Nuashonrú ar Chlár Vacsaínithe COVID-19
- Foilsithe: 25 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2024
- tosóidh an vacsaíniú pobail mar a bhí beartaithe i lár mhí Feabhra, faoi réir cead rialála
- 143,000 dáileog carnach den vacsaín arna riaradh go 24 Eanáir
Dheimhnigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly go gcuirfear tús le vacsaíniú an triú ghrúpa i Straitéis Leithdháilte Vacsaíní i mí Feabhra. Faoin Straitéis Leithdháilte Vacsaíní, vacsaínfear daoine 70 bliain d’aois agus níos sine san ord seo a leanas: 85 agus níos sine, 80-84, 75-79, 70-74.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Dheimhníomar inniu go dtosófar an clár vacsaínithe pobail i mí Feabhra, faoi réir cead rialála AstraZeneca. In ainneoin an chur isteach a rabhthas ag súil leis ar sheachadtaí, a fógraíodh ar Dé hAoine 22 Eanáir, gheobhaidh Éire seachadadh den vacsaín AstraZeneca laistigh den raon a bhfuil súil leis do mhí Feabhra, ag cuid íochtarach an raoin sin. Is dóigh go mbeidh tionchar níos mó ar sheachadadh i mí an Mhárta agus go mbeidh sé i bhfad níos ísle ná an méid a dhearbhaigh an comhlacht i dtosach. Leanaimid orainn ag tabhairt tosaíochta dóibh siúd is leochailí i leith COVID-19 inár sochaí i gcomhthéacs soláthar teoranta vacsaíní.
“Faoi láthair ní gá do dhaoine aon ghníomh ar leith a dhéanamh. Tosóidh an chéad chéim eile dár gclár vacsaínithe dóibh siúd atá 85 bliana d’aois agus níos sine agus déanfar é a riar ar dtús trí Dhochtúirí Teaghlaigh ina gclinicí. Tá feachtas eolais poiblí á ullmhú ag FSS a sholáthróidh na sonraí riachtanacha go léir roimh ré agus a chinnteoidh go mbeidh a fhios ag gach duine cathain, cá háit, agus conas a vacsaín a fháil.
“Idir an dá linn, is é an tosaíocht i gcónaí vacsaínithe a chríochnú dóibh siúd is leochailí i leith ionfhabhtú COVID-19. Tá dáileog amháin faighte cheana féin ag gach cónaitheoir féideartha tí altranais agus tá an dara dáileog faighte ag cuid acu. Is tosaíocht iad oibrithe cúram sláinte freisin. Tabharfar an dara dáileog sna seachtainí atá amach romhainn do 77,000 oibrí cúram sláinte. Leanaimid orainn ag rolladh amach an chéad agus an dara dáileog dár n-oibrithe cúram sláinte sa líne tosaigh atá fágtha le linn mhí Feabhra.
“Ní raibh ár bhfoirne vacsaínithe in ann vacsaíniú a dhéanamh ar roinnt cónaitheoirí agus oibrithe i dtithe altranais a raibh COVID-19 acu le déanaí, nó iad siúd a vacsaíniú i roinnt saoráidí ina raibh ráigeanna an-mhór ann. Ba mhaith liom na baill foirne agus na cónaitheoirí sin a chur ar a suaimhneas go dtabharfar tosaíocht agus vacsaíniú dóibh a luaithe is féidir, agus de réir na dtreoirlínte a dhréachtaigh ár gComhairle Chomhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh.
“Rinne FSS 143,000 dáileog vacsaíne a riar go dtí Dé Domhnaigh, 24 Eanáir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le FSS, baill an Tascfhórsa Ardleibhéil ar Vacsaíniú COVID-19, agus a bhfoirne, as an iarracht agus an tiomantas atá á gcur isteach acu i rolladh amach éifeachtach an chláir vacsaínithe. Mar a chonaiceamar le cúpla lá anuas, sna céimeanna luatha seo is féidir le rudaí athrú go tapaidh agus ní mór dúinn seachadadh a thógáil mórthimpeall ar sholáthar. Tuigeann gach duine atá bainteach leis tábhacht an chláir seo don tír. Tá gach rud is féidir a dhéanamh á dhéanamh, agus déanfar é, chun é a sheachadadh.
“Tá suim ollmhór inár gclár vacsaínithe, agus fáiltítear roimh sin. Gheall mé le déanaí figiúirí laethúla a sholáthar don phobal mar tá trédhearcacht iomlán tábhachtach. Chuir FSS in iúl go bhfuil riaráiste figiúirí le hionchur agus le bailíochtú. Tá sé ag obair go crua chun úsáid iomlán a bhaint as an gcóras vacsaínithe TF agus ag an bpointe sin beidh sé in ann nuashonruithe a sholáthar.”