English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonrú ar sheachadtaí vacsaín COVID-19 - Dé Céadaoin, an 21 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 22 Aibreán 2021

De réir straitéis chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann, déanfar gach vacsaín atá ar fáil a dháileadh a thapúla agus is féidir ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de, agus tús áite a thabhairt dóibh siúd is leochailí do COVID-19.

Tá an clár bunaithe ar phrionsabail na sábháilteachta, na héifeachtachta agus na cothroime, agus é ina chuspóir breoiteacht throm, daoine a thabhairt chun ospidéil agus básanna de bharr ionfhabhtú COVID-19 a laghdú.

Cuireadh fáilte mhór roimh an bhfógairt a rinne an Coimisiún Eorpach an tseachtain seo caite go bhfuil dlús mór á chur faoi sheachadadh vacsaín BioNTech-Pfizer, agus tá na chéad dáileoga le seachadadh go hÉirinn i rith na seachtaine dar tús an 26 Aibreán 2021.

Seo a leanas nuashonrú ar an líon iomlán vacsaíní a seachadadh go hÉirinn, go dtí Dé hAoine, an 16 Aibreán 2021, an lá sin san áireamh.

Tréimhse Pfizer Moderna AstraZeneca Janssen Iomlán
Go dtí deireadh Mhárta 2021 737,100 109,200 340,800 1,187,100
Aibreán 2021
Seachtain 14 2021 135,720 135,720
Seachtain 15 2021 136,890 14,400 14,400* 165,690
Iomlán 1,009,710 109,200 355,200 14,400* 1,488,510
  • Déanfaidh an CCIN breithniú go luath ar an bhfógairt a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach maidir le Vacsaín COVID-19 Janssen.

Amhail Dé Luain, an 19 Márta, tugadh 1,219,487 dáileog de vacsaín in Éirinn.

D’iarr Moderna Inc go gcoimeádtar 50% dá vacsaín siar chun an dara dáileog a thabhairt. Ar an gcuma chéanna, tá an méid cuí maolán bailithe agus á choimeád siar do na vacsaíní go léir eile lena chinntiú go bhfuil an dara dáileog ar fáil don tseachtain seo chugainn. Déantar thart ar 95% de na vacsaíní go léir atá ar fáil a thabhairt faoi láthair laistigh de sheacht lá i ndiaidh dóibh Éire a iontráil.