Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Figiúirí míosúla na liostaí feithimh - Iúil 2025

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Lúnasa 2025
  • An t-eolas is déanaí: 15 Lúnasa 2025

Foilsíodh na figiúirí is déanaí maidir le liostaí feithimh ospidéil maidir le liostaí feithimh ospidéil do mhí an Mhárta ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) agus léiríonn siad an dul chun cinn atá déanta trí chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil ó thaobh aghaidh a thabhairt ar thréimhsí fada feithimh le haghaidh cúraim. Léiríonn an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí, arna foilsiú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), go bhfuil leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta ann maidir le soláthar seirbhísí cúraim sceidealaithe agus seirbhísí cúraim neamhsceidealaithe.

Léirítear leis na figiúirí a foilsíodh inniu, dul chun cinn leanúnach, lena n-áirítear i ndáil le líon na n-othar atá ag fanacht don tréimhse is faide. Tá laghdú thart ar 1% tagtha ar líon iomlán na n-othar atá ag feitheamh níos mó ná 12 mhí ón tráth seo anuraidh, agus laghdú comhfhreagrach de thart ar 10% tagtha ar an líon othar atá ag feitheamh níos faide ná 18 mí.

Tá feabhsuithe suntasacha níos fadtéarmaí feicthe ag an tseirbhís sláinte ar thréimhsí feithimh ó cuireadh tús le cur chuige ilbhliantúil Phlean Gníomhaithe na Liostaí Feithimh (WLAP) i Meán Fómhair 2021. D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill Plean Gníomhaithe na Liostaí Feithimh (WLAP) 2025 i mí Feabhra. Le WLAP, léirítear tiomantas an rialtais do thréimhsí feithimh othar a laghdú, agus ar an gcaoi sin, rochtain ar chúram ospidéil a fheabhsú.

Bhí na méaduithe i líon na liostaí feithimh a bhí le feiceáil ag tús na bliana mar chuid de threocht ilbhliantúil a rabhthas ag súil leis ón mbrú ar an éileamh sa Gheimhreadh do chúram neamhsceidealaithe agus éigeandála agus leibhéil mhéadaithe na mbreoiteachtaí riospráide a bhí ann. Tá tionchar i gcónaí ag na méaduithe sin ar na liostaí feithimh i mbliana, agus baineann cion de na méaduithe atá ann le déanaí le réiteach ar shaincheist tuairiscithe nuair a cuireadh c. 7k othar le liosta feithimh OPD dá bharr sin

Meastar go mbeidh na méaduithe i líon na liostaí feithimh níos cobhsaí agus tá comharthaí níos dearfaí sna figiúirí is déanaí. I bhfianaise na méaduithe ó dheireadh 2024 sa tréimhse ama a mbíonn na hothair ar liostaí ag feitheamh, tá feabhas leanúnach le feiceáil gach mí mar aon le i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Leanfaidh an Roinn ar aghaidh leis an teagmháil le FSS agus CNCC ar fheidhmíocht liostaí feithimh tríd an Tascfhórsa maidir le Liostaí Feithimh, atá freagrach as rialachas agus cur chun feidhme WLAP 2025.

Tá ospidéil ghéarmhíochaine na hÉireann ag seachadadh leibhéil níos airde gníomhaíochta agus ag cur cóireáil ar i bhfad níos mó othar ná riamh. Sa tuarascáil ghníomhaíochta rollach 12 mhí is déanaí ón ospidéal a d'fhoilsigh FSS, tugtar léargas ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus déantar na milliúin othar a fheiceáil agus a chóireáil gach bliain laistigh dár seirbhís ospidéil. Léirítear sa tuarascáil go raibh c. 4 mhilliún tinreamh OPD agus 1.93 tinreamh IPDC ó Bhealtaine 2024 go hAibreán 2025. I gcomparáid leis na leibhéil ghníomhaíochta a soláthraíodh sa bhliain iomlán 2023, tá na figiúirí sin ina méaduithe de thart ar 10% ar ghníomhaíocht i Rannóga na nOthar Seachtrach (OPD) agus de thart ar 5% ar ghníomhaíocht maidir le hothair chónaitheacha agus othair cásanna lae (IDPC).

Chomh maith leis an gcúram pleanáilte seo, chuir ár n-ospidéil cóir leighis ar thart ar c. 1.86 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo i gcúram éigeandála, rud a léiríonn méadú thart ar 10% ar an mbliain iomlán 2023 agus léiríonn sé na héilimh leanúnacha ar ár n-ospidéil. D’fhéadfadh roinnt cealuithe ar ghnáthaimh roghnacha a bheith mar thoradh ar thinreamh méadaithe RÉ agus ar éileamh méadaithe ar chúram neamhsceidealta, agus aithnítear an tionchar a bheidh aige sin ar othair.

Cé nach mian leis an tSeirbhís Sláinte fás a fheiceáil ar líon na ndaoine atá ag feitheamh ar chúram, tá gné dhearfach ag baint leis an bhfás ar líon na n-atreoruithe chuig ár seirbhísí ospidéil toisc go léiríonn sé go bhfuil rochtain ag daoine ar na seirbhísí atá de dhíth orthu, feasacht mhéadaithe ar sheirbhísí agus léiríonn sé leathnú ar sheirbhísí chomh maith.

Do 2025, tá tuilleadh infheistíochta faighte chun leanúint leis an gcur chuige ilbhliantúil chun liostaí feithimh ospidéil ghéarmhíochaine a laghdú agus a athchóiriú. Le WLAP 2025, tá na chéad chéimeanna eile á nglacadh ag an Roinn Sláinte, ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála chun an cur chuige ilbhliantúil a fhorbairt i dtreo fís an rialtais seo de sheirbhís cúram sláinte poiblí a bhaint amach ina bhfuil rochtain thráthúil thrédhearcach ag gach duine ar sheirbhísí cúraim sceidealaithe d’ardchaighdeán, san áit cheart ag an am ceart.

Nótaí

Cuireadh tús leis an gcur chuige sa Phlean ilbhliantúil gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus tréimhsí feithimh ospidéil a laghdú agus athchóiriú a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe.

Tá an Rialtas tiomanta d’amanna feithimh a laghdú a thuilleadh, ag díriú ar gach othar a bheith le feiceáil laistigh den sprioc Cúram Sláinte de 10 seachtaine i gcás Rannóg na nOthar Seachtrach agus 12 seachtaine do Chásanna Othar Cónaitheach / Cásanna Lae agus Ionscópacht Ghastraistéigeach (Scóipeanna IG).

Ag teacht leis an ngealltanas sin, tá maoiniú suntasach €420 milliún leithdháilte ar an bplean don bhliain 2025, €190 milliún don FSS agus €230 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) san áireamh.

D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill WLAP 2025 ar an 12 Feabhra. D'oibrigh an Roinn Sláinte go dlúth le FSS agus le CNCC chun na gníomhartha agus na spriocanna sonracha a leagtar amach i WLAP na bliana seo a fhorbairt. In WLAP 2024 leagtar amach 25 ghníomh faoi na téamaí "Acmhainn a Sheachadadh", "Athchóiriú Cúraim Sceidealaithe a Chumasú" agus "Cúram Sceidealaithe a Athchóiriú":

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat