Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonrú ar sheachadtaí vacsaín COVID-19 - Dé Céadaoin, an 31 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 6 Aibreán 2021

De réir straitéis chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann, déanfar gach vacsaín atá ar fáil a dháileadh a thapúla agus is féidir ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de, agus tús áite a thabhairt dóibh siúd is leochailí do COVID-19.

Tá an clár bunaithe ar phrionsabail na sábháilteachta, na héifeachtachta agus na cothroime, agus é ina chuspóir breoiteacht throm, daoine a thabhairt chun ospidéil agus básanna de bharr ionfhabhtú COVID-19 a laghdú.

Seo a leanas nuashonrú ar an líon iomlán vacsaíní a seachadadh go hÉirinn, go dtí Dé hAoine, an 26 Márta 2021, an lá sin san áireamh.

Tréimhse
Pfizer
Moderna
AstraZeneca
Iomlán
Go dtí Deireadh Feabhra
393,120
40,800
86,400
520,320
Már-21
Seachtain 092021
57,330
36,000
93,330
Seachtain 102021
60,840
84,000
144,840
Seachtain 112021
59,670
27,600
9,600
96,870
Seachtain 12 2021
83,070
12,000
95,070
Iomlán
654,030
68,400
228,000
950,430

Amhail Dé Domhnaigh, an 28 Márta, tugadh 806,541 dáileog de vacsaín in Éirinn.

D’iarr Moderna Inc go gcoimeádtar 50% dá vacsaín siar chun an dara dáileog a thabhairt. Ar an gcuma chéanna, tá an méid cuí maolán bailithe agus á choimeád siar do na vacsaíní go léir eile lena chinntiú go bhfuil an dara dáileog ar fáil don tseachtain seo chugainn. Déantar thart ar 95% de na vacsaíní go léir atá ar fáil a thabhairt faoi láthair laistigh de sheacht lá i ndiaidh dóibh Éire a iontráil.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat