Figiúirí míosúla maidir le liosta feithimh- Samhain 2025
- Foilsithe: 12 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Nollaig 2025
D'fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) na figiúirí is déanaí ó liosta feithimh na n-ospidéal do mhí na Samhna inniu.
Díríonn na spriocanna uasta ama feithimh a leagtar amach i dtuarascáil Sláintecare 2017 de 10 seachtaine le haghaidh coinne othar seachtrach, agus 12 sheachtain le haghaidh gnáthamh Othar Cónaitheach nó Cás Lae, ar an bhfad ama atá othair ag fanacht seachas ar an líon othar atá ar liostaí feithimh. Tá sé curtha i dtábhacht ag comhlachtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, gur méadracht níos tábhachtaí é an t-am feithimh ná líon iomlán na liostaí feithimh agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmíocht seirbhíse sláinte. Tá roinnt buntáistí ag baint le hamanna feithimh a laghdú ó thaobh an othair de, lena n-áirítear maolú a dhéanamh ar an mbaol go rachadh riochtaí in olcas agus go mbeadh torthaí sláinte níos measa mar thoradh air sin, agus feabhas a chur ar shástacht othar i soláthar cúraim.
Tá cur chuige an Phlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh (WLAP) a tionscnaíodh i mí Mheán Fómhair 2021 i gcomhréir leis an mbéim ar amanna feithimh, agus léirítear i bPlean Gníomhaíochta 2025 um Liostaí Feithimh tiomantas an Rialtais amanna feithimh d’othair a laghdú, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an rochtain ar chúram ospidéil.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an tseirbhís sláinte maidir leis an méid ama atá othair ag fanacht faoi chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil a laghdú, lena n-áirítear laghdú c. 56% nó c.159,000 níos lú othar atá ag feitheamh le breis agus 12 mhí ó Mheán Fómhair 2021.Sa tréimhse chéanna, tháinig feabhas c. 45% nó 5.5 mí ar an meán-am feithimh ualaithe a bhí othair ar fud liostaí feithimh ag fanacht.
D’ainneoin an fhócais ar amanna feithimh a fheabhsú, leanann athruithe ar mhéideanna liostaí feithimh de bheith ina dtáscairí maidir le feidhmíocht liostaí feithimh. Léirigh na méaduithe ar líon na liostaí feithimh go luath sa bhliain treocht ilbhliantúil réamh-mheasta a d’eascair as an mborradh geimhridh ar an éileamh ar chúram neamhsceidealta agus éigeandála agus leibhéil ardaithe tinnis riospráide a scaiptear.
Mar sin féin, chonaiceamar méadú leanúnach ar líon na liostaí feithimh i rith na bliana, agus is cosúil go bhfuil siad cobhsaí anois mar a bhíothas ag súil leis, agus laghdú beag ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair le feiceáil i líon iomlán na liostaí feithimh sna figiúirí a foilsíodh inniu. Tá feabhas tagtha freisin ar an Meán-Am Feithimh Ualaithe ar fud na liostaí feithimh sa tréimhse chéanna.
Cé go bhfuil comharthaí dul chun cinn le feiceáil againn anois, leanfaidh an Roinn d'fheabhas a chur ar fheidhmíocht liostaí feithimh trí rannpháirtíocht leanúnach le FSS agus le NTPF. Áireofar leis seo rannpháirtíocht tríd an Tascfhórsa um Liostaí Feithimh, atá freagrach as rialachas agus cur i bhfeidhm WLAP 2025. Tríd an Tascfhórsa, tá gníomhartha agus idirghabhálacha spriocdhírithe sonracha á gcur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar fheidhmíocht liostaí feithimh thar an gcuid eile den bhliain.
Tá na bearta seo ag tógáil ar ghníomhartha atá ar bun cheana féin agus ag cur leis, agus áirítear leo úsáid iomlán Mhol Máinliachta Bhaile Átha Cliath Theas a bhrostú agus raon na speisialtachtaí a chlúdaíonn sé a leathnú, a chinntiú go bhfeictear líon níos mó othar lasmuigh den liosta feithimh Othar Seachtrach tríd an gcóimheas Nua le Fillte a fheabhsú, agus conair an othair a bharrfheabhsú trí chur i bhfeidhm atreoruithe láraithe agus úsáid iomlán na mbeartas náisiúnta d’othair nár fhreastail (DNA) agus nach féidir leo freastal (CNA) a chur chun cinn.
Dírítear go háirithe idir seo agus deireadh na bliana ar an acmhainneacht ar fad a sholáthraítear ó na tionscnaimh sin a uasmhéadú agus an ghníomhaíocht bhreise sin a dhíriú ar othair atá ag feitheamh le níos mó ná 12 mhí agus orthu siúd is faide atá ag fanacht le cúram, chun a chinntiú go gcoimeádfar an dul chun cinn a léirítear sna figiúirí is déanaí agus go bhfeabhsófar é.
Tá méadú suntasach tagtha ar an éileamh ar chúram sceidealta le blianta beaga anuas, rud a sháraíonn na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim agus na hionchais dhéimeagrafacha. Cé nach mian leis an tseirbhís sláinte méadú a fheiceáil ar líon na ndaoine atá ag fanacht le cúram, tá gné dhearfach ag baint le méadú ar líon na n-atreoruithe chuig ár seirbhísí ospidéil sa mhéid is go léiríonn sé go bhfuil rochtain ag daoine ar na seirbhísí a theastaíonn uathu, go bhfuil feasacht mhéadaithe acu ar sheirbhísí agus go léiríonn sé leathnú ar sheirbhísí.
Tá an Roinn i dteagmháil le FSS agus le NTPF chun an plean gníomhaíochta do 2026 a fhorbairt, ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, ag athnuachan an fhócais ar amanna feithimh a fheabhsú d'othair, agus ag smaoineamh ar an méid a foghlaimíodh ó na dúshláin a tháinig chun cinn in 2025.
Nótaí
Cuireadh tús leis an gcur chuige sa Phlean ilbhliantúil gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus tréimhsí feithimh ospidéil a laghdú agus athchóiriú a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe.
Tá an Rialtas tiomanta d’amanna feithimh a laghdú a thuilleadh, ag díriú ar gach othar a bheith le feiceáil laistigh den sprioc Cúram Sláinte de 10 seachtaine i gcás Rannóg na nOthar Seachtrach agus 12 seachtaine do Chásanna Othar Cónaitheach / Cásanna Lae agus Ionscópacht Ghastraistéigeach (Scóipeanna IG).
Ag teacht leis an ngealltanas sin, tá maoiniú suntasach €420 milliún leithdháilte ar an bplean don bhliain 2025, €190 milliún don FSS agus €230 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) san áireamh.
Leagtar amach 25 gníomh faoi na téamaí “Acmhainn a Sheachadadh”, “Athchóiriú Cúraim Sceidealta a Chumasú” agus “Cúram Sceidealta a Athchóiriú” sa Phlean Oibre um Chúram Sceidealta 2025, arna fhoilsiú ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, an 12 Feabhra.