí feithimh. Tá sé curtha i dtábhacht ag comhlachtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, gur méadracht níos tábhachtaí é an t-am feithimh ná líon iomlán na liostaí feithimh agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmíocht seirbhíse sláinte. Tá roinnt buntáistí ag baint le hamanna feithimh a laghdú ó thaobh an othair de, lena n-áirítear maolú a dhéanamh ar an mbaol go rachadh riochtaí in olcas agus go mbeadh torthaí sláinte níos measa mar thoradh air sin, agus feabhas a chur ar shástacht othar i soláthar cúraim.
Tá cur chuige an Phlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh (WLAP) a tionscnaíodh i mí Mheán Fómhair 2021 i gcomhréir leis an mbéim ar amanna feithimh, agus léirítear i bPlean Gníomhaíochta 2025 um Liostaí Feithimh tiomantas an Rialtais amanna feithimh d’othair a laghdú, agus ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar an rochtain ar chúram ospidéil.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an tseirbhís sláinte maidir leis an méid ama atá othair ag fanacht faoi chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil a laghdú, lena n-áirítear laghdú c. 58% nó c.164,000 níos lú othar atá ag feitheamh le breis agus 12 mhí ó Mheán Fómhair 2021.Sa tréimhse chéanna, tháinig feabhas c. 46% nó 5.6 mí ar an meán-am feithimh ualaithe a bhí othair ar fud liostaí feithimh ag fanacht.
D’ainneoin na béime ar amanna feithimh a fheabhsú, leanann athruithe ar mhéideanna liostaí feithimh de bheith ina dtáscairí maidir le feidhmíocht liostaí feithimh. Léirigh na méaduithe ar líon na liostaí feithimh go luath an bhliain seo caite treocht ilbhliantúil réamh-mheasta a d’eascair as an mborradh geimhridh ar an éileamh ar chúram neamhsceidealta agus éigeandála agus leibhéil ardaithe tinnis riospráide atá á scaipeadh.
Mar sin féin, lean méaduithe ar líon na liostaí feithimh ar aghaidh ar feadh formhór 2025, ag cobhsú i dtreo dheireadh na bliana agus laghduithe ar líon iomlán na liostaí feithimh ó mhí Dheireadh Fómhair le feiceáil sna figiúirí a foilsíodh inniu. Tá feabhsuithe tagtha freisin ar an méid ama atá othair ag fanacht ar fud liostaí sa tréimhse chéanna. Mar gheall ar mhéadú ar ghníomhaíocht othar seachtrach, méadófar atreoruithe chuig liostaí feithimh othar cónaitheach nó cásanna lae, agus cé go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-othar ar na liostaí sin, tá feabhas tagtha ar an méid ama atá siad ag fanacht.
Cé go bhfuil comharthaí dul chun cinn le feiceáil againn anois, leanfaidh an Roinn d'fheabhas a chur ar fheidhmíocht liostaí feithimh trí rannpháirtíocht leanúnach le FSS agus le NTPF. Áireofar leis seo rannpháirtíocht tríd an Tascfhórsa um Liostaí Feithimh, atá freagrach as rialachas agus cur i bhfeidhm WLAP 2025.
Tá méadú suntasach tagtha ar an éileamh ar chúram sceidealta le blianta beaga anuas, rud a sháraíonn na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim agus na hionchais dhéimeagrafacha. Cé nach mian leis an tseirbhís sláinte méadú a fheiceáil ar líon na ndaoine atá ag fanacht le cúram, tá gné dhearfach ag baint le méadú ar líon na n-atreoruithe chuig ár seirbhísí ospidéil sa mhéid is go léiríonn sé go bhfuil rochtain ag daoine ar na seirbhísí a theastaíonn uathu, go bhfuil feasacht mhéadaithe acu ar sheirbhísí agus go léiríonn sé leathnú ar sheirbhísí.
Tá an Roinn i dteagmháil le FSS agus le NTPF chun an plean gníomhaíochta do 2026 a chur i gcrích, ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, ag athnuachan an fhócais ar amanna feithimh a fheabhsú d'othair, agus ag smaoineamh ar an méid a foghlaimíodh ó na dúshláin a tháinig chun cinn in 2025.
Nótaí
Cuireadh tús leis an gcur chuige sa Phlean ilbhliantúil gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus tréimhsí feithimh ospidéil a laghdú agus athchóiriú a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe.
Tá an Rialtas tiomanta d’amanna feithimh a laghdú a thuilleadh, ag díriú ar gach othar a bheith le feiceáil laistigh den sprioc Sláintecare de 10 seachtaine i gcás OPD agus 12 seachtaine do chásanna IPDC agus Ionscópacht Ghastraistéigeach (Scóipeanna IG).
Leagtar amach 25 gníomh faoi na téamaí “Acmhainn a Sheachadadh”, “Athchóiriú Cúraim Sceidealta a Chumasú” agus “Cúram Sceidealta a Athchóiriú” sa WLAP 2025, arna fhoilsiú ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, an 12 Feabhra 2025.