Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Figiúirí míosúla na liostaí feithimh- Meitheamh 2025

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Iúil 2025
  • An t-eolas is déanaí: 14 Iúil 2025

Foilsíodh na figiúirí is déanaí inniu maidir le liostaí feithimh ospidéil do mhí an Mheithimh ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) agus léiríonn siad an dul chun cinn atá déanta trí chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil ó thaobh aghaidh a thabhairt ar thréimhsí fada feithimh le haghaidh cúraim. Léiríonn an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí, arna foilsiú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), go bhfuil leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta in ospidéil ann maidir le soláthar seirbhísí cúraim sceidealaithe agus seirbhísí cúraim neamhsceidealaithe.

Tríd na figiúirí a foilsíodh inniu, tá dul chun cinn le feiceáil, go háirithe ó thaobh na n-othar sin atá ag fanacht na tréimhsí is faide. Tá laghdú thart ar 4% tagtha ar líon iomlán na n-othar atá ag feitheamh níos mó ná 12 mhí ón tráth seo anuraidh, agus laghdú comhfhreagrach de thart ar 11% tagtha ar an líon othar atá ag feitheamh níos faide ná 18 mí.

Tá feabhsuithe suntasacha níos fadtéarmaí feicthe ag an tseirbhís sláinte ar thréimhsí feithimh ó cuireadh tús le cur chuige ilbhliantúil Phlean Gníomhaíochta na Liostaí Feithimh (WLAP) i Meán Fómhair 2021. D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill Plean Gníomhaíochta na Liostaí Feithimh (WLAP) 2025 i mí Feabhra. Leis an bplean sin, léirítear tiomantas an rialtais do thréimhsí feithimh othar a laghdú, agus ar an gcaoi sin, rochtain ar chúram ospidéil a fheabhsú.

Is treocht ilbhliantúil í an t-ardú ar na liostaí feithimh sa bhliain go dtí seo, nuair a bhíonn tionchar ag borradh an gheimhridh ar éileamh ar chúram neamhsceidealaithe ach tá comharthaí dearfacha le feiceáil maidir leis an am a bhíonn othair ag feitheamh, cé go bhfuil sé ag éirí níos faide ó thús na bliana, tá feabhas leanúnach le feiceáil mí ar mí, chomh maith má chuirtear i gcomparáid é leis an tréimhse chéanna an bhliain seo caite. Baineann cuid den mhéadú ar líon na ndaoine ar an liosta feithimh ó mhí na Bealtaine le hearráid tuairiscithe, a chuir thart ar 7k duine leis an liosta feithimh OPD.

Tá ospidéil ghéarmhíochaine na hÉireann ag seachadadh leibhéil níos airde gníomhaíochta agus ag cur cóireáil ar i bhfad níos mó othar ná riamh. Sa tuarascáil ghníomhaíochta rollach 12 mhí is déanaí ón ospidéal a d'fhoilsigh FSS, tugtar léargas ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus déantar na milliúin othar a fheiceáil agus a chóireáil gach bliain laistigh dár seirbhís ospidéil. Leagtar amach sa tuarascáil go raibh thart ar 4 milliún freastal ar Rannóg OPD, agus thart ar 1.93 milliún freastal mar Chásanna IPDC ó Aibreán 2024 go Márta 2025. I gcomparáid leis na leibhéil ghníomhaíochta a seachadadh i rith na bliana 2023 san iomlán, léiríonn na figiúirí seo méadú thart ar 9% do ghníomhaíocht OPD agus thart ar 5% do ghníomhaíocht IPDC.

Chomh maith leis an gcúram pleanáilte seo, chuir ár n-ospidéil cóir leighis ar thart ar 1.85 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo i gcúram éigeandála, rud a léiríonn méadú thart ar 10% ar an mbliain iomlán 2023 agus léiríonn sé na héilimh leanúnacha ar ár n-ospidéil. D’fhéadfadh go gcuirfí roinnt nósanna imeachta roghnacha ar ceal mar thoradh ar fhreastal méadaithe ar rannóga éigeandála agus éileamh ar chúram neamhsceidealaithe, agus aithnítear an tionchar a bheidh aige seo ar othair.

Cé nach mian leis an tSeirbhís Sláinte fás a fheiceáil ar líon na ndaoine atá ag feitheamh ar chúram, tá gné dhearfach ag baint leis an bhfás ar líon na n-atreoruithe chuig ár seirbhísí ospidéil toisc go léiríonn sé go bhfuil rochtain ag daoine ar na seirbhísí atá de dhíth orthu, feasacht mhéadaithe ar sheirbhísí agus léiríonn sé leathnú ar sheirbhísí chomh maith.

Do 2025, tá tuilleadh infheistíochta faighte chun leanúint leis an gcur chuige ilbhliantúil chun liostaí feithimh ospidéil ghéarmhíochaine a laghdú agus a athchóiriú. Déanann an Tascfhórsa um Liostaí Feithimh monatóireacht ar an WLAP 2025 ar bhonn leanúnach, chomh maith len é a stiúradh. Le WLAP 2025, tá na chéad chéimeanna eile á nglacadh ag an Roinn Sláinte, ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála chun an cur chuige ilbhliantúil a fhorbairt i dtreo fís an rialtais seo de sheirbhís cúram sláinte poiblí a bhaint amach ina bhfuil rochtain thráthúil thrédhearcach ag gach duine ar sheirbhísí cúraim sceidealaithe d’ardchaighdeán, san áit cheart ag an am ceart.

Nótaí

Cuireadh tús leis an gcur chuige sa Phlean ilbhliantúil gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus tréimhsí feithimh ospidéil a laghdú agus athchóiriú a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe.

Tá an rialtas tiomanta d’amanna feithimh a laghdú tuilleadh, ag díriú ar gach othar a bheith le feiceáil laistigh den sprioc Sláintecare de 10 seachtaine i gcás OPD (Rannóg na nOthar Seachtrach) agus 12 seachtaine do Chásanna IPDC (Othar Cónaitheach / Cásanna Lae) agus Ionscópacht Ghastraistéigeach (Scóipeanna IG).

Ag teacht leis an ngealltanas sin, tá maoiniú suntasach €420 milliún leithdháilte ar an bplean don bhliain 2025, €190 milliún don FSS agus €230 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) san áireamh.

D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill WLAP 2025 ar an 12 Feabhra. D'oibrigh an Roinn Sláinte go dlúth le FSS agus le Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála chun na gníomhartha agus na spriocanna sonracha a leagtar amach i WLAP na bliana seo a fhorbairt. In WLAP 2024 leagtar amach 25 ghníomh faoi na téamaí "Acmhainn a Sheachadadh", "Athchóiriú Cúraim Sceidealaithe a Chumasú" agus "Cúram Sceidealaithe a Athchóiriú."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat